Salm 147
147
Amhrán Molta agus Buíochais do Dhia as
ucht Atógáil Iarúsailéim
1 Alleluia.
A
Molaigí an Tiarna toisc gur maith é;
canaigí Salm dár nDia toisc gur grámhar é;
is dó-san is dual ár moladh.
2Tá an Tiarna ag atógáil Iarúsailéim;
tá sé ag bailiú díbeartaigh Iosrael le chéile.
3Leigheasann sé lucht an chroí bhriste;
agus déanann a gcréachtaí a cheangal.
4Socraíonn sé líon na réaltaí;
ainmníonn sé ina gceann is ina gceann iad.
5Is mór é ár nDia agus is mór é a neart;
níl teorainn ar bith lena eagna.
6Ardaíonn an Tiarna na daoine ísle;
agus leagann sé ar lár na hurchóidigh.
7Canaigí don Tiarna le buíochas;
seinnigí moladh ar an gcruit dár nDia,
8an té a chlúdaíonn na spéartha le néalta;
agus a thugann an fhearthainn don talamh.
Cuireann sé an féar ag fás ar na sléibhte;
agus luibheanna chun fónamh don duine.
9Tugann sé a gcuid do na beithígh;
agus beathaíonn gearrcaigh na bhfiach nuair a ghlaonn siad air.
10Ní hé neart an eich is aoibhinn leis;
ná ní hiad cosa an duine is taitneamhach leis.
11Tugann an Tiarna taitneamh do lucht a eaglaithe;
don dream ar muinín leo a thrócaire.
B
12Tabhair moladh don Tiarna, a Iarúsailéim;
tabhair moladh do do Dhia, a Shíón.
13Óir dhaingnigh sé sparraí do dhoirse;
agus bheannaigh sé do chlann atá istigh ionat.
14Rinne sé síocháin i do chríocha;
agus tugann do sháith de phlúr na cruithneachta duit.
15Cuireann sé a aithne ag triall ar an talamh;
agus gluaiseann a bhriathar go lántapaidh.
16Scaipeann sé sneachta amhail olann;
croitheann sé cuisne amhail luaithreach.
17Leathann sé a leac oighir ina blúirí;
cé a fhéadann a fhuacht a fhulaingt?
18Cuireann sé a bhriathar uaidh dá leá;
agus a ghaoth a choscairt an tsneachta.
19Dʼfhoilsigh sé a bhriathar do Iacób;
a reachtanna agus a fhoraitheanta dʼIosrael.
20Ní dhearna sé amhlaidh dʼaon chine eile;
níor nocht sé a reachtanna dóibh.
လက္ရွိေရြးခ်ယ္ထားမွု
Salm 147: ABN2012
အေရာင္မွတ္ခ်က္
မၽွေဝရန္
ကူးယူ
မိမိစက္ကိရိယာအားလုံးတြင္ မိမိအေရာင္ခ်ယ္ေသာအရာမ်ားကို သိမ္းဆည္းထားလိုပါသလား။ စာရင္းသြင္းပါ (သို႔) အေကာင့္ဝင္လိုက္ပါ
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.