YouVersion Logo
Search Icon

Leabhar na n-Olagón 3

3
Dólás, Aithrí, Dóchas
1Mise an fear a d'fhulaing cruatan
faoi shúiste a dhíbheirge.
2Ní sa solas ach sa dorchadas
a thiomáin agus a sheol sé mé.
3I m'aghaidhse amháin a ardaíonn sé a lámha
ar feadh an lae go léir.
4Tá mo chorp agus mo chraiceann tnáite aige
bhris sé mo chnámha go léir.
5Thóg sé balla i m'aghaidh
agus thimpeallaigh mé le domlas agus duainéis.
6Thug sé orm cónaí sa dorchadas
ar nós na marbh a d'éag fadó.
7Thóg sé múr i mo thimpeall chun nach n‑éalóinn
agus chuir sé le meáchan mo shlabhra.
8Fiú amháin nuair a scread mé air ag lorg cabhrach,
thug sé an chluas bhodhar do m'achainí.
9Dhún sé na bealaí orm le clocha soghearrtha;
chuir sé cor i mo bhóithre go léir.
10Mar bhéar i luíochán nó mar leon in eadarnaí
bhí sé in oirchill orm.
11Chuir sé amú mé agus rinne sé ciorrú orm
agus d'fhág sé treascartha tréigthe mé.
12Theann sé a bhogha agus chuir sé i mo sheasamh mé
mar sprioc dá shaighead.
13Scaoil sé lán a bholgáin de shaigheada
isteach i m'áranna.
14Ceap magaidh ab ea mé ag an bpobal go léir,
mé i m'ábhar aoire acu ar feadh an lae.
15Líon sé mé le luibheanna searbha
agus chuir sé masmas orm le mormónta.
16Thug sé orm gairbhéal a mheilt faoi m'fhiacla,
agus chlúdaigh sé mé le luaithreach.
17Is fada ó mo chroí a dhíbir tú an tsíocháin
sa chaoi nach cuimhin liom céard is sonas ann.
18Is é a deirim: “Tá mo bhuaine curtha ó chrích;
tá deireadh leis an dóchas a mhúscail an Tiarna ionam.”
19Cuimhnigh ar m'angar agus ar mo chuid fánaíochta,
ar an mormónta agus ar an domlas.
20Is cuimhin liomsa go sármhaith iad
agus tá mo chroí spíonta istigh orm dá bharr.
21Ach tabharfaidh mé an smaoineamh seo chun mo chuimhne,
mar is é fáth mo dhóchais é:
22Tuile gan trá is ea buanghrá an Tiarna
agus ní théann tobar a thrócaire i ndísc.
23Athnuaitear iad gach maidin;
óir is daingean í a dhílseacht.
24“Is é an Tiarna mo chuid den saol,” a deirim,
“is ann mar sin a chuirim mo dhóchas.”
25Is maith é an Tiarna don té a choimeádann súil in airde leis,
don duine a bhíonn á lorg.
26Is maith an ní é fanacht go foighneach
le slánú an Tiarna.
27Is é leas an duine an chuing a iompar
le linn a óige.
28Agus suí go tostach ar leithrigh,
nuair a chuirtear air í,
29agus luí síos béal faoi sa luaithreach
- b'fhéidir go bhfuil ábhar dóchais ann fós -
30agus a leiceann a iompú chun an té a bhuaileann é
agus masla ar mhuin masla a fhulaingt.
31Óir ní go síoraí seasta
a shéanfaidh an Tiarna a phobal;
32má chránn sé féin, is truachroíoch é leis
de réir iomadúlacht a bhuanghrá;
33mar ní óna chroí a dhéanann sé
an Ádhamhchlann a chiapadh agus a chrá.
34Nuair a ghabhtar de chosa
i gcimí uile na tíre,
35nuair a sháraítear cearta an duine
i láthair an Té is Airde;
36nuair a thugtar cambhreith ar dhuine i gcúis dlí,
an amhlaidh nach bhfeiceann an Tiarna é?
37Cé a labhraíonn agus go ndéantar beart dá réir,
mura gceadaíonn an Tiarna é?
38Nach ó bhéal an Té is Airde
a thagann an t‑olc agus an mhaith?
39Cén fáth a ndéanfadh duine ar bith gearán,
go háirithe an fear atá ann fós d'ainneoin a pheacaí?
40Scrúdaímis agus iniúchaimis ár mbéasa
agus fillimis ar ais ar an Tiarna.
41Tógaimis ár gcroíthe agus ár lámha araon
chun Dé atá sna flaithis go hard.
42“Tá peacaí agus ceannairc déanta againne;
níor thug tú féin maithiúnas dúinn.
43Chuaigh tú sa tóir orainn agus feisteas feirge umat
agus rinne tú sléacht orainn gan trua.
44D'fholaigh tú thú féin i néal
ionas nach bpollfadh ár n‑urnaí tríd.
45Rinne tú dramhaíl agus bruscar dínn
i measc na náisiún.
46D'oscail ár naimhde go léir
a mbéal inár n‑aghaidh.
47Scanradh agus clais ghábhála is dán dúinn,
léirscrios agus lot.
48Tá linnte uisce le mo shúile
de dheasca dhíothú mo phobail ionúine.
49Sileann deora ó mo shúile gan stad,
mar ní bhfaighidh mé faoiseamh ar bith
50go mbreathnóidh an Tiarna anuas ó neamh
chun feachaint orm.
51Is crá croí dom a bhfeiceann mo shúile
dá bhfuil á fhulaingt ag iníonacha uile mo chathrach.
52An dream a bhí ina naimhde agam gan chúis,
chuaigh siad sa tóir orm mar éan.
53Chaith siad beo mé síos sa charcair
agus dhún siad le cloch orm í.
54D'éirigh an t‑uisce os mo chionn
agus dúirt mé: ‘Tá deireadh liom!’
55Ghlaoigh mé ar d'ainm, a Thiarna,
ó íochtar na carcrach doimhne.
56Chuala tú mo ghuí: ‘Ná tabhair an chluas bhodhar
do m'éamh agus mé ag iarraidh faoisimh.’
57Dhruid tú i mo leith an lá a ghlaoigh mé ort
agus dúirt: ‘Ná bíodh eagla ort.’
58D'agair tusa, a Thiarna, an chúis a raibh mo bhás ag brath uirthi
agus d'fhuascail tú m'anam.
59Chonaic tú, a Thiarna, an éagóir a rinneadh orm;
seas ceart dom.
60Chonaic tú conas mar a lig siad a nimh amach orm,
a ndrochbheartaíocht uile i m'aghaidh.
61Chuala tú, a Thiarna, faoina gcuid achasán,
faoina ndrochiompar uile i mo choinne,
62faoi cháineadh agus faoi chogarnaíl lucht m'ionsaithe
ar feadh an lae go léir.
63Bíodh siad ina suí nó ina seasamh,
féach gur mise is ábhar aoire acu.
64Bain sásamh astu, a Thiarna,
de réir a ndrochbheart;
65tabhair stuacacht chroí dóibh:
bíodh do mhallacht orthu;
66le teann feirge déan iad a thóraíocht agus a scrios
de dhruim na talún, a Thiarna.”

Currently Selected:

Leabhar na n-Olagón 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy