YouVersion Logo
Search Icon

Seanfhocal Leabhar na Seanfhocal

Leabhar na Seanfhocal
Brollach
An tAinm
An focal Eabhraise máshál, a aistrítear de ghnáth leis an bhfocal “seanfhocal”, tá sé ilchiallach go leor. Sé is bunbhrí leis bheith cosúil le, bheith ar an dála céanna le, agus is é an bhrí sin leis atá ag an bhfocal Acadach máshálu. Bhaintí feidhm as an máshál, an seanfhocal, mar ealaín i bhfoirm dáin fhada teagaisc nó líne aonair dhea-thomhais cothroime ina mbeadh dhá stichos ghlónmhara. Cibé acu dán fada nó líne aonair é, bíonn, de ghnáth, ceann d'fhoirmeacha struchtúr rithime na filíochta Eabhraise le fáil ann .i. comhthreoras ionannach, contrártha, nó comhdhlúite. Tá deilbh eile fós le fáil i Leabhar na Seanfhocal nach bhfuil sa tSaltair, sna hOlagóin, ná i Leabhar Iób; sé sin an comhthreoras parabóileach; sa deilbh seo cuirtear fíric nó dhó i láthair agus ansin nasctar iad le coincheap morálta, e.g.
“Lasc d'each, srian d'asal
agus bata do dhroim na n‑amadán” (26:3).
Tréithe
Aon chaibidil déag ar fhichid atá sa leabhar. Teagasc atá i gcc. 1-29: cumadh an chuid seo le healaín agus le cúram d'aon ghnó leis an aos óg a oiliúint. Níl ach nathanna gairide, véarsa nó dhó, sa chuid is mó de; ach tá cuid eile de i bhfoirm aistí gearra agus suas le caibidil iomlán d'fhad i roinnt díobh. Tá achoimre againn sa leabhar dá bhrí sin den teagasc moráltachta agus creidimh a thugadh na saoithe gairmiúla don aos óg Giúdach sa ré úd tar éis na deoraíochta. Múineann sé an ghaois is dual i gcomhair na dea-bheatha. Scríobhadh é i bhfoirm filíochta, mar go raibh sé le cur de ghlanmheabhair. Is í an scoil Ghiúdach, scoil na n‑ógánach, an cúlra atá aige.
Údar
Chuireadh an seanchas an leabhar seo i leith Sholaimh. Sé cúis a bhí leis sin ná gur i gcúirt Sholaimh a fáiltíodh ar dtús in Iosrael roimh litríocht ghaoise an oirthir. As sin ar aghaidh ba ghnáth aon litríocht den saghas seo a chur i leith Sholaimh. Ach b'iad na glúine i ndiaidh na nglún de shaoithe, a bhí i mbun oiliúint na n‑ógánach sa chúirt, údair an leabhair dáiríre; clann mhac uaisle agus lucht saibhris na cúirte ab ea na hógánaigh seo agus bhíodar le hoiliúint i gcomhair postanna arda i gcúrsaí rialtais, gnó, taidhleoireachta, agus sa tsochaí i gcoitinne. Ba iad na saoithe féin lucht léinn agus intleachta an tsaoil úd fadó. Ní féidir do Leabhar na Seanfhocal mar is eol dúinn é a dhul níos sia siar ná ré Hiziciá rí Iúdá (715-687 R.Ch.) ós rud é go luaitear é in 25:1. Tharlódh sé ar ndóigh go mbainfeadh seanfhocail ar leith le ré Sholaimh (922 R.Ch.), ach baineann formhór an leabhair leis an ré tar éis na deoraíochta, agus b'fhéidir, leis an gceathrú haois R.Ch.
Ranna
Is féidir an leabhar a roinnt go háisiúil ina cheithre ranna, agus is geall le saothar ar leith gach roinn díobhsan lena theideal ar leith féin. I rann a haon (1:1 – 9:18) tá dhá aitheasc déag, ag tabhairt comhairle agus rabhadh, dhá cheann ina ndéantar an eagna a phearsanú ina fáidh (1:20-33; 8:1-36), agus fáthscéal fileata ina ndéantar comparáid idir an eagna, an banóstach cineálta, agus an bhaois (9:1-6, 13-18). Dealraíonn sé gurb é an máistir a chnuasaigh agus a d'eagraigh an leabhar le húsáid ina scoil féin is údar don chuid seo. Cuireann sé cuspóir a leabhair in iúl i dtús an leabhair, díreach i ndiaidh an teidil:
“Seanfhocail Sholaimh mac Dháiví rí Iosrael:
Le go mba eol céard iad an eagna agus an teagasc;
le go dtuigfí briathra ciallmhara;
Le go bhfaighfí oiliúint in iompar críonna …
Le críonnacht a thabhairt don saonta,
agus eolas agus tuiscint don óg” (1:1-4).
Tá an teideal “Seanfhocail Sholaimh” ar roinn a dó (10:1 – 22:16) agus arís ar roinn a ceathair (25:1 – 29:27), faoi mar atá ar an gcéad roinn. Ní amhlaidh atáthar ag cur an ábhair i leith Sholaimh mar údar dáiríre; is nós liteartha é seo le nathanna congair a chur i láthair i ndeilbh fhileata de línte comhchothroma agus iad ag plé le cúrsaí moráltachta.
Níl aon teideal ar leith ar an tríú roinn, ach gur dócha gurb iad na focail tosaigh: “Ráitis na Saoithe” an teideal bunaidh. Tá an chéad chuid den roinn seo an-ghaolmhar leis an téacs gaoise ón Éigipt ar a dtugtar “Teagasc Amen-em-ope”. Luaitear dátaí sa tréimhse 1000-600 R.Ch. leis an téacs sin. Tá an teagasc sa dá théacs an-chosúil lena chéile agus tá macallaí le clos sna focail féin. Tá an t‑eagar céanna, ina dtríocha ráiteas nó caibidil, orthu araon. Scríobh an saoi Éigipteach, Amen-em-ope, a thríocha “teach” mar a thug sé féin orthu, dá mhac. Tá an téacs ar caomhnadh i Leabharlann na Breataine. Tá an chéad teach, nó caibidil, aige ar aon dul le Seanfhocail 22:17, 18.
Amen-em-ope
Tabhair cluas, agus éist lena bhfuil á rá.
Tabhair do chroí lena dtuiscint.
Is maith is fiú iad a chur i do chroí.
Seanfhocail
Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe,
Agus crom ar a bhfoghlaim.
Beidh sé ina shólás agat iad a choimeád i do chroí.
Tionchar ón Iasacht
An chéad chuid seo den tríú roinn de Leabhar na Seanfhocal (22:17 – 23:11) an sampla is sontasaí de thionchar iasachta. Is féidir macasamhail gach seanfhocail de roinn a trí, ach ceann, a aimsiú i dTeagasc Amen-em-ope. Tá go leor cosúlachtaí eile idir Leabhar na Seanfhocal agus dréachtaí eile de litríocht ghaoise na nÉigipteach, leithéid theagasc Ptah-hotep agus teagasc an rí Meri-ka-Re. Tá gaol fiú amháin i gceist le téacsanna gaoise ón Measpatáim agus ón bhFéinicé. Cuirtear dhá dhréacht de Leabhar na Seanfhocal i leith beirt shaoi deoranta nach eol dúinn ach a ndeirtear fúthu: “Ágúr mac Iácae ó Mhasá” (30:1), agus “Lamúéil rí Mhasá” (31:1).
B'fhéidir gurb iad na hiasachtaí agus na heilimintí deoranta go léir is cúis leis nach bhfuil aon tagairt i Leabhar na Seanfhocal – nó i Leabhair Iób ná Shíorach – do stair Iosrael, dá hinstitiúidí, ná dá diagacht ar leith – téamaí mar an conradh, an toghadh, an dlí, etc. De bharr na dtuairimí ar leith sin a bheith in easnamh, tá blas uilechoiteann ar Leabhar na Seanfhocal. Pléann sé leis an duine ann féin. Ina theanntasan tá sé praiticiúil in áit a bheith teoiriciúil. Tugann sé comhairle chiallmhar faoi conas dul chun cinn ar an saol seo, gan Dia ná aon chúrsaí tairchéimnitheacha a chur sa mheá. De réir an dearcadh simplí praiticiúil sin ar an saol molann na Seanfhocail riail shimplí an chúitimh: má dhéanann tú beart le críonnacht, beidh an rath ort dá réir ar an saol seo; má bhíonn tú baoth i mbeart, tiocfaidh an tubaiste sa mhullach ort.
Diagacht
Is ar éigean is féidir labhairt sa tslánchruinne ar dhiagacht Leabhar na Seanfhocal. Níl na téamaí á bplé de réir oird ná córais, agus faoi mar is léir óna bhfuil ráite againn, is ar an gconách agus an rath saolta atá an leabhar dírithe. Ach dá ainneoin sin agus uile buailimid le domhainthuiscint dhiagachta anois agus arís. Féach, mar shampla, an líne cháiliúil úd is eol dá lán: “Tús na heagna eagla an Tiarna,” a fhaighimid i dtús agus ag deireadh roinn a haon (9:10). Ní hé eagla an daoir atá i gceist, ach meon umhal fíréanta i láthair mhórgacht Dé. Nó arís na focail seo a chuireann ceannas Dé ar a dhúile uile in iúl:
“Casann an saibhir ar an daibhir;
sé an Tiarna a rinne iad go léir” (22:2).
Agus:
“Beartaíonn duine a chúrsa ina chroí,
ach sé an Tiarna a threoraíonn a chéimeanna ar an tslí” (16:9).
Cé go bhfuil na Seanfhocail praiticiúil, níl siad ábharga:
“Is fearr an beagán agus an chóir
ná an mórán agus an éagóir” (16:8).
Tuigtear ó na Seanfhocail go bhfuil eagna dhiaga ann seachas an ghaois dhaonna:
“Chruthaigh an Tiarna mé (an eagna) i dtús a shaothair” (8:22).
Tá tábhacht ar leith leis an dréacht seo 8:22-31 i bhforbairt an teagaisc faoin eagna chosmach faoi mar atá sin le fáil, abair, i Leabhar na hEagna 7:22 – 8:1; agus níos déanaí i bhforbairt an teagaisc faoin mBriathar mar a fhaightear é i soiscéal Eoin agus i litreacha Phóil.

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy