YouVersion Logo
Search Icon

Matha 4

4
Íosa á Phromhadh ag Sátan
1Ansin, seoladh Íosa isteach san fhásach ag an Spiorad le promhadh ag an diabhal. 2Rinne sé troscadh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí ocras air. 3Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.” 4Dúirt sé á fhreagairt: “Tá sé scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’ ”
5Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é 6agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith thú féin síos: óir tá sé scríofa:
‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil i do thaobh
agus iompróidh siad thú lena lámha,
sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.’ ”
7Dúirt Íosa leis: “Tá sé scríofa freisin: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’ ”
8Rug an diabhal leis arís é faoi shliabh a bhí an-ard, thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain agus a nglóir agus dúirt leis: 9“Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n‑umhlóidh tú síos do m'adhradh.” 10Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ” 11Ansin d'fhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air.
Íosa i gCafarnáum -- Na Chéad Deisceabail
12Nuair a chuala sé go raibh Eoin tugtha ar láimh, chuaigh sé i leataobh go dtí an Ghailíl. 13D'fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím 14chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:
15“Talamh Zabúlun, talamh Naftáilím,
bóthar na farraige, an taobh eile den Iordáin,
Gailíl na gciníocha,
16an pobal a bhí ina suí sa dorchadas,
chonaic siad solas mór,
an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis,
d'éirigh solas chucu.”
17Ón am sin amach, thosaigh Íosa ag seanmóir agus ag rá: “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”
18Ag siúl dó cois farraige na Gailíle, chonaic sé beirt dearthár, Síomón ar a dtugtar Peadar agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha san fharraige, mar iascairí a bhí iontu. 19Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.” 20D'fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é. 21Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n‑athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad. 22D'fhág siad an bád agus a n‑athair láithreach agus lean siad é.
23Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail. 24Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
25Agus lean sluaite móra é ón nGailíl, ó Dheacapoil, ó Iarúsailéim, ó Iúdáia agus ó thar an Iordáin.

Currently Selected:

Matha 4: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy