YouVersion Logo
Search Icon

Breithiúna Leabhar na mBreithiúna

Leabhar na mBreithiúna
Brollach
Insítear scéal Iosrael ón ngabháil (1235-1200 R.Ch.) anuas go dtí Sól, céad rí Iosrael (c. 1020 R.Ch.), i Leabhar na mBreithiúna. Ceangal lag a bhí idir na treibheanna i dtréimhse an leabhair seo (1200-1050 R.Ch.); ní raibh eatarthu ach an ceangal creidimh, gan treoraí náisiúnta acu, ná rialtas aontaithe. Bhí naimhde ar gach taobh de na treibheanna, agus nuair a bhíodh baol mór ag bagairt orthu, thagadh “breitheamh” nó fuasclóir ar an bhfód; laoch a bhíodh i gceist ar a “dtagadh Spiorad an Tiarna (de ruathar)” (Br. 3:10), á spreagadh chun a mhuintire a threorú i gcoinne a naimhde. Ní rí é an breitheamh, agus ní raibh gnó de ach fad a mhair an baol agus an chogaíocht; a charasma pearsanta ceannais féin amháin a spreagadh é chun birt.
Faoi thús na ré seo (c. 1200 R.Ch.), ní raibh na hÉigiptigh ag cosaint Chanán a thuilleadh agus níorbh iad na hIosraelaigh amháin a rinne gabháil air; rinne Muintir na Mara gabháil air freisin ar feadh an chósta. Chuir an mhuintir sin fúthu go háirithe sna Cúig Cathracha – Gazá, Aiscleon, Aisdeod, Eacrón agus Gat. Na Filistínigh an t‑ainm is coitianta a thugtar ar an muintir seo. Chuireadar státchathracha ar bun i gCanán, agus flaith i bhfeighil gach ceann díobh. Bhí cultúr tréan nua-aimsire acu, agus an tosach acu ar chiní eile mar gur acu amháin a bhí eolas ar bhruithniú miotail. Bhí sé i ndán do na Filistínigh a bheith ina naimhde bagracha ag na hIosraelaigh (nach raibh cónaí orthu ar ísleáin ach ar ardáin na Pailistíne) go dtí gur bhris an rí Dáiví glan orthu.
Ba dheacair cuntas leanúnach ar thréimhse na mbreithiúna a bhunú ar a bhfuil sa leabhar seo mar gur sraith d'eachtraí faoi leith atá ann. Sé tuairim ghinearálta a fhaighimid uaidh cibé scéal é ná gur thréimhse leanúnach chogaíochta é, le sos go minic. Taispeánann an tseandálaíocht go raibh an saol an-chorraithe sa 12ú agus san 11ú haois agus gur scriosadh a lán de na cathracha sa tréimhse sin.
Ba fhada ó aonad daingean nádúrtha é gabháltas Iosrael. Bhí ardáin na Pailistíne, seachas Iarúsailéim, ina seilbh; ach níorbh fhéidir leo an fód a sheasamh in aghaidh charbaid na bhFilistíneach ar na hísleáin (Iós. 17:11; Br. 1:19). Bhí greim ag na Canánaigh ar Mhá Easdraelón, rud a scar treibheanna na Gailíle ón gcuid eile laisteas. Bhí Gleann na Iordáine arís mar dheighilt idir na treibheanna thoir agus thiar. Bhí gnéithe aigeanta na tíre féin dá réir sin ina gceataí don aontacht Iosraelach.
Le linn na mbreithiúna bhí athruithe agus oiriúnú ar siúl: bhíothas ag athrú ó shaol na haoireachta go saol na talmhaíochta. Ní raibh an t‑athrú sa mhodh maireachtála chomh dian ná chomh tobann sin. Níorbh aon lucht fáin fásaigh dáiríre iad an mhuintir a tháinig isteach sa Phailistín, ach dream a raibh taithí acu ar shaothrú na talún ar shlí éigin. A lán acu, ba de shíol na nEabhrach úd iad a raibh taithí acu ar shaol tí agus áitribh le fada mar dhaoir san Éigipt. Ghabh a lán den phobal Canánach leis na hEabhraigh chomh maith; bhíodarsan agus a sinsir rompu curtha fúthu socair go leor sa tír cheana; ní raibh aon uaisle orthu ámh, ná mórán den lucht ceirde; bochtáin gan mhaoin gan stádas ab ea iad.
Ní féidir aon dátaí cinnte a lua le haon bhreitheamh. Is iomaí sort duine a bhí ina measc. Chuaigh cuid acu – leithéid Ghideón – i mbun a gcúraim de bharr gairme ar leith ó Dhia; ceithearnach ab ea duine eile acu – Iaftá – a d'fhéad margadh maith a dhéanamh; gaiscíoch duine eile – Samsón – agus fear mór ban. Ní dheachaigh aon duine díobh chun catha agus Iosrael go léir faoina cheannas. Ach gach duine díobh, chuaigh sé sa bhearna bhaoil nuair a bhí a mhuintir i ngábha, agus fuair sé an cheannasaíocht de bharr a bhua agus a charasma phearsanta.
An chéad bhreitheamh, Oitníéil, chuir sé cosc le hionradh ón tuaisceart. An dara breitheamh, Éahúd, bhí an bua aige i Móáb san oirthear theas. Níl d'eolas againn faoin tríú duine díobh Seamgar, ach gur throid sé in aghaidh na bhFilistíneach. Ní mar sin le Deabórá ná lena cogaíocht. Tá cuntas i bprós i c. 4 agus i bhfilíocht i c. 5 ar a cogaíocht. Chuir cath Tánác (c. 1125 R.Ch.) mar ar bhuaigh Deabórá agus Bárác, deireadh leis an bhfeachtas sin. Bhain na hIosraelaigh a ghabh páirt sa chath sin le Naftáilí agus Zabúlun ach gur tháinig roinnt fear ó Íosácár i gcabhair orthu. Thángadar le chéile ar Shliabh Tábór faoi cheannas Bárác. Tháinig na Canánaigh le chéile ina gcarbaid “ag Tánác agus uiscí Mhigideo” (5:19) faoi cheannas Shíseará. Ar aghaidh leo i dtreo Shliabh Tábór. Lá mór báistí agus abhainn Chiseon ag sceith thar a bruacha, thug na hIosraelaigh fogha de chois faoi charbaid na gCanánach agus chuadarsan ar lár sa talamh bog. D'fhág Síseará a charbad ansiúd agus theith leis soir de chois, ach maraíodh é. Bhí na hIosraelaigh gan charbaid chogaidh. Bhí carbaid ag na Canánaigh agus dá bharrsan bhíodh smacht acu de ghnáth ar Mhá Easdraelón. Chiallaigh sin go mbíodh na ceithre treibheanna thuaidh scartha ón gcuid eile.
Tá laoi Dheabórá (c. 5) ar sheoda na filíochta ársa Eabhraise. Is dócha gur scríobhadh í go luath tar éis na heachtra ar a dtráchtar inti. Iomann caithréime í, agus is dócha go bhfuil sí ar na tuairiscí stairiúla is ársa sa Bhíobla. Cloíonn sí le haon imeacht amháin, an bua ar Shíseará, agus tugtar moladh agus buíochas leis an Tiarna ar son an bhua. Cuireadh spiorad agus mothú an phobail in iúl i laoithe mar í seo, agus caomhnaíodh cuimhne imeachtaí staire tríothu i bhfad sular cuireadh aon chuntas ar phár. Fiú sa laoi sin tá macalla an bhróin, tagairt don easaontas ársa – dhiúltaigh cuid de na treibheanna cabhair a thabhairt in am an ghátair.
Bhí Iarubál mar ainm eile ar Ghideón (cc. 6-8). Cuireann an t‑ainm sin i gcuimhne dúinn go raibh Bál á adhradh in Iosrael fadó. Bhí Gideón ar lasadh le díograis ar son an Tiarna (6:25-32) agus chosain sé Iosrael ar ionraí ó lastoir den Iordáin, ag lucht camall Mhidián go háirithe. Dhíbir sé féin agus a bhuíon bheag, trí chéad laoch, na Midiánaigh ó Mhá Easdraelón, agus níor chuir siad isteach ar Iosrael a thuilleadh. Bhí an oiread sin measa ag an bpobal ar Ghideón go raibh fonn orthu rí a dhéanamh de; ach dhiúltaigh sé, le barr cráifeachta, mar nár theastaigh uaidh go mbeadh aon duine i gceannas ar Iosrael ach an Tiarna amháin (8:23). Ní mar sin dá mhac, Aibímeilic; ní raibh seisean i réim ach i Seicim, agus ní raibh comharba air.
Fuair an breitheamh Iaftá an bua ar na hAmónaigh lastall den Iordáin. Thug sé móid (11:30) go ndéanfadh sé an chéad duine a bhuailfeadh leis tar éis an bhua a íobairt don Tiarna. Ba é toradh truamhéileach a bhí air seo ná gur chaith sé a aon duine clainne, a iníon féin, a íobairt nuair a tháinig sí amach d'aon ghnó le fáilte a chur roimhe de bharr a chaithréime. Taispeánann an scéal bróin seo go raibh daoine á n‑íobairt in Iosrael féin ag an am sin.
Tugann Breithiúna c. 17 léargas dúinn ar chreideamh Iosrael fadó. Feicimid gur nós é ag teaghlaigh áirithe a scrín tinteáin féin a bheith acu, agus go ndéanadh ceann an teaghlaigh, nó a ionadaí, gnó sagairt ag an scrín. Bhí íol dá chuid féin ag Miceá, feirmeoir in Eafráim, agus thug sé Léivíteach siúil leis isteach mar shagart. Ag imeacht ó thuaidh dóibh, sciob treibh Dhán leo an t‑íol agus an sagart, agus bhunaíodar scrín dóibh féin sa tuaisceart.

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy