Logo de YouVersion
Icono de búsqueda

Salm 45

45
Amhrán Bainise don Rí
1 Do stiúrthóir an chóir. Le fonn an cheadail “Na lilí...”. Mascil chlann Chorach. Amhrán grá.
2Tá mo chroí dá chorraí ag téama sáruasal.
Tá mé ag aithris mo dháin i láthair an rí;
ní luaithe lámh an scríobhaí ná líofacht mo theanga.
3Is tú an té is áille den Ádhamhchlann go huile
agus doirteadh an grásta amach ar do bheola
toisc gur bheannaigh do Dhia go brách is go deo thú.
4Déan do chlaíomh a chrochadh ar do cheathrú, a churaidh:
faoi mhaise agus gradam gábh amach go caith-réimeach
ar son focal na fírinne, an chreidimh is an chirt.
5 [Teann do bhogha] le do dheasláimh chumasach.
6Is géar iad do shaigheada; tá na ciníocha faoi chois agat.
Tá naimhde an rí ar díth a meanman.
7Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche;
ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta.
8Is geal leat an fhíréantacht, is gráin leat an mhioscais.
Is uime sin a rinne Dia–do Dhia féin–thú a ungadh
le hola an áthais thar lucht uile do chaidrimh.
9Leathann cumhracht an mhiorra agus an aló trí dʼéadaí;
seinntear ceol ar an gcláirseach duit ó árais eabhartha.
10Tá iníonacha ríthe i measc do bhan coimhdeachta,
agus an bhan-ríon ar do dheis faoi ór as Óifír.
11Claon chugam do chluas, a iníon, agus éist liom;
cuir cuimhne do mhuintire féin uait agus teaghlach dʼathar.
12Óir tabharfaidh an rí grá is taitneamh do dʼáilleacht;
eisean do Thiarna, agus umhlaigh thú féin dó.
13Tiocfaidh muintir na Tuíre le tabhartais chugat
ʼs beidh lucht rachmais an phobail ag iarraidh do pháirte.
14Tá iníon an rí gléasta le róbaí órmhaisithe,
15agus seoltar chun an rí í faoi éadaí ildathacha.
Seoltar dá héis chuige a maighdeana coimhdeachta.
16Déantar a dtionlacan le háthas is gairdeas
nuair a ghabhann siad isteach in áras an rí.
17In ionad do shinsear beidh clann mhac de do chuid féin agat;
ceapfaidh tú ina bhflatha iad ar fud chríocha na cruinne.
18Beidh cuimhne ar dʼainm go brách de bharr an dáin seo
agus molfaidh na ciníocha thú go brách na breithe.

Actualmente seleccionado:

Salm 45: ABN2012

Destacar

Compartir

Copiar

None

¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión