I Ccorintiánach 3

3
Caibidil III
Is comhluchd oibre do Dhía, na mínisdridh; 11 achd Criosd fein bunair an chreidimh.
1Agus a dhearbhraithreacha, níor bhféidir leamsa labhairt ribhse mar dháoinibh sbioradálta, achd mar dháoinibh colluidhe, amhuil náoidheanuibh a Gcríosd. 2Do bheathaidh mé sibh re bainne, agus ní ré bíadh: óir níor bhféidir libh fós a ghabháil chugaibh, agus a nois féin ní féidir libh.
3Oír atá sibh fós colluidhe: oír ó atá tnúth, agus imreasuin, agus aimhreiteach eadruibh, a né nach bhfuilti colluidhe, agus nach siobhlann sibh do réir dháoine? 4Oír an tan a deir neach, As lé Pól misi; agus neach eile, As le Apollos misi; a né nach bhfuiltí colluidhe? 5Oír cía hé Pól? Agus cía hé Apollos, achd na mínisdrí tré ar chreideabhair, agus do réir mar tug an Tighearna do ghach áoinneach? 6Do phlanndaigh misi, do chraith Apollos an tuisge; achd a sé Día tug an fás. 7Ar a nadhbharsin ní bhfuil éifeachd sa tí phlanndaigheas, na fós sa tí chroitheas an tuisge; achd a Ndía do bheir an fás. 8Agus is ionnan an tí phlanndaigheas, agus an tí chroitheas an tuisge: agus do ghéubhaidh gach áon a thúarasdal do réir a sháothair. 9Oír is cómhluchd oibre do Dhía sinne: is sibhse treabhaire Dé, agus áitreabh Dé.
10Do reir ghrás Dé tugadh dhamhsa, do chuir mé an fhonndameint, mar mhaighisdir íulmhar oibre, agus tógbhuidh neach eile obair air. Gidheadh tabhradh gach áon dá aire cionnus thógbhus sé a nobair. 11Oír ní héidir ré háoinneach fonndameint ar bith eile do chur, táobh amuigh don fhonndameint atá ar na chur cheana, eadhon Iósa Críosd. 12Agus dá dtógbhuidh áoinneach ar an bhfonndameintsi ór, airgead, clocha uáisle, adhmad, féur, no connlach; 13Do dhéuntar obair gach áonduine follus: óir foillseochaidh an lá é, do bhrígh go madh léir é ris an dteine; agus foillseócháidh an teine cionnus bhías obair gach éunduine. 14Da nanaidh obair áonduine noch do thóg sé ar an bhfonndameint, do ghéubhaidh se túarasdal. 15Má loisgear obair éunduine, rachaidh a sháothar amúgha: gidheadh sáorfuighthear é féin; achd sin fós amhúil tré theine.
16A né nach bhfuil a fhios aguibh gur sibh teampoll Dé, agus go gcómhnuigheann Shiorad Dé ionnaibh? 17Má thruáilligheann einneach teampoll Dé, sgriosfuidh Día an tí sin; óir atá teampoll Dé náomhtha, noch as sibhse.
18Na mealladh éinneach é féin. Má chithear déunduine aguibh é féin do bheith glic sa tsáoghalsa, bíodh sé na amadán, ionnus go mbíadh se glic. 19Oír is aimhghliocas ré Día gliocas an tsáoghalsa. Oír atá sgríobhtha, Greamuidhe sé na dáoine glioca ann a slighthibh féin. 20Agus a rís, Atá a fhios ag an Dtighearna, gur díomháoineach smuáintighe na ndáoineadh glioc. 21Uime sin na déunadh áoinneach máoithfeachas ar dháoinibh. Oír is libhse na huile neithe; 22Da madh é Pól é, nó Apollos, nó Céphas, nó an sáoghal, nó beatha, nó bás, nó na neithe atá do lathair, nó na neithe atá chum teachda; is libhse íad uile. 23Agus as lé Críosd sibhse; agus as le Dia Críosd.

Marker

Kopier

Sammenlign

Del

None

Vil du ha høydepunktene lagret på alle enhetene dine? Registrer deg eller logg på