Seanfhocal 19
19
1Is fearr an bochtán a mhaireann go fíréanta
ná an té atá saibhir ach claon ina shlite.
2Ní maith í an díograis gan an machnamh;
an té a bhrostaíonn a chéim, cailleann sé an tslí.
3A bhaois féin a scriosann conách duine,
ach is ar an Tiarna a thugann sé aghaidh a chaoraíochta.
4Méadaíonn cairde le méadú maoine,
ach tréigeann a aon chara an bochtán.
5Ní rachaidh an finné bréige gan phionós,
agus ní rachaidh fear na mbréag slán.
6Bíonn a lán ar thóir fabhar ón bhfial;
is cara ag gach aon duine an té a scaipeann bronntanais.
7Bíonn fuath ag a dheartháireacha go léir don bhochtán,
nach mó ná sin mar a theitheann a chairde uaidh.
...Bíonn focail de dhíth air, ach ní bhíonn siad ar láimh aige.
8An té a aimsíonn an eagna, fónann sé dó féin;
an té a dhéanann cúram den tuiscint, aimsíonn sé sonas.
9Ní rachaidh an finné bréagach gan phionós,
agus scriosfar an té a spalpann éitheach.
10Ní cuí don amadán maireachtáil i sócamas,
agus is lú ná sin is cuí do dhaor bheith i gceannas ar fhlatha.
11Cuireann ciall srian le fearg duine,
agus is glóir dó scaoileadh le coir.
12Is geall le glam leoin fearg rí,
ach le drúcht ar fhéar a ghnaoi.
13Scriosann amadán mic a athair;
is geall le sconna ar sileadh scabhlaeireacht mná.
14Tagann teach agus maoin mar oidhreacht athar,
ach tagann bean chiallmhar ó láimh an Tiarna.
15Cuireann leisce duine i dtoirchim suain,
ach beidh ocras fós ar an duine díomhaoin.
16An té a choimeádann na haitheanta, coimeádann sé é fein;
an té ar beag leis an briathar, gheobhaidh sé bás.
17An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna,
déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé.
18Cuir smacht ar do mhac fad a mhaireann an dóchas;
ná cuir romhat é mhilleadh ar fad.
19Díolfaidh fear an drochmhianaigh as;
scaoil leis agus is measa ná sin [a bheidh an scéal agat].
20Tabhair cluas do chomhairle, agus glac le teagasc,
le go mbeadh breis gaoise agat as seo amach.
21Is iomaí beartas a bhíonn á dtaibhreamh do dhuine,
ach is é aidhm an Tiarna a sheasfaidh buan.
22Bíonn súil le dílseacht ó dhuine,
agus is fearr bochtán ná bréagaire.
23Seolann eagla Dé chun na beatha;
an té a mbíonn sí aige,
bíonn bia agus fothain aige, gan scéin roimh aon olc air.
24Tumann an leisceoir a chrobh sa mhias,
ach ní bhacann le hé a bhreith chun a bhéil.
25Buail an scigire, agus mar sin is mó a bheidh an t‑aineolaí san airdeall;
ceartaigh fear na tuisceana agus beidh breis eolais aige.
26An té a chuireann a athair as seilbh, agus a chuireann a mháthair chun siúil,
is mac gan náire é agus ábhar masla.
27Ná tabhair cluas do theagasc a thuilleadh, a mhic,
más d'fhonn faillí a dhéanamh ina bhfuil le rá ag an eolas é.
28Tugann an drochfhinné tarcaisne don cheart;
alpann craos an urchóidigh an t‑olc.
29Tá [an bata] ullamh do scigirí,
agus léasadh do dhroim na n‑amadán.
Zur Zeit ausgewählt:
Seanfhocal 19: ABN
Markierung
Teilen
Kopieren
Möchtest du deine gespeicherten Markierungen auf allen deinen Geräten sehen? Erstelle ein kostenloses Konto oder melde dich an.
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.