YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 9

9
Misean na nAspal
1Ghlaoigh sé an dáréag le chéile agus thug dóibh cumhacht agus údarás os cionn na ndeamhan uile agus chun galair a leigheas. 2Agus chuir sé uaidh iad ag fógairt ríocht Dé agus ag leigheas na n‑easlán. 3Agus dúirt sé leo: “Ná tógaigí libh aon ní i gcomhair an bhóthair, bata ná tiachóg, ná arán, ná airgead, agus ná bíodh dhá chóta an duine agaibh. 4Agus cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fúibh ann agus leanaigí oraibh as sin. 5Agus maidir leo seo nach nglacann sibh, ag dul amach as an gcathair sin daoibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n‑aghaidh.” 6Agus chuir siad chun bóthair agus ghabh siad ó bhaile go baile ag fógairt an dea-scéil agus ag leigheas i ngach uile áit.
Mearbhall ar Héaród
7Chuala Héaród, an rí cúige, faoi na nithe uile a bhí ag titim amach, agus bhí mearbhall air de bhrí go raibh sé de scéal ag daoine áirithe gurbh é Eoin a bhí tar éis éirí ó mhairbh; 8ag daoine eile, Éilias a bheith á thaibhsiú, ag daoine eile fós, fáidh éigin de na sinsir a bheith aiséirithe. 9Ach dúirt Héaród: “Maidir le hEoin, bhain mé féin an ceann de; ach cé hé an duine seo a gcluinim tuairiscí mar iad seo air?” Agus bhí sé ag iarraidh radharc a fháil air.
Míorúilt na mBuilíní agus na nIasc
10Tháinig na haspail ar ais agus thug scéala dó ar a raibh déanta acu. Agus rug sé leis iad agus chuaigh i leataobh san uaigneas i dtreo cathrach ar a nglaotar Béatsáide. 11Ach ó bhí a fhios sin ag na sluaite, lean siad é; agus chuir sé fáilte rompu agus bhí ag caint leo faoi ríocht Dé, agus ag leigheas na ndaoine a bhí i ngá a leigheasta. 12Bhí an lá ag druidim siar, áfach, agus tháinig an dáréag chuige agus dúirt leis: “Scaoil uait an slua, go dtéidís isteach sna bailte agus sna feirmeacha mórthimpeall agus lóistín agus lón bia a fháil, óir is áit uaigneach é seo ina bhfuilimid.” 13Ach dúirt sé leo: “Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.” Dúirt siad: “Níl againn ach cúig builíní agus dhá iasc, ach mura dtéimid féin ag ceannach bia don chomhthionól seo uile” - 14óir bhí timpeall cúig mhíle fear ann. Dúirt sé lena dheisceabail: “Cuirigí ina luí fúthu ina mbuíonta iad, timpeall caoga sa bhuíon.” 15Rinne siad amhlaidh: iad uile a chur ina luí fúthu. 16Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua. 17D'ith siad uile agus bhí siad sách, agus tógadh suas an fuílleach: dhá chiseán déag de bhruscar.
Admháil ó Pheadar -- A bhFuil i nDán do Mhac an Duine
18Aon lá amháin agus é i leataobh ag guí agus na deisceabail in éineacht leis, d'fhiafraigh sé díobh: “Cé hé a deir na sluaite mise?” 19Dúirt siad á fhreagairt: “Eoin Baiste; ach cuid eile acu Éilias, cuid eile gur fáidh éigin de na sinsir atá aiséirithe.” 20Dúirt sé leo: “Ach cé hé a deir sibhse mé?” Agus dúirt Peadar á fhreagairt: “Críost Dé.” 21Ach d'ordaigh sé dóibh go géar gan é seo a rá le haon duine, 22agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.”
Conas Críost a Leanúint
23Dúirt sé le cách: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros gach lá, agus leanadh mé. 24Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, saorfaidh an duine sin é. 25Óir cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú agus é féin a chailleadh agus a ligean ar ceal? 26Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra, is nár le Mac an Duine eisean nuair a thiocfaidh sé ina ghlóir féin agus i nglóir an Athar agus na n‑aingeal naofa. 27Ach deirim libh go dearfa, tá cuid dá bhfuil anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu.”
An Claochlú
28Agus timpeall ocht lá tar éis na cainte sin, rug sé leis Peadar agus Eoin agus Séamas agus chuaigh an sliabh suas chun guí. 29Agus sa ghuí dó, tháinig athrach cló ar a ghnúis agus d'éirigh a chuid éadaigh gléigeal lonrach. 30Agus bhí beirt fhear ag agallamh leis - b'iad Maois agus Éilias iad - 31agus chonacthas i nglóir iad ag caint faoina imeacht as an saol, rud a bhí le tabhairt chun críche aige in Iarúsailéim. 32Bhí Peadar agus a chompánaigh trom le codladh, ach d'fhan siad ina ndúiseacht agus chonaic siad a ghlóir agus an bheirt a bhí ansiúd in éineacht leis. 33Agus ansin, le linn dóibh seo bheith ag scaradh leis, dúirt Peadar le Íosa: “A Mháistir, is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d'Éilias” - agus gan a fhios aige cad a bhí sé a rá. 34Ach nuair a bhí sé ag rá an méid sin, tháinig scamall, agus bhí sé ina scáil anuas orthu, agus bhí uamhan orthu nuair a d'imigh siad siúd isteach sa scamall. 35Agus tháinig glór as an scamall ag rá: “Is é seo mo Mhac, an té is togha liom; éistigí leis!” 36Agus le macalla an ghlóir, fuarthas Íosa ina aonar. Ach d'fhan na deisceabail ina dtost agus níor inis siad d'aon duine sna laethanta sin aon ní dá raibh feicthe acu.
Ógánach á Leigheas
37Lá arna mhárach, ar theacht anuas dóibh ón sliabh, tháinig slua mór faoina dhéin. 38Agus bhí duine den slua d'éigh amach: “A Mháistir, iarraim ort dearcadh le fabhar ar mo mhac, óir níl agam ach é, 39agus féach, bíonn spiorad ag breith air, agus screadann sé amach go tobann, agus baineann sé rachtaí as go mbíonn cur leis, agus is ar éigean a scarann sé leis ach á thraochadh. 40Agus d'iarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach, agus níorbh fhéidir leo é.” 41D'fhreagair Íosa agus dúirt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fad a bheidh mé in bhur measc agus a chuirfidh mé suas libh? Tabhair chugam anseo do mhac.” 42Agus le linn dó bheith ag teacht chuige, theilg an deamhan ar lár é agus bhain rachtaí as go dolba. Ach bhagair Íosa ar an spiorad míghlan, agus leigheas sé an t‑ógánach agus thug ar ais dá athair é. 43Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé.
Fáistine nár Tuigeadh
Agus nuair ab ionadh le cách a raibh á dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail: 44“Gabhaigí chugaibh na briathra seo in bhur gcluasa, óir tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do dhaoine.” 45Ach níor thuig siad an focal sin; bhí a bhrí ceilte orthu ionas nach bhfeicfidís é, agus bhí eagla orthu ceist a chur air mar gheall ar an bhfocal sin.
An Uaillmhian le Seachaint, agus an Formad
46Tháinig sé ina n‑aigne a fhiafraí cé acu díobh ba mhó. 47Ach bhí a fhios ag Íosa an smaoineamh a bhí ina gcroí, agus thóg sé leanbh agus chuir ina sheasamh é láimh leis, 48agus dúirt leo: “Cibé a ghlacfaidh an leanbh seo i m'ainm, is mise a ghlacann sé, agus cibé a ghlacfaidh mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. Óir, an té is lú eadraibh uile, sin é an té atá mór.” 49Labhair Eoin agus dúirt: “A Mháistir, chonaiceamar duine ag caitheamh deamhan amach i d'ainmse agus chuireamar cosc leis, óir ní leanann sé tú in aonbhuíon linne.” 50Dúirt Íosa leis: “Ná cuirigí aon chosc leis, óir an té nach bhfuil in bhur n‑aghaidh, tá sé ar bhur son.
Diúltaíonn na Samáraigh do Chríost
51Ansin, nuair a bhí an t‑am ag teacht go dtógfaí as an saol é, bhuail sé roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim, 52agus chuir sé teachtairí roimhe amach. Sa tslí dóibh sin, chuaigh siad isteach i mbaile Samárach ag ullmhú dó. 53Ach ní ghlacfaí san áit sin é de bhrí gur ar Iarúsailéim a bhí a thriall. 54Ar a fheiceáil sin do na deisceabail, Séamas agus Eoin, dúirt siad: “A Thiarna, arbh áil leat go n‑ordóimis tine a theacht anuas ó neamh agus iad a scriosadh?” 55Ach d'iompaigh sé chucu agus thug casaoid dóibh. 56Agus d'imigh siad go dtí baile nárbh é.
Ní hAspal go Cruatan a Fhulaingt
57Agus ag gluaiseacht dóibh, dúirt duine éigin sa tslí leis: “Leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.” 58Dúirt Íosa leis: “Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.” 59Dúirt sé le duine eile: “Lean mise.” Ach dúirt seisean: “A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus m'athair a adhlacadh.” 60Dúirt sé leis: “Lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh, ach imigh tusa agus craobhscaoil ríocht Dé.” 61Dúirt duine eile fós: “Leanfaidh mé thú, a Thiarna, ach bíodh cead agam ar dtús slán a fhágáil ag muintir mo thí.” 62Ach dúirt Íosa leis: “Aon duine a bhuaileann a lámh ar an gcéachta agus a fhéachann siar ina dhiaidh, níl sé oiriúnach do ríocht Dé.”

Currently Selected:

Lúcás 9: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy