I Ccorintiánach 2
2
Caibidil II
Gur fearr thuighthear Criosd ar na cheasadh, le obair Spioraid Dé ar an chróidhe, agus lé mirbhuilibh; no le úrlabhra millse.
1Uime sin, ar dteachd damhsa chugaibh, a dhearbhráithreacha, ní ré hóradh-bríathar na re gliocas, tháinic me dfóillsiughadh fíadhnuise Dé dhíbh. 2Oír níor léig mé oram féin bhur measgsa eólas do bheith agum air ní ar bith, achd amháin air Iósa Críosd, agus é fós ar na chéusadh. 3Agus do bhí mé bhur measgsa a néugcrúas, agus a neagla, agus a gcriothnughadh mhór. 4Agus ní raibh mo chomhrádh ná mo sheanmóir a millseachd bhríathar an ghliocais dáonna, achd a bhfoillsiughadh dhearbhthachd chúmhachda na Spioraide: 5Ionnus nach bíadh bhur gcreideamhsa a ngliocas na ndáoine, achd a gcúmhachd Dé.
6Gidheadh fós lábhramáoid go héagnuidhe a measg na ndáoineadh iomlána: bíodh nach do réir éagna an tsáoghailse, nó phrionnsadh an tsáoghailse, atá ag dul amúgha: 7Achd labhramáoid éagna Dé a seicreid, a néagna fholaigheach, noch do orduigh Día roimh an tsáoghal chum ar nglóirinne: 8A néagna nar bhaithne dáoinneach do phrionnsaidhibh an tsáoghailse: óir dá madh aithne dhóibh í, ní chéusfaidís Tighearna na glóire go bráth. 9Achd do réir mar atá sgriobhtha, Ní fhacaidh súil, agus ní chuálaidh clúas, agus nír smuain croídhe duine, na neithe do ullmhuigh Día don druing ghrádhaigheas é. 10Gidheadh achd do fhoillsigh Día dhúinne íad tré na Spioraid: oír sgrúdáighe an Spiorad na huile neithe, agus fós, neithe doimhne Dé. 11Oír cía hé an neach aga bhfuil fios na neitheann is lé duine, achd amháin ag an spioraid atá sa duine? as mar an gcéudna ní bhfuil fios na neitheann is ré Día ag áoinneach, achd amháin ag Spioraid Dé. 12Gidheadh ní hé spiorad an tsáoghail, do ghabhamairne chugainn, achd an spiorad atá ó Dhía; ionnus go mbíadh fios na neitheann aguinn noch do tíodhlaiceadh dhúinn ó Dhía. 13Noch fhoillsighemid mar an gcéudna, ní a mbríathraibh theaguisgeas an gliocas dáonna, achd a mbríathraibh theaguisgeas an Spiorad Náomh; ag coimhcheangal na neitheann spioradálta ré chéile. 14Achd ní feas don duine nádúrtha na neithe thig ó Spiorad Dé: óir as aimhghliocas ris íad: agus fós ní féidir leis a bhfios do bheith aige, do bhrígh gur go sbioradalta aitheantar iad. 15Gidheadh is léir don duine sbioradalta na huile neithe, agus fós ní bhfuil féin fa bhreith áonduine. 16Oír cía daithin inntinn an Tighearna, noch dó bheuradh teagusg dhó? Achd atá inntinn Chríosd aguinne.
Markert nå:
I Ccorintiánach 2: Bedell
Marker
Kopier
Sammenlign
Del
Vil du ha høydepunktene lagret på alle enhetene dine? Registrer deg eller logg på
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)