YouVersion Logo
Search Icon

Leabhar na n-Olagón 5

5
“Déan Trócaire Orainn”
1Cuimhnigh, a Thiarna, ar ar tharla dúinn;
Breathnaigh agus féach ar na maslaí a thugtar dúinn.
2Tá ár dtailte oidhreachta i seilbh strainséirí
agus ár dtithe i seilbh allúrach.
3Dílleachtaí is ea sinn de cheal athar;
baintreacha is ea ár máithreacha.
4An t‑uisce a ólaimid, caithfimid é a cheannach;
bíonn orainn íoc as ár n‑adhmad féin.
5Tá [cuing] ar ár muineál agus tiomáintear go róghéar sinn;
nuair a bhímid traochta, ní thugtar sos dúinn.
6Ghéilleamar, seal do na hÉigiptigh, seal do na hAsaírigh,
chun ár ndóthain bia a fháil.
7Pheacaigh ár n‑aithreacha; ach níl siadsan ann níos mó;
is orainne a agraítear a gcionta.
8Tá sclábhaithe dár rialú;
agus níl duine ann chun sinn a fhuascailt uathu.
9Is i mbaol ár n‑anama a fhaighimid soláthar bia
mar gheall ar shladaithe an fhásaigh.
10Tá beirfean inár gcraiceann faoi mar a bheimis i sorn
toisc cuthach ocrais a bheith dár gciapadh.
11Rinneadh éigniú ar an mbantracht i Síón
agus ar na maighdeana i gcathracha Iúdá.
12Crochadh ár bhflatha;
ní thugtar ómós do sheandaoine.
13Bíonn na hógfhir ag oibriú na bró
agus na garsúin ag tuisliú faoi ualaí adhmaid.
14Ní bhíonn siúl na seanóirí ar an ngeata níos mó
agus tá an t‑aos óg tar éis éirí as an gceol.
15Tá deireadh leis an áthas a bhíodh inár gcroí
agus rinneadh caoineadh dár gcuid rinnceoireachta.
16Tá an choróin tar éis titim dár gceann;
is mairg dúinn de bhrí gur pheacaíomar.
17Is é fáth a bhfuil ár gcroíthe go dona tinn
agus ár súile go dúdhorcha dall:
18toisc go bhfuil Sliabh Shíón treascartha tréigthe
agus go mbíonn seacáil ag smúrthacht thart ann.
19Ach maireann tusa, a Thiarna, i do rí go brách;
beidh do ríchathaoir ann ó ghlúin go glúin.
20Cén fáth a ligfeá sinne i ndearmad go deo
agus a dtréigfeá sinn go síoraí suthain? 21Cas ar ais chugat féin sinn, a Thiarna, agus fillfimid ort;
athbhunaigh an réim a bhíodh againn anallód. 22Óir tá tú tar éis sinn a shéanadh amach agus amach,
is an-mhór ar fad an fhearg a ghlac tú linn.

Currently Selected:

Leabhar na n-Olagón 5: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy