YouVersion Logo
Search Icon

Seanfhocal 2

2
Sciath Dídine an Eagna
1A mhic, má ghlacann tú le mo bhriathra,
má thaisceann tú m'aitheanta i do chroí,
2Sa chaoi go dtugann tú cluas don eagna,
agus go gclaonann tú do chroí chun na tuisceana,
3Sea, má ghlaonn tú chugat an grinneolas,
má scairteann tú ar an tuiscint,
4Má lorgaíonn tú í mar a lorgófá airgead,
má chuardaíonn tú í mar a chuardofá stór folaithe,
5Tuigfidh tú ansin cad is eagla an Tiarna ann,
agus cuirfidh tú aithne ar Dhia.
6Óir is é an Tiarna féin a thugann an eagna,
agus is as a bhéal a thagann an grinneolas agus an tuiscint.
7Bíonn a eagna stuama in áirithe aige do na fíréin;
is sciath é don mhuintir a chaitheann a saol go macánta.
8Cosnaíonn sé cosáin na córa;
cumhdaíonn sé bealach na ndaoine a bhíonn dílis dó.
9Tuigfidh tú ansin an fhíréantacht agus an chóir,
an ceart agus bealach na fíréantachta.
10Nuair a thiocfaidh an eagna i do chroí isteach,
agus gur geal le d'anam an t‑eolas,
11Beidh an chríonnacht mar gharda ort
agus an tuiscint i do chúram,
12Le thú a chosaint ar shlí na hurchóide,
agus ar lucht na claonteanga,
13Ar an muintir a thréigeann cosáin na fíréantachta
d'fhonn siúl ar bhealaí an dorchadais;
14Orthú siúd ar geal leo an t‑olc a dhéanamh,
ar gean leo an chamastaíl,
15Ar casta iad a gcosáin
agus nach siúlann ach ar bhealaí cama.
16Saorfar thú ó ghreim na mná deoranta,
ón strainséir mná lena briathra bladair;
17Threig sise céile a hóige
agus rinne dearmad ar chonradh Dé.
18Tá a teach ag fiaradh chun báis,
agus a cosáin ag seoladh chun na dtaisí.
19Ní fhilleann aon duine a théann ina treo,
ní leagann siad cos arís ar chosáin na beatha.
20Leanfaidh tú, más ea, cosán lucht na córa,
agus cloífidh tú le bealaí na bhfíréan.
21Óir beidh an mhuintir ionraic i seilbh na tíre,
agus beidh sé mar bhaile ag an muintir neamhurchóideach.
22Scriosfar na peacaigh de dhroim na talún,
agus scuabfar lucht an fhill ar shiúl aisti.

Currently Selected:

Seanfhocal 2: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy