YouVersion logotips
Meklēt ikonu

Maitiú 3

3
Caibidil III
Seanmóireacht Eoin: baisteann sé Críost.
1Acht ins na laethe sin tháinic Eoin Baiste ag seanmóireacht i bhfásach Iudaia,
2Agus ag rádh: Déanaigidh aithrighe#3, 2 Déanaigidh aithrighe. Poenitentiam agite (Gr. Metanoeite). Do réir na Scrioptúirí agus na n-Aithreach Naomhtha, cialluigheann an focal sin ní amháin aithrighe agus leasughadh beatha, acht pionós mar throscadh agus a leithéidí eile de cholann-smacht mar shásamh ins na peacaidhe a rinneadh.;#Marc. 1, 4; Lúc. 3, 3. óir tá ríoghacht na bhflaitheas druidthe linn.
3Óir is é seo an té ar labhradh air tré Isaias, fáidh, a dubhairt: Guth duine ag glaodhach san fhásach:#Isaias 40, 3; Marc. 1, 3; Lúc. 3, 4. Ullmhuighigidh slighe an Tighearna; déanaigidh díreach a chasáin.
4Bhí culaith de fhionnadh camall ar Eoin é féin, agus crios leathair fá n-a choim; agus ba lócuistí agus mil fhiadhain a bhiadh.
5An uair sin théigheadh Ierusalem, agus Iudaia go h-uile, agus an ceanntar go h-uile thart fá’n Iordáin amach chuige.#Marc. 1, 5.
6Agus bhaisteadh sé iad san Iordáin, agus iad ag admháil a bpeacaidhe.
7Agus nuair a chonnaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadducaigh#3, 7 fairisínigh agus...Sadducaigh. Dhá aicme iad sin a bhí ar na h-Iúdaigh. Bhí an chéad dream iomráidhteach mar bhréagchráibhthigh, agus dearcadh leathan ag an dream eile ar chúrsaí creidimh. ag teacht chuig a bhaisteadh, dubhairt sé leo: A shliocht#Lúc. 3, 7. naithreach nimhe, cé thaidhbhsigh díbh-se teicheadh ó’n fheirg atá le theacht?
8Ar an adhbhar sin, tabhairigidh uaibh toradh is dual do’n aithrighe.
9Agus ná samhluighigidh a rádh libh féin: Tá Abraham ina athair againn;#Eoin 8, 39. óir deirim-se libh gur féidhir do Dhia clann a thógáil do Abraham as na clocha sin.
10Tá an tuagh leagtha cheana féin ar bhun na gcrann: Ar an adhbhar sin, gach crann nach dtabhrann déagh-thoradh, gearrfar agus caithfear san teinidh é.
11Baistim-se#Marc. 1, 8; Lúc. 3, 16; Eoin 1, 26; Gníomh. 1, 5. sibh leoga le h-uisce chun aithrighe; acht an té atá le theacht i mo dhiaidh, is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga d’iomchar: baistfidh seisean sibh leis an Spioradh Naomh agus le teinidh.
12Agus tá a shluasad cháithte ina láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus cruinneochaidh sé a chruithneacht isteach san scioból, acht dóighfidh sé an cháith le teinidh dho-mhúchta.
13Annsin tháinic Íosa#Marc. 1, 9. ó’n Gailile go dtí an Iordáin chuig Eoin le baisteadh d’fhagháil uaidh.
14Acht chuir Eoin ina aghaidh, ag rádh: Is damh-sa ba chóir baisteadh d’fhagháil uait-se; agus an amhlaidh atá tusa ag teacht chugam-sa?
15Acht d’fhreagair Íosa é agus dubhairt leis: Ceaduigh é an uair seo: óir is mar seo is cuibhe dúinn gach dá bhfuil cóir a chóimhlíonadh. Annsin ghéill sé dó.
16Nuair a bhí Íosa baistthe tháinic sé aníos láithreach as an uisce, agus féach, foscladh na flaithis dó, agus chonnaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas i riocht colmáin,#Lúc. 3, 22. agus ag tuirling air.
17Agus féach, guth as na flaithis ag rádh: Is é seo mo Mhac dílis ina bhfuil mo mhór-thaitneamh.#Marc. 1, 11; Lúc. 9, 35; 2 Pead. 1, 17.

Pašlaik izvēlēts:

Maitiú 3: ASN1943

Izceltais

Dalīties

Kopēt

None

Vai vēlies, lai tevis izceltie teksti tiktu saglabāti visās tavās ierīcēs? Reģistrējieties vai pierakstieties

Lai personalizētu tavu pieredzi, YouVersion izmanto sīkfailus. Izmantojot mūsu vietni, tu piekrīti, ka mēs izmantojam sīkfailus, kā aprakstīts mūsu Privātuma politikā