Logo de YouVersion
Icono de búsqueda

Rómhánaigh 15

15
Leas na Comharsan
1Sinne atá láidir ní mór dúinn cur suas le laigí na bhfann agus gan a bheith ar mhaithe linn féin 2ach gach duine againn ar mhaithe leis an gcomharsa dʼfhonn é a neartú. 3Ní ar mhaithe leis féin a bhí Críost ach mar atá scríofa: “Is orm-sa a thit aithisí na ndaoine a bhí do dʼaithisiú.”
4Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n-ábhar dóchais againn.
5Go dtuga Dia na foighne agus an tsóláis daoibhse a bheith báúil le chéile de réir mheon Chríost Íosa 6ar shlí go mbeidh sibh dʼaontoil agus dʼaonghuth ag moladh Dé agus Athair ár dTiarna Íosa Críost.
Aontacht na gCríostaithe
7Bíodh glacadh agaibh le chéile, mar sin, mar a ghlac Críost libh féin chun glóire Dé. 8Is é atáim a rá gur ar son fírinne Dé a tháinig Críost ag freastal ar lucht an timpeallghearrtha chun na gealltanais a tugadh do na patrarcaí a dhaingniú 9agus san am céanna chun go dtabharfadh na gintlithe glóir do Dhia ar son a thrócaire, mar atá scríofa:
“Molfaidh mé thú dá bhrí sin i measc na náisiún,
agus canfaidh mé do dʼainm le duan.”
10Agus deirtear in áit eile:
“Déanaigí gairdeachas, a náisiúna, mar aon lena phobal féin.”
11Agus in áit eile fós:
“Molaigí an Tiarna, a náisiúna uile
agus móradh na pobail go léir é.”
12Agus arís, deir Íseáia:
“Eascróidh fréamh de chuid Ieise,
an té a éireoidh chun na náisiúin a rialú.
As siúd a bheidh a muinín acu.”
13Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shlí go mbeidh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh.
Misean Phóil
14I dtaca libh-se, a bhráithre liom, táim féin cinnte go bhfuil sibh lán de dhea-chroí agus go bhfuil fuílleach eolais den uile shórt agaibh agus gur féidir libh comhairle a thabhairt dá chéile. 15Is é fáth a bhfuilim ag scríobh chugaibh–agus mé dian go maith oraibh anseo agus ansiúd–chun bhur gcuimhne a mhúscailt, agus táim dá dhéanamh mar gheall ar an ngrásta a fuair mé ó Dhia, 16a bheith i mo mhinistir ag Íosa Críost chun na ngintlithe agus dea-scéal Dé mar chúram sagartúil orm chun go mbeadh na gintlithe ina n-íobairt thaitneamhach dó agus iad coisricthe ag an Spiorad Naomh.
17Is ábhar mórtais dom, dá bhrí sin, a bhfuil déanta agam do Dhia in Íosa Críost. 18Ní leomhfaidh mé a lua ach a bhfuil déanta ag Críost tríom chun na gintlithe a thabhairt faoina réir le briathar agus le gníomh, 19le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mór-thimpeall chomh fada le hIllireacam. 20Bhí sé ina phrionsabal agam gan an dea-scéal a fhógairt áit ar bith ach an áit nach raibh trácht ar ainm Íosa cheana, le heagla go mbeinn ag tógáil ar bhonn a bhí leagtha ag duine eile, 21ach déanamh mar atá scríofa:
“Iad siúd nach bhfuair scéala air, feicfidh siad é
agus iad siúd nár chuala trácht air tuigfidh siad.”
Beartúchán Phóil
22Sin é an fáth a raibh bac chomh minic sin orm teacht chugaibh. 23Ach ós rud é nach bhfuil a thuilleadh slí chun oibre sna críocha seo agam, agus go bhfuilim le blianta fada ag tnúth le dul ar chuairt chugaibh, 24nuair a bheidh mé ag dul chun na Spáinne, tá súil agam go bhfeicfidh mé sibh agus mé ar mo bhealach anonn, agus go ndéanfaidh sibh-se mé a thionlacan ar aghaidh ann, tar éis dom tamall aoibhnis a thabhairt in bhur gcuideachta ar dtús. 25I láthair na huaire, áfach, táim ag dul go hIarúsailéim le cabhair do na naoimh. 26Thograigh an Mhacadóin agus an Acháia bailiúchán airgid a dhéanamh i gcomhair a bhfuil de bhochtáin ar na naoimh in Iarúsailéim. 27Ach má tá go ndearna siad, is iad féin atá faoi chomaoin acu-san. Mar, má fuair na gintlithe a gcion de mhaoin spioradálta na nGiúdach, ba chóir dóibh fónamh dóibh-sean lena maoin shaolta. 28Chomh luath agus a bheidh an gnó seo curtha i gcríoch agam, agus an fáltas seo seachadta slán faoi shéala dóibh, cuirfidh mé chun siúil bhur mbealachsa go dtí an Spáinn 29agus tá a fhios agam go mbeidh flúirse de bheannachtaí Chríost agam daoibh ar mo theacht dom chugaibh.
30Táim dá iarraidh dʼachainí oraibh, a bhráithre, trínár dTiarna Íosa Críost agus trí ghrá an Spioraid Naoimh, cuidiú liom sa choimhlint atá romham le hurnaithe a dhéanamh chun Dé ar mo shon, 31go dtiocfaidh mé slán ó dhíchreidmhigh Iúdáia agus go mbeidh na naoimh lánsásta le mo chabhair dʼIarúsailéim; 32agus le toil Dé tiocfaidh mé chugaibh faoi lúcháir agus ligfidh mé mo scíth in bhur measc. 33Dia na síochána libh go léir. Áiméan.

Actualmente seleccionado:

Rómhánaigh 15: ABN2012

Destacar

Compartir

Copiar

None

¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión