성경 앱 로고
검색 아이콘

Na Sailm 125

125
Salm 125.
Qui confidunt.
1An drong a ċuireas a muinín sa Tiarna, beiḋ siad mar ṡliaḃ Ṡíóin: naċ féidir a ċorraí, aċ a ḃíos ina ṡeasaṁ daingean go deo.
2Bíonn na cnoic ina seasaṁ timpeall Iarúsalem: is ar an nós ċéanna a ḃíos an Tiarna ina ṡeasaṁ timpeall a ṗobail, anois agus go bráċ.
3Óir ní ḟanfaiḋ fearann an ḟíréin faoi ṡlait an ḟir oilc: ar eagla go gcuirfeaḋ na fíréin a láṁa in urċóid.
4Déan maiṫ, a Ṫiarna: do na deaḋaoine agus do ḋrong an ċroí ḟír.
5Aċ an dream a ḟilleas faoi ḋéin a n‑oilc féin: beiḋ an Tiarna á dtiomáint amaċ i gcuideaċta luċt na míġníoṁarṫa; aċ beiḋ an tsíoċáin ar Iosrael.

선택된 구절:

Na Sailm 125: OC1965G

하이라이트

복사

비교

공유

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요