YouVersion Logo
Search Icon

Tóibít Leabhair Thóibít, Iúidit, Eistir

Leabhair Thóibít, Iúidit, Eistir
Brollach
Téacs agus Canónacht
Tóibít, Iúidit
Scríobhadh Tóibít in Eabhrais nó in Aramais ar dtús – fuarthas bloghanna den leabhar seo in Eabhrais agus in Aramais i Qumran. Níl againn anois ach leagan Gréigise de Iúidit, ach scríobhadh ar dtús i dteanga Sheimiteach é, in Eabhrais is é is dóichí. Maireann Eistir in Eabhrais agus i nGréigis, ach tá difríochtaí idir an dá théacs. Maidir le Tóibít: níl ach giotaí de againn san Eabhrais agus san Aramais; sa Ghréigis a mhaireann na téacsanna is fearr agus is iomláine ach arís tá dhá thraidisiún agus dhá leagan difriúla i gceist; tá leagan díobh le fáil sa Codex Sinaiticus, agus aistriú de sa seanleagan Laidine ( Vetus Latina); tá an leagan eile sa Codex Vaticanus agus sa Codex Alexandrinus. Ghlac Comhairle Hippo (393) agus comhairlí eile le Tóibít sa chanóin.
Scríobhadh Leabhar Iúidit ar dtús in Eabhrais nó in Aramais; níl sé ar fáil anois ach i nGréigis – trí leagan difriúla, agus i leaganacha déanacha Laidine agus Sírise. Bhaintí feidhm as leaganacha déanacha Eabhraise de sa liotúirge Giúdach d'fhéile an tíolactha ( Hanukkah). Ghlac Comhairle Thrionta leis sa chanóin Chaitliceach.
Eistir
Maireann an leabhar seo ina dhá chló – téacs Eabhraise (an leagan bunaidh, is dócha), agus téacs Gréigise, aistriú saor ar an Eabhrais maille le sé cinn de bhreiseanna móra. Tá 107 véarsa sna breiseanna seo agus táid fite isteach san insint ag loganna difriúla. Tá siad le fáil freisin sa seanleagan ársa Laidine, mar bhí sin bunaithe ar an nGréigis. Nuair a bhí a aistriú féin, an Vulgáid, á dhéanamh ag Iaróm, i dtreo deireadh an cheathrú haois, bhailigh sé na sé breiseanna le chéile agus chuir ag deireadh an leabhair iad. B'fhéidir gurbh é an Giúdach ó Chathair Alastair, Lysimachus, a chuir cuid de na breiseanna leis an leabhar timpeall 114 R.Ch. Is beag tábhacht staire atá leo; dealraíonn sé gurbh é aidhm a bhí leo blas tréan creidimh a chur ar an saothar, agus béim a leagan ar thábhacht na hurnaí agus ar ghairm ar leith dhiaga Iosrael.
Níor glacadh leis na trí leabhair seo sa chanóin ar feadh tamaill mhaith. Níor glacadh le Tóibít ná le Iúidit riamh sa Bhíobla Eabhraise; d'áirigh na Protastúnaigh iad ar na hapacrafa, ach tugann diagairí Caitliceacha na leabhair deotracanónacha orthu. Tá an leagan Eabhraise d'Eistir sa Chanóin Eabhrach, ach níl na breiseanna Gréigise; tá na breiseanna seo sa Seachtód, sé sin leagan Gréigise den Bhíobla Eabhraise, a rinneadh ar mhaithe leis an gcuallacht Eabhrach i gCathair Alastair nár thuig an Eabhrais go hiomlán a thuilleadh faoin tráth sin, an tríú haois roimh Chríost.
Tá na trí leabhair seo, agus a thuilleadh fós, sa Seachtód; bhí an Seachtód in úsáid go forleathan ag scríbhneoirí Críostaí, agus thagair siad dó mar Scrioptúr Naofa.
Ábhar, Teagasc agus Stíl
Tóibít
Ní eol cé scríobh an leabhar seo. Úrscéal an-tarraingteach is ea é; scríobhadh é timpeall 200 R.Ch. agus tá sé lán de dheabhóid agus de theagasc Giúdach. Nínivé príomhchathair na hAsaíre, mar ar fuadaíodh na mílte cime Iosraelach tar éis titim na Samáire in 721 R.Ch., an suíomh. Bhí cónaí ansiúd ar Thóibít, fear deabhóideach déirceach, a deir an scéal, ach d'ainneoin a dhéirce go léir, buaileadh dall dealbh é. Ach d'éist Dia lena urnaí agus sheol sé an t‑aingeal Rafael le Tóibít agus an bhean uasal Sárá a leigheas; bhí Sárá á ciapadh ag deamhan. Ar deireadh thiar phós Tóibias, mac Thóibít, Sárá.
Ní dócha gur stair atá sa leabhar, ach gur scéilín é ar chlann dheabhóideach a mbíonn an rath orthu ar deireadh thiar. Cuirtear béim ar an tslí ina dtreoraíonn an oirchill dhiaga an fíréan ar bhealach a leasa – pearsanú ar an oirchill an t‑aingeal Rafael.
Iúidit
Údar anaithnid Giúdach a chum an scéal seo, in Eabhrais is é is dóichí, timpeall na bliana 150 R.Ch. Ceapadóireacht atá anseo, ag plé go dlúth le téama an aighneas creidimh. Insíonn sé conas mar a chuir ardcheannasaí Nabúcadnazar, Holofarnaes, léigear ar an mbaile Giúdach, Béitiúilía, ag súil leis go bhféadfadh sé iallach a chur ar a áitritheoirí géilleadh. Baintreach sciamhach dheabhóideach ab ea Iúidit – “Giúdach mná” a chiallaíonn a hainm – agus shaor sí a pobal ó léirscrios; d'imir sí cleas ar Holofarnaes; mheall sí é le cuireadh a thabhairt di chun a bhotha, agus nuair a fuair sí ar a chaoil le barr óil é, bhain sí an ceann de.
Dealraíonn sé gur fhígh an t‑údar d'aon ghnó pearsana staire agus áiteanna stairiúla le chéile i gcuntas atá gan bhunús ar bith staire. Bhí abair, Nabúcadnazar ina impire ar Nua-Impireacht na Bablóine 605-561 R.Ch. agus ba dheacair é a shamhlú i réim tar éis na deoraíochta (586-538 R.Ch.) cf. 4:3, 5:19. Is dócha gurbh é aidhm an údair ná a chur in iúl gur de bharr dílseachta don dlí a chosain Dia a phobal ar ionsaithe a naimhde tréana. Bíonn an bua ag Iúidit – siombail de na Giúdaigh – tríd an urnaí agus trí dhílseacht do dhlí Mhaois.
Eistir
Insíonn an leabhar seo, leis, dála Leabhar Iúidit, conas a shaor bean, Eistir, an pobal Giúdach. Ní eol cé hé an t‑údar, ná cathain a scríobhadh é, ach uair éigin is dócha idir an cúigiú agus an dara haois R.Ch.
Sa Bhíobla Eabhraise sé Eistir an ceann deiridh de na cúig scrollaí ( Megillót), agus léitear é d'fhéile Púrím. Ceiliúrtar an fhéile seo san Earrach, agus comórann sé an crannchur – ciallaíonn Púrím “crannchur” – a bhfuil tagairt dó i Leabhar Eistir. Insíonn scéal Eistir conas mar a bhagair feidhmeannach Peirseach darbh ainm Amán na Giúdaigh a bhí ag cur fúthu sa Pheirs a scrios, ach gur shaor Eistir iad; ógbhean Ghiúdach ise, a ndearnadh banríon di, agus a dhéanann de réir comhairle a huncail, Mordacaí. Crochtar Amán agus básaíonn na Giúdaigh a naimhde.
Is aisteach an rud é, ach ní luaitear ainm Dé i dtéacs Eabhraise Eistir, agus ar an gcúis sin agus ar chúiseanna eile nach é, bhí moill ar an leabhar a ghlacadh sa Scrioptúr Eabhraise. Cuireadh sé shliocht breise leis an téacs sa leagan Gréigise, mar a dúramar romhainn, agus tá blas láidir creidimh orthu. Sé an leagan fada ar glacadh leis sa Bhíobla Caitliceach.
Tharlódh sé go mbeadh eithne éigin staire sa scéal a bhain le fuascailt éigin a rinneadh ar na Giúdaigh sa Pheirs; tá fianaise i bhfoinsí lasmuigh den Bhíobla go raibh fear darbh ainm Marduka, a raibh post oifigiúil aige i Súsá le linn Zearzaes I (rí na Peirse 486-465 R.Ch.). Ach tríd is tríd, dealraíonn sé nach stair ach finscéal atá ann, agus gurb é is feidhm leis bunús agus ciall fhéile Púrím a mhíniú.

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy