YouVersion Logo
Search Icon

Séamas 5

5
1Féachaigí anseo anois a lucht an tsaibhris, déanaigí gol agus olagón de bharr na dtubaistí atá le teacht sa mhullach oraibh. 2Chuaigh lobhadh ar bhur saibhreas agus d'ith na leamhain bhur gcuid éadaigh. 3Tá meirg tagtha ar bhur gcuid óir agus airgid, agus beidh an mheirg orthu ina fianaise in bhur n‑aghaidh agus alpfaidh sí bhur gcuid feola mar a dhéanfadh tine. Tá stór curtha i dtaisce agaibh le haghaidh na laethanta deireanacha! 4Féach, tuarastal na n‑oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe. 5Chaith sibh bhur saol ar talamh le só agus le sáile; chuir sibh saill ar bhur gcroí lá an áir. 6Dhaor sibh an neamhurchóideach agus mharaigh sibh é; ní chuireann sé in bhur gcoinne.
Aitheasc agus Comhairle
7Bíodh foighne agaibh dá bhrí sin a bhráithre go dtí teacht an Tiarna. Féach an feirmeoir agus é ag feitheamh le fómhar luachmhar na hithreach, agus foighne aige leis nó go bhfaighe sé an fhearthainn luath agus dhéanach. 8Bíodh foighne agaibhse chomh maith. Bíodh misneach agaibh in bhur gcroí mar tá teacht an Tiarna lámh linn. 9Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais. 10A bhráithre, bíodh na fáithe a labhair in ainm an Tiarna mar shampla agaibh den fhulaingt agus den fhoighne. 11Féach go bhfógraímid gurb aoibhinn dóibh siúd a sheas an fód. Chuala sibh faoi fhoighne Iób agus an chríoch a chur an Tiarna léi, mar go bhfuil sé lán de thaise agus de thrócaire.
12Ach thar aon ní eile, a bhráithre liom, ná tugaigí mionn, dar neamh ná dar talamh, ná dar aon mhionn eile. Nuair a bhíonn “sea” le rá agaibh, abraigí “sea,” agus “ní hea” nuair is “ní hea,” ionas nach dtiocfadh an daorbhreith oraibh.
13An bhfuil aon duine in bhur measc ag fulaingt? Guíodh sé. An bhfuil lúcháir ar dhuine éigin? Gabhadh sé duan molta. 14An bhfuil aon duine in bhur measc atá tinn? Cuireadh sé fios ar sheanóirí na heaglaise agus guídís os a chionn agus déanaidís é a ungadh le hola in ainm an Tiarna. 15Déanfaidh urnaí an chreidimh an t‑othar a shlánú agus tógfaidh an Tiarna suas é agus má tá peacaí déanta aige maithfear dó iad. 16Admhaígí bhur bpeacaí dá chéile agus guígí ar son a chéile ionas go leigheasfar sibh; is mór í éifeacht urnaí dhúthrachtach an duine fhíréanta. 17Duine daonna ab ea Éilias leis an nádúr céanna linn féin, agus ghuigh sé go dícheallach nach ndéanfadh sé aon bháisteach, agus ní dhearna sé deoir ar an talamh ar feadh trí bliana agus sé mhí. 18Ansin ghuigh sé arís agus thug an spéir an bháisteach agus thug an talamh a toradh uaithi.
19A bhráithre liom, má théann duine agaibh ar seachrán ón bhfírinne agus duine eile á thabhairt ar ais 20bíodh a fhios aige, an té a chasfaidh peacach ar ais óna sheachrán slí, go sábhálfaidh sé a anam ón mbás, agus go ndéanfaidh sé a lán peacaí a chlúdach as radharc.

Currently Selected:

Séamas 5: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy