1
Lúcás 13:24
An Bíobla Naofa 1981
ABN
“Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é.
Сравнить
Изучить Lúcás 13:24
2
Lúcás 13:11-12
Agus bhí an bhean seo ann a raibh anspiorad inti á déanamh tinnlag le hocht mbliana déag; bhí sí cromtha ar a chéile agus gan ar chumas di seasamh díreach ar chor ar bith. Nuair a chonaic Íosa í, ghair sé chuige í agus dúirt léi: “A bhean, tá tú fuascailte ó dʼéagruas,”
Изучить Lúcás 13:11-12
3
Lúcás 13:13
agus chuir sé a lámha uirthi. Agus díríodh suas láithreach í, agus thosaigh sí ag tabhairt glóire do Dhia.
Изучить Lúcás 13:13
4
Lúcás 13:30
Agus féach, tá daoine ar deireadh a bheidh ar tosach, agus tá daoine ar tosach a bheidh ar deireadh!”
Изучить Lúcás 13:30
5
Lúcás 13:25
Tar éis dʼfhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’
Изучить Lúcás 13:25
6
Lúcás 13:5
Níor mhó, deirim libh, ach millfear sibh uile mar an gcéanna mura mbíonn aithrí déanta agaibh.”
Изучить Lúcás 13:5
7
Lúcás 13:27
Ach déarfaidh sé: ‘Deirim libh, níl a fhios agam cad as daoibh. Beirigí uaim, sibhse uile a dhéanann an éagóir!’
Изучить Lúcás 13:27
8
Lúcás 13:18-19
Agus dúirt sé: “Cad leis a bhfuil ríocht Dé cosúil? Cad leis a gcuirfidh mé i gcomparáid í? Tá sí cosúil le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chaith sé uaidh ina gharraí, agus dʼfhás sé agus rinne crann mór de agus chuaigh éanlaith an aeir ar foscadh ina chraobhacha.”
Изучить Lúcás 13:18-19