Hóisé 3
3
Buaine Ghrá an Tiarna
1“Imigh leat arís,” arsa an Tiarna liom, “tabhair grá do bhanadhaltrach a ghránn fear eile, faoi mar a thugann an Tiarna grá do chlann Iosrael, cé go n‑iompaíonn siad chun déithe eile agus go bhfuil dúil acu i gcístí rísíní.” 2Cheannaigh mé dom féin í mar sin ar chúig sheicil déag airgid agus ómar go leith eorna. 3Dúirt mé léi ansin: “Beidh ort lonnú liom go ciúin go ceann mórán laethanta eile gan aon striapachas a dhéanamh agus gan tú a bheith ag aon fhear eile agus gan aon chaidreamh agamsa leat ach oiread.”
4Mar ar feadh mórán laethanta fágfar clann Iosrael gan rí, gan flaith, gan íobairt, gan liagán, gan éafód, gan íola tí. 5Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh).
Выбрано:
Hóisé 3: ABN
Выделить
Копировать
Сравнить
Поделиться
Хотите, чтобы то, что вы выделили, сохранялось на всех ваших устройствах? Зарегистрируйтесь или авторизуйтесь
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.