Amos 5

5
Caibidil V.
An cor ar a bféidir lé Hisráel scrios do ṡeaċna.
1Eistiġse an ḃríaṫarso noċ ṫógḃuimsi súas ḃur naġaiḋ, eaḋon cáoineaḋ, a ṫiġ Israel.
2Do ṫuit maiġdion Israel; ní éireoċa sí ní is mó: do tréigeaḋ í air a dúṫaiġ; ní ḃfuil duine ar bioṫ dá tógḃáil súas.
3Oír is marso a deir an Tiġearna DIA; An ċaṫair do ċuáiḋ amaċ na míle, fúigfiḋ sí céud, agus an ċaṫair do ċuáiḋ amaċ na céad fúigfiḋ sí deiċneaṁar, ag tiġ Israel.
4¶ Oír is marso a deir an TIĠEARNA ré tiġ Israel, Iarruiḋsi misi, agus mairfiḋe:
5Aċt ná híarruiḋ Bet‐el, agus ná héirġiḋ a steaċ go Gilgal, agus ná gluáisiġ go Beer‐seba: óir raċfuiḋ Gilgal go deiṁin a mbraiġdionas, agus raċfuiḋ Bet‐el a neiṁní.
6Iarruiḋ an TIĠEARNA, agus mairfiḋe; deagla go mbrisfeaḋ sé amaċ aṁuil teine a ttiġ Ióseṗ, agus go loisgfioḋ sé é, agus naċ bíaḋ duine air bioṫ a Mbet‐el do ṁúċfaḋ é.
7Siḃse iompoiġios breiṫeaṁnus a murmónta, agus léigios díḃ fíréantaċt annsa ttalaṁ,
8Iarruiḋ an té do ní na seaċt réulta agus Orion, agus iompoiġios scáile an ḃáis a maidin, agus do ní an lá dorċa ris a noiḋċe: noċ ġoirios air uisgeaḋuiḃ na fairge, agus ḋóirtios amaċ íad ar ġnúis na talṁan: isé An TIĠEARNA a ainm:
9Noċ neartuiġios an té ḃíos creaċta a naġaiḋ an neartṁair, iondus go ttiucfaiḋ an drong ċreaċta a naġaiḋ an daingin.
10Fúaṫuiġid síad an té aiṫḃirios annsa ġeata, agus gráinid ris an té laḃras go díreaċ.
11Ar a naḋḃarsin do ḃríġ gorub air an mboċt ṡaltras siḃ, agus go mbearṫaói úaluiġṫe cruiṫneaċda úaḋa: do rinneaḃair tiġṫe do ċloċaiḃ snoiġte, aċt ní áitreoċṫaói ionta; do ṗlannduiġeaḃair fíneaṁna taitneaṁaċa, aċt ní ioḃṫaói fíon díoḃ.
12Oír is aiṫnid daṁsa ḃur niomad ciontaḋ agus ḃur bpeacuiḋe an‐ṁóra: céusuid an fíréun, glacuid cuṁaiḋ, agus fillid an boċt do leaṫṫáoiḃ annsa ġeata.
13Uimesin toċdfuiḋ an duine críonna san namsin; oír is droċaimsir í.
14Iarruiḋ maiṫ, agus narab olc, ċor go mairfiḋe: agus marsin go mbiáiḋ an TIĠEARNA, Día na slóġ, liḃ, mar do laḃraḃair.
15Fúaṫuiġiḋ an tolc, agus gráḋuiġiḋ an ṁaiṫ, agus suiġiḋ breiṫeaṁnus annsa ġeata: dob éidir go mbíaṫ an TIĠEARNA Día na slóġ grásaṁuil ré híarasma Ióseṗ.
16Uimesin an TIĠEARNA, Día na slóġ, is marso, a deir an Tiġearna; Biáiḋ caói annsna huile ṡráidiḃ; agus a déaruid annsna huile ṡliġṫiḃ móra, Mó ṫruáiġe! mo ṫruaiġe! agus goirfiḋ an fear oibre ċum cuṁa, agus an luċt ḃíos éolaċ a ccaóineaḋ ċum caóinte.
17Agus biáiḋ caóineaḋ ann gaċ uile ġárraḋa fíneaṁna: óir géaḃa misi ṫríd, a deir an TIĠEARNA.
18A ṁairg ḋíḃsi air a ḃfuil fonn laói an TIĠEARNA! cred é so ḋíḃ se? is dorċadus lá an TIĠEARNA, agus ní solus.
19Aṁuil dá tteiṫeaḋ duine roiṁe leoṁan, agus go tteigeoṁaḋ beṫir air; no go raċaḋ a steaċ annsa tiġ, agus a láṁ do léigion air an mballa, agus aiṫir niṁe do ḃreiṫ air.
20 Naċ buḋ dorċadus lá an TIĠEARNA, agus ni solus? eaḋon ro ḋorċa, agus gan soillsi ar bioṫ ann?
21¶ Fúaṫuiġim, dísbeaguim ḃur laéṫe feusta, agus ní ḃoiltneoċa mé ann ḃur ccoiṁṫionóluiḃ sollamonta.
22Bíoḋ go nofráluiḋe ḋaṁsa ofráil loisge agus ḃur nofrála bíḋ, ní ġéaḃa misi íad: ní mó ċuirtios mé suim a nofrála síoḋċána ḃur mbeaṫaċ méiṫ.
23Beir ṫusa uáim fuáim do ċaintic: óir ní éistfe mé ceól haḋḃuiḋ.
24Aċt rioṫaḋ breiṫeaṁnus síos aṁuil uisgeaḋa, agus fíréantaċt aṁuil sruṫ laidir.
25Nar ofrálaḃair ḋaṁsa íoḋbarṫa agus ofrála annsa ḃfásaċ ceaṫraċad bliaḋan, a ṫiġ Israel?
26Aċt diomċraḃair tabernacuil ḃur Moloċ agus Ċiun ḃur níoṁáiġe, réult ḃur ndé, noċ do rinneaḃair ḋíḃ féin.
27Uimesin do ḃéara misi oruiḃsi dul a ndaóirsine táoḃ ṫall do Ḋamascus, a deir an TIĠEARNA, darab ainm, Día na slóġ.

Valgt i Øjeblikket:

Amos 5: BedellG

Markering

Kopiér

Sammenlign

Del

None

Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind