Salm 149
149
Amhrán Bua
1 Alleluia.
Canaigí amhrán nua don Tiarna;
moltar é i gcomh-thionól na bhfíréan.
2Déanadh Iosrael gairdeas faoina gcruthaitheoir;
bíodh ríméad ar chlann Shíón faoina Rí.
3Molaidís a ainm le rince;
déanaidís ceol ar an gcláirseach is ar an gcruit.
4Óir tugann an Tiarna taitneamh dá phobal;
tugann sé an bua do lucht na huirísle.
5Bíodh gairdeas ina nglóir ag na fíréin;
canaidís le lúcháir ina leapacha.
6Bíodh mórmholtaí Dé ina mbéal acu;
agus claíomh an dá fhaobhar ina láimh.
7Dʼfhonn díoltas a agairt ar na ciníocha,
agus diansmacht a chur ar na náisiúin,
8Dʼfhonn a ríthe a cheangal i gcuibhreacha,
agus a n‑uaisle i ngeimhleacha iarainn,
9Dʼfhonn breithiúnas a chur i bhfeidhm mar a ceapadh dóibh;
is í an ghlóir seo atá i ndán dá naoimh uile.
လက္ရွိေရြးခ်ယ္ထားမွု
Salm 149: ABN2012
အေရာင္မွတ္ခ်က္
မၽွေဝရန္
ကူးယူ
မိမိစက္ကိရိယာအားလုံးတြင္ မိမိအေရာင္ခ်ယ္ေသာအရာမ်ားကို သိမ္းဆည္းထားလိုပါသလား။ စာရင္းသြင္းပါ (သို႔) အေကာင့္ဝင္လိုက္ပါ
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.