Salm 148
148
Moladh leis an Tiarna
1 Alleluia.
Molaigí an Tiarna ó na flaithis,
molaigí é sna spéartha!
2Molaigí é, a aingle Dé,
Molaigí é, a shluaite go léir!
3Molaigí é, a ghrian is a ghealach,
molaigí é, a réaltaí lonracha!
4Molaigí é, a fhlaitheasa is airde,
agus a uiscí atá os cionn na bhflaitheas!
5Molaidís ainm an Tiarna,
le hordú uaidh a cruthaíodh iad.
6Shocraigh sé go brách iad;
thug sé dlí dóibh nach rachaidh ar ceal.
7Molaigí an Tiarna ón talamh,
a mhíolta mhóra agus a dhuibheagána go léir!
8A thine is a chloichshneachta, a shneachta is a cheobhrána,
a anfaí gaoithe a chomh-líonann a bhriathar,
9a shléibhte agus a chnoca uile,
a chranna toraidh agus a chéadrasa!
10A ainmhithe allta agus clóis,
a phéisteanna agus a éanlaith an aeir!
11A ríthe agus a náisiúna na cruinne,
a fhlatha an domhain is a bhreithiúna!
12A ógánacha agus a chailíní,
a sheanóirí agus a leanaí le chéile,
13molaigí ainm an Tiarna!
óir is é amháin is airde,
agus sáraíonn a ainm
neamh agus talamh in éineacht.
14Dʼardaigh sé neart a phobail;
bíonn a naoimh uile dá mholadh;
molann clann Iosrael é,
an pobal atá ina fhogas.
Alleluia!
လက္ရွိေရြးခ်ယ္ထားမွု
Salm 148: ABN2012
အေရာင္မွတ္ခ်က္
မၽွေဝရန္
ကူးယူ
မိမိစက္ကိရိယာအားလုံးတြင္ မိမိအေရာင္ခ်ယ္ေသာအရာမ်ားကို သိမ္းဆည္းထားလိုပါသလား။ စာရင္းသြင္းပါ (သို႔) အေကာင့္ဝင္လိုက္ပါ
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.