Matha 3

3
1Ba sna laethanta úd a tháinig Eoin Baiste, ag seanmóireacht i bhfásach Iúdaea, 2“Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas i bhfogas daoibh.” 3Mar is é sin an té ar labhair an fáidh Ísáia air nuair a dúirt sé,
“Glór duine ag glaoch ar an bhfásach:
Ullmhaígí slí an Tiarna,
dírígí na cosáin roimhe.”
4Anois bhíodh éadach de rón camaill ar Eoin, agus crios leathair ar a chom; agus lócaistí agus mil bheach fiáin mar bhia aige. 5Ba ansin a chuaigh a raibh in Iarúsailéim agus ar fud Iúdaea agus sa cheantar cois Iornáin go dtí é, 6gur bhaist sé in abhainn an Iornáin iad, agus iad ag admháil a bpeacaí os ard.
7Ach nuair a chonaic sé cuid mhór de na Fairiséigh agus de na Sadúicéigh ag teacht chuige le baiste a fháil, is é a dúirt sé leo, “A shliocht úd na nathracha! Cé a thug mar rabhadh daoibh éalú ón díbheirg atá le teacht? 8Tugaigí an toradh is dual don aithrí, 9agus ná bíodh sé de dhánacht agaibh a rá in bhur n‑intinn féin, ‘Is é Abracham is athair dúinn’; mar táim á insint daoibh, go bhféadann Dia na clocha seo a chur ina seasamh agus clann Abrachaim a dhéanamh díobh. 10Agus anois féin tá béal na tua leagtha anuas ar bhun na gcrann; agus beidh an crann nach dtugann dea-thoradh uaidh á ghearradh anuas agus á chaitheamh isteach sa tine.
11“Bímse do bhur mbaisteadh in uisce chun aithrí, ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is mó é ná mise, agus ní fiú mé a chuaráin a iompar; déanfaidh seisean bhur mbaist­eadh leis an Spiorad Naomh agus leis an tine. 12Tá an dallán ina láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus cruinneoidh sé a chruithneacht isteach san iothlainn, ach loiscfidh sé an cháith i dtine nach múchtar.”
13Ba é sin an t‑am ar tháinig Íosa ó Ghalailí go hlornán chuig Eoin ionas go mbaistfeadh seisean é. 14Rinne Eoin iarracht ar chúl a chur air, agus dúirt sé, “Cad chuige duit teacht chugam, agus gnótha agam bheith do mo bhaisteadh agatsa?” 15Ach is é an freagra a thug Íosa air, “Ná diúltaigh mé anois; mar is mar sin is cóir dúinn a dhéanamh leis an bhfíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Ghéill sé dó ansin. 16Agus nuair a bhí Íosa baiste, chuaigh sé suas as an uisce gan mhoill, agus bʼshiúd doirse na bhflaitheas á n‑oscailt go bhfaca sé Spiorad Dé ag teacht anuas chuige mar a bheadh colm ann ag tuirlingt air; 17agus bʼshiúd an glór ó neamh, á rá, “Is é seo mo mhac ionúin; a bhfuil toil agam ann.”

Obecnie wybrane:

Matha 3: OC1970

Podkreślenie

Udostępnij

Kopiuj

None

Chcesz, aby twoje zakreślenia były zapisywane na wszystkich twoich urządzeniach? Zarejestruj się lub zaloguj

YouVersion używa plików cookie, aby spersonalizować twoje doświadczenia. Korzystając z naszej strony, wyrażasz zgodę na używanie przez nas plików cookie zgodnie z naszą Polityką prywatności