YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 4

4
Taispeántar an Slánaitheoir do na Samáraigh
1Nuair a d'airigh an Tiarna gur chuala na Fairisínigh go raibh níos mó deisceabal á ndéanamh ag Íosa agus á mbaisteadh ná mar a bhí ag Eoin - 2fág nárbh é Íosa féin a bhí ag baisteadh ach a dheisceabail - 3d'fhág sé Iúdáia agus d'imigh sé arís don Ghailíl. 4Níorbh fholáir dó gabháil trí dhúiche na Samáire.
5Tháinig sé mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Suchar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef. 6Ansiúd a bhí tobar Iacóib. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair a ba ea é. 7Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce. Dúirt Íosa léi: “Tabhair dom deoch.” 8Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia. 9Dúirt an Samárach mná leis ansin: “Conas go n‑iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch ormsa agus gur Samárach mná mé?” Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh. 10D'fhreagair Íosa:
“Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi,
“agus cé hé a deir leat:
‘Tabhair dom deoch,’
is tusa a bheadh ag iarraidh airsean,
agus thabharfadh sé duit uisce beo.”
11“Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t‑uisce beo seo? 12An amhlaidh gur mó thú ná ár n‑athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?” 13D'fhreagair Íosa:
“Gach duine a ólann an t‑uisce seo,” ar sé léi,
“beidh tart arís air.
14Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó,
ní bheidh tart air go brách na breithe.
Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó,
déanfaidh tobar uisce de istigh ann,
ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”
15Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, tabhair dom an t‑uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.” 16Dúirt sé léi: “Imigh agus glaoigh ar d'fhear agus fill anseo.” 17D'fhreagair an bhean: “Níl fear agam,” ar sí leis. Dúirt Íosa léi: “Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’; 18óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé d'fhear é. D'inis tú an fhírinne sa mhéid sin.” 19Dúirt an bhean leis: “A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú. 20Ar an gcnoc seo a rinne ár n‑aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.” 21Dúirt Íosa léi:
“Creid uaimse é, a bhean
go bhfuil an uain ag teacht
nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim
a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.
22Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh;
adhraimidne an ní is eol dúinn;
mar is ó na Giúdaigh an slánú.
23Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é,
ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha
an tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne;
óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh.
24Spiorad é Dia, agus lucht a adhartha
is i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.”
25Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht” - is é sin le rá an Críost - “agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.” 26Dúirt Íosa léi: “Mise é atá ag caint leat.” 27Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?” 28Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus d'imigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine: 29“Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d'inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?” 30Ghluais deoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.
31Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.” 32Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.” 33Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: “An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?” 34Dúirt Íosa leo:
“Is é is bia domsa
toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh
agus a obair a chur i gcrích.
35Nach ndeir sibhse ‘Ceithre mhí eile
agus beidh an fómhar ann’?
Seo mise á rá libh:
Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt;
tá siad geal chun an fhómhair.
36Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin,
agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí,
i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir
agus ar an mbuanaí in éineacht.
37Óir is fíor don seanfhocal sa mhéid seo:
‘Cuireann duine, baineann duine eile.’
38Sheol mise sibhse uaim
chun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin.
Shaothraigh daoine eile é,
agus chuaigh sibhse isteach ina saothar.”
39Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: “D'inis sé dom gach ní dá ndearna mé.” 40Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus d'fhan sé ansiúd dhá lá. 41Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair 42agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.”
Leigheas Mhac an Oifigigh Ríoga
43Tar éis an dá lá d'fhág sé an áit sin agus d'imigh don Ghailíl. 44Óir Íosa féin go deimhin a thug fianaise nach bhfaigheann fáidh onóir ina dhúiche féin. 45Ach ar theacht don Ghailíl dó dá bhrí sin ghlac muintir na Gailíle é de bhrí go bhfaca siad na nithe go léir a rinne sé in Iarúsailéim lá na féile mar chuaigh siad féin ar an bhféile chomh maith.
46Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáum. 47Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus d'iarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis. 48Dúirt Íosa leis: “Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor.” 49Dúirt an t‑oifigeach ríoga leis: “Tar anuas, a dhuine uasail, sula bhfaighidh mo mhac beag bás.” 50Dúirt Íosa leis: “Imigh leat, tá do mhac beo.” Chreid an duine an focal a dúirt Íosa leis agus d'imigh. 51Ina bhóthar síos dó casadh a sheirbhísigh air agus d'inis siad dó go raibh a mhac beo. 52D'fhiafraigh sé díobh ansin cén uair a tháinig biseach air. Dúirt siad leis: “Ar an seachtú huair inné d'fhág an fiabhras é.” 53Thuig an t‑athair ansin gur ar an uair sin féin a dúirt Íosa leis: “Tá do mhac beo,” agus chreid sé féin agus a theaghlach ar fad.
54Is í seo an dara míorúilt eile a rinne Íosa nuair a tháinig sé ó Iúdáia don Ghailíl.

Currently Selected:

Eoin 4: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy