성경 앱 로고
검색 아이콘

Na Sailm 124

124
Salm 124.
Nisi quia Dominus.
1Murab é go raiḃ an Tiarna é féin ar ár dtaoḃ, féadann Iosrael a rá anois: murab é go raiḃ an Tiarna ar ár dtaoḃ, nuair a dʼéiriġ na daoine inár n‑aġaiḋ;
2Ḃíomar slogṫa beo ina gcraos: le méid a ḃfíoċa agus a ḃfeirge linn.
3Báḋ sinn gan aṁras sna huiscí: ċuaiġ an sruṫ ṫar ár n‑anam.
4Ċuaiġ uiscí doṁaine luċt an díomais: ṫarainn go fiú ár n‑anama.
5Aċ molaḋ leis an Tiarna: nár lig leo sinn mar ċreaċ dá ḃfiacla.
6Ṫáinig ár n‑anam slán mar ṫagann an t‑éan as dol an ḟiagaí: bristear an dol, agus táimid fuascailte.
7Is é Ainm an Tiarna ár gcúnaṁ: Ainm an Té a rinne neaṁ agus talaṁ.

선택된 구절:

Na Sailm 124: OC1965G

하이라이트

복사

비교

공유

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요