Na Sailm 110
110
Salm 110.
Dixit Dominus.
1Is é dúirt an Tiarna le mo Ṫiarna: Suiġ ar mo láiṁ ḋeas, go gcuire mé do naiṁde mar stól faoi do ċosa.
2Sínfiḋ an Tiarna slat do ċuṁaċta as Síón: bíoḋ an réim agat, go fiú i gceartlár do naṁad.
3I lá tionóla do ṡlua beiḋ do ṁuintir á dtairiscint féin go deontaċ naoṁ‑ó‑mósaċ: beiḋ dʼógḟir mar ḋrúċt na maidine ann.
4Ṫug an Tiarna mionn, agus ní ḃeiḋ aiṫreaċas air: Is sagart tú go síoraí de réir oird Ṁelcisadec.
5Beiḋ an Tiarna ar do ṫaoḃ ḋeas: ag gonaḋ na ríṫe féin i lá a ḟeirge.
6Taḃarfaiḋ sé breiṫiúnas i measc na bpágánaċ; beiḋ na háiteanna lán aige de ċoirp ṁarḃa: déanfaiḋ sé ḋá leaṫ de luċt ceannais na seaċt dtíorṫa.
7Ólfaiḋ sé as an sruṫán ar an slí: dá ḃrí sin ardóiḋ sé a ċeann.
Terpilih Sekarang Ini:
Na Sailm 110: OC1965G
Highlight
Salin
Bandingkan
Kongsi
Ingin menyimpan sorotan merentas semua peranti anda? Mendaftar atau log masuk
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965