YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 9

9
Dall á Leigheas
1Agus ag gabháil na slí dó, chonaic sé duine a bhí dall ón mbroinn. 2D'fhiafraigh a dheisceabail de: “A raibí,” ar siad, “cé acu a rinne an peaca, é seo nó a thuismitheoirí á rá is gur rugadh ina dhall é?” 3D'fhreagair Íosa: “Ní amhlaidh a pheacaigh sé seo ná a thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann.
4Fad tá an lá ann, ní mór dúinn
oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh;
tá an oíche ag teacht nuair nach féidir d'aon duine
obair a dhéanamh.
5An fad atáim ar an saol
is mé solas an tsaoil.”
6Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill 7agus dúirt sé leis: “Imigh agus nigh i Linn Siolóam” - is é sin le rá, Seolta. D'imigh sé, nigh é féin agus d'fhill agus a radharc aige. 8Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: “Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?” Dúirt daoine: “Is é.” 9Dúirt daoine eile: “Ní hé, ach is cosúil leis é.” Dúirt sé féin: “Is mé é.” 10Dúirt siad leis ansin: “Conas a osclaíodh do shúile mar sin?” 11D'fhreagair sé: “An fear sin ar a dtugtar Íosa, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: ‘Imigh go Linn Siolóam agus nigh.’ D'imigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.” 12D'fhiafraigh siad: “Cá bhfuil sé?” “Níl a fhios agam,” ar sé.
13Thug siad chun na bhFairisíneach an té seo a bhí dall tráth. 14Ba é an tsabóid é an lá a rinne Íosa an láib agus a d'oscail sé súile an duine. 15D'fhiafraigh na Fairisínigh de arís mar sin conas a fuair sé a radharc. Dúirt sé leo: “Chuir sé láib ar mo shúile, nigh mé agus tá mo radharc agam.” 16Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: “Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Dúirt cuid eile: “Conas is féidir duine peacúil a dhéanamh míorúiltí mar iad seo?” Agus bhí aighneas eatarthu. 17Dúirt siad arís leis an dall dá bhrí sin: “Cad deir tusa mar gheall air ó d'oscail sé do shúile?” D'fhreagair sé: “Fáidh is ea é.” 18Ansin ní chreidfeadh na Giúdaigh go raibh sé dall agus go bhfuair sé a radharc nó gur ghlaoigh siad ar athair agus ar mháthair an té a fuair a radharc 19agus gur cheistigh siad iad: “An é seo bhur mac a deir sibh a rugadh ina dhall?” ar siad. “Conas go bhfuil radharc anois aige, mar sin?” 20D'fhreagair a thuismitheoirí: “Is eol dúinn,” ar siad, “gurb é ár mac é, agus gur dall a rugadh é. 21Ach conas go bhfuil radharc anois aige, ní eol dúinne, ná cé a d'oscail a shúile ní eol dúinne. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir; labhróidh sé ar a shon féin.” 22Labhair a thuismitheoirí mar sin mar bhí eagla na nGiúdach orthu. Óir bhí sé socair cheana ag na Giúdaigh aon duine a d'admhódh gurbh é an Críost é a dhíbirt as an tsionagóg. 23Mar gheall air sin is ea a dúirt a thuismitheoirí: “Tá sé in aois fir; cuirigí ceist air féin.”
24Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: “Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.” 25D'fhreagair seisean iad ansin: “Más peacach é - níl a fhios agam; tá a fhios agam aon ní amháin, go raibh mé i mo dhall ach anois go bhfuil radharc agam.” 26Dúirt siad leis ansin arís: “Cad a rinne sé leat? Conas a d'oscail sé do shúile?” 27D'fhreagair sé iad: “D'inis mé cheana daoibh é, agus ní éistfeadh sibh; cad ab áil libh á chloisteáil arís? An amhlaidh gur mian libhse a bheith in bhur ndeisceabail aige chomh maith?” 28Chaith siad asacháin leis ansin agus dúirt: “Bí-se i do dheisceabal aige siúd, ach is deisceabail do Mhaois sinne. 29Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois; ach an fear seo, ní fios dúinn cad as ar tháinig sé.” 30D'fhreagair an fear: “Is iontach an rud é go deimhin,” ar sé leo, “nach bhfuil a fhios agaibh cad as dó, agus gur oscail sé mo shúile domsa. 31Tá a fhios againn nach n‑éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin. 32Níor chualathas riamh ó thús an domhain gur oscail aon duine súile duine a rugadh ina dhall. 33Mura mbeadh gur ó Dhia an duine seo, níorbh fhéidir leis aon ní a dhéanamh.” 34D'fhreagair siad agus dúirt leis: “I bpeacaí a rugadh thusa ar fad, agus an dár dteagasc-na atá tú?” Agus chaith siad amach é.
35Chuala Íosa gur chaith siad amach é, agus nuair a fuair sé é dúirt sé leis: “An gcreideann tú i Mac an Duine?” 36D'fhreagair seisean: “Cé hé féin, a thiarna?” - ar sé leis - “chun go gcreidfinn ann.” 37Dúirt Íosa leis: “Tá sé feicthe agat, agus an té atá ag caint leat is é é.” 38Dúirt seisean: “Creidim, a Thiarna,” agus rinne sé ómós dó. 39Dúirt Íosa:
“Is chun breithiúnais a tháinig mé ar an saol seo,
i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann,
agus go ndallfaí an dream a fheiceann.”
40Chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair na focail sin agus dúirt siad leis: “Ní amhlaidh, ar ndóigh, atáimidne dall chomh maith?” 41Dúirt Íosa leo:
“Dá mbeadh sibh dall,
ní bheadh peaca oraibh,
ach anois deir sibh: ‘Tá radharc againn,’
agus leanann bhur bpeaca oraibh.”

Currently Selected:

Eoin 9: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy