2 Corantaigh 4
4
Stór Luachmhar in Árthaí Cré
1Ós le trócaire a leagadh an cúram seo orainn, ní loicimid choíche. 2Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh bhriathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé. 3Má tá ár ndea-scéal folaithe ar dhuine ar bith, is orthu siúd atá ar bhealach a millte atá sé folaithe, 4is é sin ar lucht an dí-chreidimh a bhfuil an intinn dallta iontu ag dia an tsaoil seo ar eagla go lonródh an solas orthu, solas niamhrach dhea-scéal Chríost, an té is macasamhail de Dhia féin. 5Ní dár bhfógairt féin atáimid ach ag fógairt Íosa Críost inA Thiarna agus gan ionainne ach seirbhísigh daoibhse ar son Íosa. 6An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne dʼfhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.
7Is i bprócaí cré atá an tseoid seo i gcoimeád againn, dʼfhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í. 8Bítear dár gciapadh ó gach taobh ach nílimid teanntaithe; bímid i gcrua-chás ach nílimid in éadóchas; 9bítear dár ngéar-leanúint ach nílimid tréigthe; bítear dár síneadh ach nílimid díscithe. 10Bíonn bás Íosa ar iompar inár gcorp againn de shíor ar shlí go mbeidh beatha Íosa le feiceáil inár gcorp chomh maith. 11Fad is beo sinn bímid dár dtabhairt suas chun báis de shíor ar son Íosa, ionas go mbeidh beatha Íosa soiléir le feiceáil inár gcolainn bhásmhar. 12Dá réir sin is é an bás atá ag obair ionainne fad atá an bheatha ag obair ionaibhse. 13Ach tá againne an spiorad céanna úd an chreidimh atá luaite sa scrioptúr: “Chreid mé agus labhair mé dá réir.” Creidimidne chomh maith agus labhraímid dá réir, 14mar go bhfuil a fhios againn, an té úd a thóg an Tiarna Íosa ó mhairbh, go dtógfaidh sé sinne mar aon le hÍosa, agus go seolfaidh sé sinne agus sibh-se araon ina láthair. 15Is ar mhaithe libh-se é seo ar fad i dtreo, nuair a leathfaidh grásta Dé i measc breis daoine, go mbeidh breis buíochais chun glóire Dé.
Beo ar an gCreideamh
16Sin é an fáth nach loicimid choíche. Más ea féin go bhfuilimid ag meathlú ar an taobh amuigh, tá an taobh istigh dá ath-nuachan ó lá go lá. 17An buaireamh beag gearrshaolach seo atá orainn, tá ualach as cuimse den ghlóir bhithbhuan dá thuilleamh aige dúinn. 18Ní ar na nithe infheicthe atá ár n-aire againne ach ar na nithe dofheicthe, mar níl sna nithe infheicthe ach seal ach mairfidh na nithe dofheicthe go bráth.
Actualmente seleccionado:
2 Corantaigh 4: ABN2012
Destacar
Compartir
Copiar
¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.