YouVersion Logo
Search Icon

Zacairia 14

14
An Cogadh Deiridh: An Tiarna, Rí na nUile
1Féach! Tá lá an Tiarna ag teacht agus roinnfear istigh ionat an chreach a tógadh uait. 2Is amhlaidh a chruinneoidh mé na náisiúin uile le chéile in aghaidh Iarúsailéim chun cogadh a chur uirthi; gabhfar an chathair, creachfar na tithe; éigneofar na mná agus imeoidh leath na cathrach ar deoraíocht. Ach ní dhíothófar an leath eile de mhuintir na cathrach ar aon chor. 3Ansin tiocfaidh an Tiarna amach agus cuirfidh sé cogadh ar na náisiúin sin faoi mar a throideann sé ar lá catha. 4Ar an lá sin, beidh a chosa ina seasamh go daingean ar Chnoc na nOlóg, áit atá os comhair Iarúsailéim ar an taobh thoir di. Scoiltfear Cnoc na nOlóg anoir siar ag gleann ábhalmhor, agus bogfaidh leath amháin den chnoc ó thuaidh, agus an leath eile ó dheas. 5Líonfar an gleann atá idir na cnoic ó Ghóa go dtí Iásól agus druidfear é faoi mar a tharla tar éis an chreatha talún in aimsir Uiziá, rí Iúdá. Tiocfaidh an Tiarna, mo Dhia, ansin agus a chuid naomh go léir in éineacht leis.
6Ar an lá sin, ní bheidh aon solas ann ar dtús, ach fuacht agus sioc. 7Ach lá ar leith a bheidh ann - mar is eol don Tiarna; óir, ní bheidh aon difríocht ann idir lá agus oíche, mar beidh solas ann san oíche.
8Ar an lá sin, sceithfidh uiscí beo amach as Iarúsailéim, leath amháin díobh i dtreo na farraige thoir agus an leath eile i dtreo na farraige thiar, ní amháin sa samhradh ach sa gheimhreadh chomh maith. 9Agus beidh an Tiarna ina rí ar an domhan go léir; ar an lá sin, ní aithneofar ach an Tiarna amháin mar Dhia agus ní bheidh aon ainm eile in airde ach a ainmsean. 10Déanfar machaire den dúiche go léir ó Gheaba go dtí Rimeon, áit atá laisteas de Iarúsailéim. Ach fanfaidh Iarúsailéim ina hionad ar na harda agus beidh daoine ina gcónaí inti ó Gheata Bhiniáimin go dtí an áit ina raibh an seangheata, is é sin, go dtí Geata an Choirnéil, agus ó Thúr Hananael go dtí cantaoireacha fíona an rí. 11Ní dhéanfar scrios uirthi níos mó agus beidh daoine ina gcónaí in Iarúsailéim faoi shíocháin. 12Ach maidir leis na ciníocha uile a bheidh tar éis cogadh a chur ar Iarúsailéim, is í seo an phlá lena mbuailfidh an Tiarna iad: lobhfaidh a gcuid feola orthu, fiú amháin agus iad ina seasamh ar a gcosa; morgfaidh a súile ina logaill agus dreofaidh a dteanga ina mbéal.
13Ar an lá sin, cuirfidh an Tianna scaoll orthu. Béarfaidh gach duine greim láimhe ar a chomharsa agus ardóidh siad a lámha in aghaidh a chéile. 14Beidh Iúdá féin ag troid in Iarúsaléim agus cruinneofar le chéile saibhreas náisiúin uile na comharsanachta: ór agus airgead agus éadaí, go flúirseach fairsing. 15Agus an phlá a bhuailfidh na capaill agus na miúileanna agus na camaill agus gach beithíoch eile sna campaí seo, beidh sí cosúil leis an bplá eile úd.
16Gach bliain tiocfaidh iarmhar na náisiún a rinne ionsaí ar Iarúsailéim chun an Tiarna, Rí na Slua, a adhradh agus chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh. 17Má bhíonn ceann ar bith de chlanna an domhain ann nach rachaidh suas go Iarúsailéim chun an Tiarna, Rí na Slua, a adhradh, ní thitfidh aon bháisteach orthu. 18Mura dtagann muintir na hÉigipte suas chun dul isteach inti, titfidh an phlá sin orthu lenar bhuail an Tiarna na náisiúin (nár tháinig suas chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh). 19Sin é an pionós a chuirfear ar an Éigipt agus ar na náisiúin go léir nach dtiocfaidh suas chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh.
20Ar an lá sin, beidh “Coisricthe don Tiarna” greanta ar chloig na gcapall; agus beidh na potaí cócaireachta atá i dTeampall an Tiarna ar aon chéim leis na babhlaí croite atá os comhair na haltóra. 21Thairis sin, beidh gach pota cócaireachta atá in Iarúsailéim agus in Iúdá coisricthe do Thiarna na Slua. Na daoine go léir a ofrálann íobairtí, tiocfaidh siad agus tógfaidh siad iad le haghaidh na cócaireachta. Ansin ní bheidh aon trádálaí i dTeampall an Tiarna feasta.

Currently Selected:

Zacairia 14: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy