Matha 6
6
Caibidil VI
Leanaidh an tseanmóir ar dhaónacht, 5 urnuighe, 16 trosgadh, 24 shaidhbrios, 33 righeachd De.
1Tarbhraidh bhur naire nach deúntáoi bhur ndeirc á bhfiadhnuisi dáoine, do chum go bhfaicfidís sibh: nó ní bhfuighthí lúaidheachd ó bhur Nathair atá air neamh. 2Ar a nadhbharsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luchd an fhúarchrábhaigh ann sna sionagógaibh agus ann sna sraideannaibh, do chum go bhfuighidís glóir ó dhaóinibh. Go firinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil a dtúarasdal aca. 3Achd an tan do ní túsa deírc, na biodh a fhios aigad laímh chli creúd do ní do lámh dheas: 4Do chum go mbiadh do dhéirc a bhfolach: agus do bhéaruidh Hathair do chí a bhfolac luaidheáchd dhuit ós áird.
5Agus an tan do ní tú urnuighe, na bi mar luchd an fhúarchrábbaigh: óir is ionmhain léo urnuighthe dheúnamh sna sionagógaibh agus a gcomhrac na ród na seasamh, do chum go bhfaicfidis na dáoine iád. Go deimhin a deirimsi ribh, Go bhfuil a dtúarusdal aca. 6Achd cheana, an tan do ni tusa urnuighe, imthigh a sdeach aun do sheómra, agus ar dhunadh do dhoruis duit, guidh Hathair féin ata a bhfolach; agus do bhéaraidh Hathair do chí a bhfolach luáigheachd ós áird duit. 7Achd cheana ag déunamh urnuighe dháoibh, na bithi rochainnteach, mar na cineadhacha: óir saoílidh síad go neisdfidhthear riu anna a niomad bríathar. 8Uime sin na samhlaighthear sibh riu: oír atá a fhios ag bhur Nathair fein cía híad na neither atá duireasbhaigh oruibh ní is tásoga na iárfuighthí air iád. 9Air a nadhbharsin déanaidhsi bhur nurnúighe mar so. Ar Nathaír atá ar neamh, Náomthar hainm. 10Tigheadh do ríoghachd. Deúntar do thoil ar an ttalamh, mar do nithear ar neamh. 11Ar narán laéthamhail tabhair dhúinn a niu. 12Agus maith dhuinn ar bhfíacha, mar mhaithmídne dar bhréitheamhnuibh féin. 13Agus na léig sinn a ccathughadh, achd sáor inn ó olc: Oir is leachd féin an ríoghachd, agus an chúmhachd, agus an ghloír, go siórruighe. Amen. 14Oir ma mhaithi a gcionnta do dháonibh, maithfidh bhur Nathair neámhdha dáoibhsi mar an gcéadna: 15Achd muna maithtisi a gcionta do na dáoinibh, ni mhaithfidh bhur Nathair féin dáoibhsi bhur gcionta.
16Agus an tan do nithi trosgadh, na bidhidh grúama, mar luchd an fhúarchrabháidh: óir dorchuidhid siád a naighthe, do chum go madh follus dona dáoinibh iád do throsgadh. A deirimsi ribh go fírrineach, Go bhfuil a ttúarasdal aca. 17Ach cheana, an tan do dheana tusa trosgadh, cuir ola ar do cheann, agus ionnail haghaidh; 18Do chum nach budh follas dona dáoinibh go ndéanann tú trosgadh, achd dod Athair atá a bhfolach: agus do bhéuraidh Hathair, do chí a bhfolach, lúaidheachd dhuit ós aírd.
19Na cruinnighidh ionnmhas ar an ttalamh, mar a ttrúaillean an léoghan agus an mheirg é, agus mar a ttochlaid agus mar a ngoidid na biothamhnuigh: 20Achd cruinnighidh ionnmhas dháoibh féin air neamh, ós ann nach dtruáilleann an míoll críon ná an mheirg, agus nach tochlaid agus nach goidid na gaduidhthe: 21Oír goidh bé ball iona bfuil bhur nionnihas, is ann sin bhiás bhur gcroidhe mar an gcéadna. 22Sí an tsúil solas an chuirp: uime sin ma bhíonn do shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach. 23Achd dá raibh do shúil go holc, biaidh do chorp uile dorcha. Air a nadhbharsin ma atá an solus atá ionnad na dhorchadus, créud é méud an dorchaduis sin!
24Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon. 25Ar a nadhbharsin a deirimsi ribh, Na bidhidh lán do chúram a ttimcheall bhur mbeatha, créud íosdáoi, nó iobhtháoi; na a ttimcheall bhur gcuirp, creúd chuirfi umaibh. A né nach mó an tanam na an bíadh, agus an corp ná an téudach? 26Féachaigh ar éunlaith a naiéir: oír ni chuirid siól, agus ní bheanuid siád, agus ní chruinnighid síad ann an sgíobólaibh; gidheadh beathaighidh bhur Nathair neamhdhasa iád. A né nach fear sibhsi go mór na iádsan? 27Agus cía agaibh lé na iomad curium fhéadas áonbhannlamh do chur lé na aírde féin? 28Agus créud fa a bhfuiltí rochúramach a ttimcheall bhur gculadh? Foghlomaidh cionnas fhásaid lilighe an mhachaire; ní dhéunaid síad saóthar, agus ní shníomhaid síad: 29Gidheadh a deirimsi ribh, Nach raibh Solomh féin gon a uile ghlóir ar na eúdughadh mar aón díobh so. 30Agus, ma eúduigheann Día mar sin luibh an mhachaire, áta a niugh ann, agus a márach ar na theilgein sa núamhain, a né nach mó na sin sibhsi, a dhaóine beigchreidmheacha? 31Uime sin na bídhidh lán do chúram, ag rádh, Créd iósam? no, Créd iobhom? no, Créd chuirfeam umainn? 32(Oír a siád so uile iárruid na Cinidheacha:) óir áta a fhios ag bhur Nathair neamhdha go bhfuil a ríachdanas so uile oraibh. 33Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh. 34Uime sin na bíodh rochúram oruibh timcheall an laói máruigh: óir biaidh a sháith curium air an lá a márach timcheall a neithe féin. Is lór do lá a olc féin.
Markert nå:
Matha 6: Bedell
Marker
Kopier
Sammenlign
Del
Vil du ha høydepunktene lagret på alle enhetene dine? Registrer deg eller logg på
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)