Eabhraigh 1
1
Uaisleacht an Mhic
1Labhair Dia go minic agus ar shlite éagsúla anallód léis na haithreacha trí bhíthin na bhfáithe; 2ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann. 3Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda 4agus fuair sé gradam an oiread céanna níos uaisle ná na haingil is atá an t‑ainm a fuair sé mar oidhreacht níos uaisle ná a n‑ainm siúd.
5Óir cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Is tú mo Mhac, inniu a ghin mé thú”; agus arís: “Beidh mé i m'Athair aige agus beidh seisean ina Mhac agamsa”? 6Agus arís eile, nuair a sheol sé an Chéadghin isteach sa saol, dúirt sé leis: “Agus sléachtadh aingil uile Dé roimhe.”
7Deir sé i dtaobh na n‑aingeal: “Déanann sé gaotha dá aingil agus lasracha tine dá sheirbhísigh.” 8Ach is é a deir sé i dtaobh an Mhic ná: “Beidh do ríchathaoir ann, a Dhia, choíche is go deo,” agus: “Slat na córa is ea slat do réim-sé; 9thug tú grá don cheart agus fuath don urchóid; dá bharr sin d'ungaigh Dia, do Dhia féin, thú thar do chompánaigh le hola an ghairdis,” 10agus: “Is tú a Thiarna, a bhunaigh an domhan ar dtús; saothar do lámh is ea na spéartha; 11rachaidh siadsan ar ceal ach mairfidh tusa buan; ídeofar iad go léir mar chlóca; 12fillfidh tú ar a chéile iad mar bhrat agus mar chlóca freisin déanfar iad a mhalartú; ach ní thagann athrú ortsa in aon chor agus ní bheidh deireadh le do ré.”
13Agus cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Suigh ar mo láimh dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa”? 14Nach spioraid fhriothála iad go léir a chuirtear amach ag déanamh seirbhíse ar son na ndaoine a gheobhaidh an slánú mar oidhreacht.
Currently Selected:
Eabhraigh 1: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.