Logo YouVersion
Icona Cerca

Maitiú 1

1
Caibidil I
Geinealach Chríost: gabhadh agus rugadh ó óigh é.
1Leabhar geinealaigh Íosa Críost, mac Dháibhidh,#Lúc. 3, 31. mac Abrahaim.
2Ghein Abraham#Gein. 21, 3. Isaac. Agus ghein Isaac#Gein. 25, 25. Iacób. Agus ghein Iacób#Gein. 29, 35. Iúdas agus a dhearbhráithre.
3Agus ghein Iúdas#Gein. 38, 29; 1 Par. 2, 4. Páres agus Sára ó Thámar. Agus ghein Páres#Rút. 4, 18; 1 Par. 2, 5. Esron. Agus ghein Esron Aram.
4Agus ghein Aram Aminadab, agus ghein Aminadab#Uimh. 7, 12. Naasson. Agus ghein Naasson Salmon.
5Agus ghein Salmon Boos ó Rachab. Agus ghein Boos#Rút. 4, 22. Obed ó Rút. Agus ghein Obed Iesse.
6Agus ghein Iesse#1 Rígh. 16, 1. Dáibhidh, an rí. Agus ghein Dáibhidh,#2 Rígh. 12, 24. an rí, Salomon uaithe siúd a bhí mar mhnaoi ag Urías.
7Agus ghein Salomon#3 Rígh. 11, 43. Roboam. Agus ghein Roboam#3 Rígh. 14, 31. Abias. Agus ghein Abias#3 Rígh. 15, 8. Asa.
8Agus ghein Asa Iósaphat. Agus ghein Iósaphat Ióram. Agus ghein Ióram Osías.
9Agus ghein Osías#2 Par. 26, 23. Ióatam. Agus ghein Ióatam#2 Par. 27, 9. Achas. Agus ghein Achas#2 Par. 28, 27. Esechías.
10Agus ghein Esechías#2 Par. 32, 33. Mhanasses. Agus ghein Manasses#2 Par. 33, 25. Amon. Agus ghein Amon#2 Par. 33, 25. Iósías.
11Agus ghein Iósías#2 Par. 36, 2. Iechonías agus a bhráithre le linn na h-imirce chun na Baibileoine.
12Agus i ndiaidh na h-imirce chun na Baibileoine ghein Lechonías Salatiel. Agus ghein Salatiel Sorobabel.
13Agus ghein Sorobabel Abiud. Agus ghein Abiud Eliacim. Agus ghein Eliacim Asor.
14Agus ghein Asor Sadoc. Agus ghein Sadoc Achim. Agus ghein Achim Eliud.
15Agus ghein Eliud Eleásar. Agus ghein Eleásar Mátan. Agus ghein Mátan Iacób.
16Agus ghein Iacób Ióseph, fear-chéile Mhuire#1, 16 Fear-chéile MhuireNí geinealach na Maighdine Muire acht geinealach Ióseph a bheir an Soiscéalaidhe dúinn, óir ní raibh sé ma ghnás ag na h-Eabhraigh geinealach mná o’áireamh. Acht ó bhí gar-ghaol ag an dís dá chéile. Lérigheann geinealach duine acu geinealach an duine eile.; ó n-a rugadh Íosa dá ngoirtear Críost.
17Dá bhrigh sin, na geinealacha uilig ó Abraham go Dáibhidh is ceithre glúine déag iad: agus ó Dháibhidh go h-imirce na Baibileoine ceithre glúine déag: agus ó imirce na Baibileoine go Críost ceithre glúine déag.
18Ba mar seo a bhí geineamhaint Chríost: Nuair a bhí Muire, a mháthair, luaidhte le h-Ióseph,#Lúc. 1, 27. sul a dtáinic siad i dteannta a chéile, fuarthas í ag iomchar cloinne ó’n Spiorad Naomh.
19Acht mar gur dhuine cóir Ióseph, a fear, Agus nár mhaith leis a cliú a bhaint dí, ba mhian leis í a chur uaidh i ngan fhios.
20Acht nuair a bhí sé ag machtnamh ar na neithe sin, féach, d’fhoillsigh aingeal an Tighearna é féin dó i n-aisling, ag rádh: A Ióseph, a mhic Dhaibhidh, ná bíodh eagla ort Muire, do bhain-chéile, a ghlacadh chugat: óir an neach atá ar n-a gabháil inntí, is ó’n Spiorad Naomh é.
21Agus béarfaidh sí mac, Agus béarfaidh tusa Íosa mar ainm air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n-a bpeacaidhe.
22Agus thárla seo uilig ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhairt an Tighearna fríd an fháidh a dubhairt:
23Féach, béidh maighdean ag iomchar cloinne,#Isaias 7, 14. agus béarfaidh sí mac, agus bhéarfaidh siad Emmanuel air mar ainm, rud a chialluigheas, Dia maille linn.
24Agus ar mhuscladh as a chodladh do Ióseph, rinne sé mar d’órduigh aingeal an Tighearna dó, agus ghlac sé chuige a bhain-chéile.
25Agus níor aithin sé í go dtí go rug sí a mac, a céid-ghein#1, 25 Go dtí go rug sí a mac, a céid-gheinDe thairbhe na bhfocal sin dubhairt Helbhidius agus eiricigh eile go diamhaslach go raibh tuilleadh cloinne ag an Mhaighdin Bheannuighthe i ndiaidh Chríost. Acht taisbeánann N. Searom le mórán somplaí nach raibh i n-abairt an tSoiscéalaridhe acht nós cainnte a bhíodh i n-úsáid imeasc na n-Eabhrach. Ní fhuil de bhrígh leis an fhocal “go dtí” acht an rud nár tárla a chur i n-iúl, gan aon bhaint a bheit aige leis an am a bhí le theacht. Deirtear gur chuir Naoi fiach amach agus bar phill an fiach go dtí gur thriomuigh an taíamh. (Gein. 8, 6-7.) B’é ba chiall le sin, nár phill an fiach ar chor ar bith. Léightear i n-áit eile (Isaias 46, 4): “Deir Dia: tá mise ann go dtí go mbéidh tusa aosta.” Cé a mbéadh sé de dhánacht ann a rádh nach raibh Dia ann ina dhiaidh sin? Léightear arís (1 Machab. 5, 54): agus chuaidh siad suas ar Shliabh Síon le h-áthas agus lúthgháir, agus d’ofráil siad íodhbartha, de bhrígh nár marbhadh aoinneach acu go dtí go dtáinic siad abhaile fá shíothcháin. B’é sin le rádh nár mharbhadh aoinneach sul a dtáinic siad, ná ma dhiaidh sin. Deir Dia le n-a Mhac: Suidh ar mo dheis go dtí go gcuiridh mé do náimhde ina stól faoi do chosa. An é nach suidhfidh sé annsin i ndiaidh a bhuaidhe ar a náimhde? Suidhfidh, agus ar feadh na síorraidheachta. Cruthuigheann N. Searom fosta, ó shompbaí as an Scrioptúir, go ngoirtí céid-ghein de aon-mhac, gan duine ar bith eile cloinne a bheith ar an teaghlach ma dhiaidh, óir do réir an Dlighe choisreacthaí an chéid-ghein mhic do’n Tighearna. “Coisreac damh-sa,” ars an Tighearna, “gach céid-ghein a thig as an bhroinn imeasc Chlann Israéil.” (Ecs. 13, 2.) , agus thug sé Íosa mar ainm air.

Attualmente Selezionati:

Maitiú 1: ASN1943

Evidenziazioni

Condividi

Copia

None

Vuoi avere le tue evidenziazioni salvate su tutti i tuoi dispositivi?Iscriviti o accedi

YouVersion utilizza i cookie per personalizzare la tua esperienza. Utilizzando il nostro sito Web, accetti il nostro utilizzo dei cookie come descritto nella nostra Privacy Policy