YouVersion Logo
Search Icon

Apacailipsis (Taispeántadh) APACAILIPSIS EOIN

APACAILIPSIS EOIN
Brollach
Údar Apacailipsis, tugann sé Eoin air féin ceithre huaire (1:1, 4, 9; 22:8), agus is é an traidisiún Críostaí é i gcoitinne gurb ionann é agus Eoin Aspal. Sé an scéal céanna é ag an gceathrú soiscéal agus na trí litreacha: cuireann an traidisiún i leith Eoin Aspal iad, ach níorbh é a n‑údar é. Is léir nach bhféadfadh an t‑údar céanna a bheith ag Apacailipsis agus ag na scríbhinní eile sin. Arbh fhéidir mar sin gurbh é an tAspal údar Apacailipsis tar éis an tsaoil? Dealraíonn sé go bhfuil an dáta lena mbaineann sé ródhéanach d'Eoin Aspal; mar sa chló deiridh ina bhfuil sé againn is é is dóichí go mbaineann sé le deireadh réimeas Dhoimitian, leis na blianta 90-100 A.D. Sé míniú is sásúla ar an traidisiún faoi “corpus Eoin” a bheith á chur i leith Eoin Aspal go raibh “scoil Eoin” ann, buíon dá dheisceabail, a raibh traidisiún saibhir doimhin Eoin ag fás agus ag forbairt ina measc.
Focal Gréigise is ea apacailipsis (apokalupsis) agus ciallaíonn sé “foilsiú”. Foilsiú, nó sraith foilsithe, a dhéanann Dia, nó aingeal ina ainm, do fhísí is ea apacailipsis. Baineann an foilsiú de ghnáth le réim na staire, a theacht chun sprice i ndeireadh an tsaoil, agus rúndiamhra an tsaoil eile. Mar ghné liteartha, tá cosúlacht idir é agus an fháistine, agus is uaithi a shíolraíonn sé. Tá cuid de shamhlaíocht agus de bhladhmann an apacailipsis cheana féin i bhfíseanna Eizicéil. Is iomaí sliocht sna Fáithe a phléann le críoch na n‑aoiseanna; tá an t‑eascatalach le fáil go minic iontu, rud atá chomh tábhachtach sin san apacailipsis.
Is é is aidhm don apacailipsis ná oirchill Dé a léiriú ag treorú na staire. Gintear i ngéarchéim é agus tugann sé misneach agus dóchas do lucht a linne. Mar ghné liteartha bhí sé faoi réim sa dá chéad dheireanacha R.Ch. agus sa chéad dhá chéad bliain A.D. Sé Leabhar Dhainéil – le bheith lánchruinn cc. 7-12 den leabhar sin – an t‑apacailipsis Giúdach is luaithe. Chleachtaí an ghné liteartha seo leis san Eaglais Mhoch, ach ní chomh minic sin é. Apacailipsis Eoin an t‑aon sampla sa Tiomna Nua. Nuair a bhíonn an leabhar á chiallú ní mór cuimhneamh ar an taithí a bhí ar a leithéid nuair a scríobhadh ar dtús é; eilimintí a shamhlaíonn aduain dúinne, ba chuid iad de nós liteartha a bhí forleathan an uair úd. Fágann sin nach raibh an oiread sin diamhaireachta ag baint leis an leabhar do lucht a linne agus atá dúinne.
Déanann apacailipsis iarracht ar dhóchas daoine i nDia a choimeád beo, agus a chur i gcuimhne dóibh go bhfuil Dia, ar deireadh thiar, i bhfeighil na staire. Cuirtear creideamh sa saol le teacht mar thaca leis sin – cé gur iomaí slí ina gcuirtear an saol sin i láthair sna leabhair ar leith Giúdacha. Uaireanta bíonn aiséirí na bhfíréan ar an saol seo féin i gceist iontu; uaireanta eile is aoibhneas i saol le teacht a bhíonn i gceist. Glactar leis i gcónaí go mbíonn toil Dé i réim, mar níorbh fhéidir aoibhneas iomlán a bheith ar fáil gan a ríocht a theacht, a thoil a bheith á déanamh go foirfe.
Má úsáidimid an focal apacailipsis sa tslánchruinne, ní féidir é a chur i leith an tsaothair seo, Apacailipsis Eoin, go léir; caithfear an chéad trí chaibidil a fhágáil as an áireamh, na Litreacha chuig Seacht nEaglais na hÁise. Is cuid dhlúth den leabhar iad seo, ach ní den ghné apacailipteach iad. Arís, fág go dtugtar “litreacha” orthu, ní litreacha iad dáiríre, ach teachtaireachtaí fáidhiúla. Is breithiúnas ar staid spioradálta na n‑eaglaisí atá i gceist iontu go bunúsach, agus leagann siad béim ar a thábhachtaí atá sé an creideamh a chaomhnú; is gaire a ngaol le fáistine ná le hapacailipsis.
Sé atá againn sa chuid eile den leabhar seo dá bhrí sin ná tuairisc fhoilsitheach. Insíonn sé conas mar a bhí físeanna ó Chríost ag Eoin, fáidh, agus tugann sé cur síos ar na físeanna féin. Baineann na físeanna, cuid mhór, leis an todhchaí; ach scríobhadh síos iad mar léiriú ar thaithí an údair is a chéad léitheoirí, agus ag súil le toradh ar leith ar an léiriú sin. Bhain an t‑údar, an físí féin is é is dóichí, feidhm as íomhára traidisiúnta lena fhíseanna a chur i láthair. D'éirigh leis dearcadh ar an saol a chur in iúl chomh tréan sin go bhfuil sé beo beathach fós inniu. Taispeánann an t‑íomhára traidisiúnta gur sórt cuntais fháthchiallaigh atá againn. Mar is gnáth i gcás den sórt sin, tá dhá leibhéal céille; ar leibhéal amháin tá “an seanscéal” a insíonn an t‑íomhára traidisiúnta; ar an leibhéal eile tá an “nuascéal”, substaint an chuntais.
Is é an “seanscéal” atá i gceist in Apacailipsis ná scéal ársa na coimhlinte cosmaí. Is iomaí scéal den saghas sin a bhíodh á insint i ndomhan na Meán-Mhara agus eilimintí áirithe ar aon dul le chéile iontu go léir: ceannairc á déanamh ag dúil dhiaga nó ainmhí cosmach in aghaidh dhé óig atá i bhfeighil ord an nádúir agus an chine dhaonna; bíonn an bua ar dtús uaireanta ag an ainmhí – dragan eisean go minic – ach ar deireadh thiar is ag an dia óg, an laochdhia, a bhíonn an lámh in uachtar agus daingníonn sé ord na cruinne arís. Ba dheacair cumhacht nó feidhm na scéalta sin a cheapadh san aon chiallú amháin, ná a chur in iúl i dtéarmaí teibí. Faigheann siad greim ar an tsamhlaíocht, bíonn siad ilchiallach agus bíonn toradh orthu. Againn féin tá scéal Lugh agus Bhalair; beo fós sa bhéaloideas idirnáisiúnta tá scéal Sheoirse agus an Dragain. Ceann de na feidhmeanna atá ag na scéalta seo is ea an choimhlint bhuan idir bás agus beatha, torthúlacht agus aimride, ord agus anord, a chur in iúl go bríomhar beoga coincréideach. Is siombail é an dragan, mar shampla, de chumhachtaí an éagrutha atá de shíor ag bagairt ar an nádúr agus ar an gcine daonna.
Is é an “nuascéal” atá in Apacailipsis ná an choimhlint idir lucht leanúna Íosa agus an Impireacht Rómhánach. Cuirtear naimhdeas na Róimhe in iúl mar cheannairc an anoird in aghaidh an oird dhiaga. An choinbhliocht sa nádúr, tagraítear í sa “nuascéal” don naimhdeas idir an tsochaí dhaonna agus an t‑ord osnádúrtha. Tá rian den déachas geall leis anseo. Tá an cine daonna ar fad roinnte ina dhá chuid – lucht leanúna Chríost agus lucht adhartha na hImpireachta (13:8). Sé an tImpire an tAinchríost (cf. 13:1-3 agus 5:6; 19:12-13). Tugtar le tuiscint go ndéanann Sátan ceannairc in aghaidh Dé (13:6; 20:7-10). Cuirtear in iúl tríd an teannas agus an gcoimhlint seo go léir cé chomh daingean is a thug an fáidh Eoin, agus a chéad léitheoirí is dócha, cúl le córas polaitiúil na Róimhe, agus fiú leis an saol ina dtimpeall. Is ionann áitritheoirí an domhain agus lucht adhartha na Róimhe (13:8). Glactar leis go bhfuil an domhan agus an tsochaí ag obair as lámh a chéile; ní mór an domhan a scriosadh dá bhrí sin sula ngealfaidh an lá ar “neamh nua agus talamh nua” (21:1).
Is fada ina fhadhb mhór ag ciallú Apacailipsis é conas an t‑athrá atá ann, de réir dealraimh, a thuiscint. Tugtar, abair, cur síos faoi dhó, ar a laghad, ar an deireadh (11:15-19; 19:11 – 22:5); insítear scéal slánú na bhfíréan faoi dhó freisin (7:9-17; 2:3-8). Sé tuairim dhaoine áirithe ná gur de thoradh cháipéisí difriúla a bheith á n‑aontú le chéile atá an t‑athrá ann. Sé tuairim scoláirí eile, tuairim arbh fhusa glacadh leis, gur cuid de scéim an údair an t‑athrá seo. Tugtar “teoiric na hathruaille” ar an teoiric seo agus is iad na hAithreacha a mhol ar dtús í.
Tosaíonn foilsiú na todhchaí ag 6:1. Tá na físeanna a leanann eagartha i gcúig sraitheanna. Tá an scéim bhunúsach chéanna ag gabháil le gach ceann: (1) géarleanúint, (2) daorbhreith nó pionós ar na náisiúin, agus (3) caithréim Dé, an Uain, agus a lucht leanúna. Mar seo atá:
(1) Na Seacht Séala
géarleanúint 6:9-11
daorbhreith 6:12-17
caithréim 7:9-17
(2) Na Seacht dTrumpa
tagairt do ghéarleanúint 8:3-5
tagairt do dhaorbhreith 9:15
caithréim 11:15-19
(3) Seacht bhFís nár Áiríodh
géarleanúint 12-13 (13:7-10)
daorbhreith 14:14-20
caithréim 15:2-4
(4) Na Seacht Soitheach
géarleanúint 16:4-7
daorbhreith 16:17-20
caithréim 19:1-10
(5) Seacht bhFís nár Áiríodh
géarleanúint 20:9
daorbhreith 20:9-15
caithréim 21:1 – 22:5
Léitheoir an lae inniu a bhfuil taithí aige ar thuairisc leanúnach, cuireann an sórt sin athruaille ábhar mearbhaill air. Ach dealraíonn sé go raibh aidhm ar leith léi, agus d'éirigh léi é sin a chur i gcrích. Gach iarracht ar leith a dhéantar an rúndiamhair dhochoimsithe a chur i láthair, ritheann léi gné éigin di a shoilsiú. Na cúig iarrachtaí le chéile is fearr go mór a chuireann siad an mhistéir i láthair ná aon cheann léi féin amháin. Is beag tábhacht atá ag baint le sonraí speisialta gach físe. Sé an patrún bunúsach de ghéarleanúint, daorbhreith, agus slánú, teachtaireacht fhíor Apacailipsis.
Ach cén sórt teachtaireachta í seo? Taispeánann íomhára traidisiúnta na coimhlinte go bhfuil coinbhliocht agus comhrac i gcroí na beithe. Taispeánann sé leis nach é an bás an chríoch sa choimhlint chosmach; nach bhfuil ann ach céim ar leith. Tá sin le feiceáil go soiléir i gcás Íosa. Eiseamláirí iad scéal na coimhlinte agus scéal Íosa le laige, pian, agus bás a thuiscint agus a iompar. Is cuid riachtanach den saol iad, ar chúiseanna nach féidir a chur i bhfocail theibí thomhaiste. Ní mholann Apacailipsis cur suas leis na deachrachtaí go cinniúnaíoch gan cheist. Rinne sé iarracht ar threoir a thabhairt ina lá féin conas cúraimí Dé a dheighilt ó ghnóthaí Shátain. Tugtar dúshlán an léitheora breith dá shórt a thabhairt ar shaol a linne, agus a shaol féin a chaitheamh ar mhaithe le cúis Dé mar a fheiceann sé í faoi láthair. Deir Apacailipsis linn nach dtéann an cruatan a fhulaingímid ina leithéid d'iarracht amú. Tá cumhachtaí an oird agus an anoird ar aon chumas, geall leis, ach an beagán de bhuntáiste a bheith ag cumhachtaí an oird; agus is iad dá réir sin is mó a théann i bhfeidhm ar an gcruthaíocht.
Déanann Apacailipsis éileamh ar a léitheoirí dá bhrí sin. Iarrann sé orthu dearcadh ar leith a bheith acu ar an saol agus ligean don dearcadh sin a saol féin a mhúnlú. Teastaíonn ón leabhar dul i bhfeidhm ar an saol mór chomh maith le cuallachtaí agus aonaráin.

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy