YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 2

2
Salm 2.
Quare fremuerunt gentes?
1Cad chuige a bhfuil an fraoch nimhe seo ar na náisiúin i gcuideachta a chéile: cad chuige a bhfuil na ciníocha ag beartú baoise?
2Éiríonn ríthe an talaimh, agus cuireann na taoisigh a gcomhairle le chéile: in aghaidh an Tiarna agus in aghaidh a ungthaigh, agus iad á rá,
3Brisimis a ngeimhle ó chéile: agus caithimis a gcuibhreacha uainn.
4Déanfaidh an té a shuíos ar neamh gáire magúil fúthu: beidh an Tiarna ag fonóid fúthu.
5Labhróidh sé leo ansin agus fíoch air: buairfidh sé iad agus é faoi mhórfhearg.
6Oirníodh rí liom féin: ar mo shliabh naofa, ar shliabh Síóin.
7Fógróidh mé an Aithne: is é dúirt an Tiarna liom, is Tú mo mhac, inniu a ghin mé tú.
8Iarr orm, agus tabharfaidh mé na náisiúin mar oidhreacht duit: agus críocha ciana an talaimh duit mar sheilbh.
9Brúfaidh tú iad le slat iarainn: brisfidh tú i mbloghanna iad mar shoitheach cré.
10Bíodh ciall agaibh mar sin, a ríthe: bíodh comhairle oraibh, a bhfuil in bhur mbreithiúna ar an talamh.
11Déanaigí seirbhís don Tiarna le heagla: bíodh lúcháir oraibh le hurraim roimhe.
12Pógaigí an mac, ar eagla go mbeadh fearg air, agus go rachadh sibh ón slí cheart agus chun scriosa, má lastar a fhearg dá laghad: is beannaithe an dream a chuireas a ndóchas ann.

Currently Selected:

Na Sailm 2: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy