1
Marcus 9:23
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
Agus aduḃairt Íosa leis, Má’s féidir leat! Is féidir gaċ uile niḋ do’n té ċreideas.
Konpare
Eksplore Marcus 9:23
2
Marcus 9:24
Agus ar an láṫair do ġlaoḋ aṫair an ḃuaċalla, agus aduḃairt, Creidim‐se; fóir‐se ar m’easbaiḋ creidiṁ.
Eksplore Marcus 9:24
3
Marcus 9:28-29
Agus nuair ṫáinig sé isteaċ sa tiġ, d’ḟiafruiġ a ḋeisceabail de, fá rún, Cad ċuige nár ḟéadamar‐ne an spioraid úd do ḋíbirt as? Agus aduḃairt sé leo, Ní féidir a leiṫéid‐siúd do ḋíbirt aċt le h‐urnaiġe agus le troscaḋ.
Eksplore Marcus 9:28-29
4
Marcus 9:50
Is maiṫ an niḋ salann: aċt má ḃíonn an salann gan ḃlas, cad leis an ndéanfaiḋ siḃ deaġ‐ḃlasta é. Bíoḋ salann ionnaiḃ féin agaiḃ agus bíoḋ síoṫċáin eadraiḃ.
Eksplore Marcus 9:50
5
Marcus 9:37
Cibé duine ġlacfas ċuige im’ ainm‐se leanḃ d’á leiṫéid seo, is mise ġlacas sé ċuige, agus cibé duine ġlacas mise ċuige, ní mise ġlacas sé, aċt an té do ċuir uaiḋ mé.
Eksplore Marcus 9:37
6
Marcus 9:41
Agus cibé duine ḃéarfas cupán uisce le n’ól daoiḃ im’ ainm‐se, de ḃriġ gur daoine le Críost siḃ, adeirim liḃ go fírinneaċ, naċ gcaillfiḋ sé a luaċ‐saoṫair.
Eksplore Marcus 9:41
7
Marcus 9:42
Agus cibé duine ḃéarfas aḋḃar scannail d’aoinneaċ de na daoiniḃ beaga so ċreideas ionnam, do b’ḟearr dó go gcroċfaiḋe cloċ muilinn ar a ṁuineál, agus go gcaiṫfiḋe é sa ḃfairrge.
Eksplore Marcus 9:42
8
Marcus 9:47
Agus má ḃíonn do ṡúil ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, srac amaċ í: is fearr duit dul isteaċ i ríoġaċt Dé ar leaṫṡúil, ’ná an dá ṡúil do ḃeiṫ agat agus go gcaiṫfiḋe ṫú i n‐ifreann
Eksplore Marcus 9:47