성경 앱 로고
검색 아이콘

Na Sailm 123

123
Salm 123.
Ad te levavi oculos meos.
1Is ċugat ardaím mo ṡúile: ċugatsa atá i do ċónaí sna neaṁa.
2Féaċ, mar ḃíos súile na seirḃíseaċ ar láiṁ a máistir, agus súile an ċailín ar láiṁ a máistreása: is aṁlaiḋ bíonn ár súile ag feiṫeaṁ lenár dTiarna Dia, go dtí go ndéana sé trócaire orainn.
3Déan trócaire orainn, a Ṫiarna, déan trócaire orainn: ó táimid faoi ḋíṁeas ar fad.
4Tá a ṡáiṫ ag ár n‑anam de aċasán ṫarcaisniúil luċt an tsaiḃris: agus de ḋíṁeas drong an díomais.

선택된 구절:

Na Sailm 123: OC1965G

하이라이트

복사

비교

공유

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요