Amos 6
6
Caibidil VI.
Do ni macnus ċluinne Israel, 7 dáor 12 doiṫ‐leiġis, íad.
1Aṁairg don ṁuinntir atá a socaṁal ann Sion, agus ċuirios a ndóiġ a sliaḃ Ṡamáriah, noċ dá ngoirṫear tóġa na ccineaḋaċ, ċum a ttáinic tiġ Israel!
2Imṫiġiḋ siḃsi go Calneh, agus feuċuiḋ; agus éirġiḋe as sin go Hemat mór: annsin imṫiġiḋ síos go Gát na Ḃṗilistineaċ: an féarr íad náid na rioġaċtasa? nó an mó a tteórainn ná ḃur tteóruinnsi?
3Siḃsi ċuirios a ḃfad uáiḃ an droċ lá, agus do ḃeir ar ċaṫaóir a néigin do ṫeaċt a ḃfogus;
4Noċ luiġios ar leabṫaċaiḃ ioṁóg, agus ṡínios íad féin air a leabṫaċaiḃ, agus iṫios na huáin amaċ as an ttréad, agus na gaṁna as lár an stalla;
5Noċ ċánas le fuáim an ḃíol, agus ġléasas dóiḃ féin aḋḃaḋa ciúil, cosṁuil re Dáiḃi;
6Noċ iḃios fíon a mbullaḋuiḃ, agus ungas íad féin leis na holuiġiḃ is toġṫa: aċt ní ḃfuil doilġios orra ar son anṡóġ Ióseṗ.
7¶ Anois uimesin raċfuid síad a mbraiġdionas leis an ccéaddroing raċfus a láiṁ, agus áiṫreoċtar fleaḋ na droinge do ṡín íad féin.
8Do ṫug an TIĠEARNA Día é féin mar ṁionnuiḃ, a deir an TIĠEARNA Día na slóġ, Fúaṫuiġim oirḋearcus Iácob, agus fúaṫuiġim a ṗáláis: uimesin seaċóduiġ mé súas an ċaṫair gun a ḃfuil innte uile.
9Agus tiucfuiḋ a ccríċ, má ḟanann deiċneaṁar fear a neintiġ, go ḃfuiġid síad bás.
10Agus tóigfe dearḃraṫair a aṫar súas é, agus an té loisgios é, do ṫaḃairt a ċnáṁ amaċ as an ttiġ, agus a déara sé ris an té ḃías ag táoḃuiḃ an tiġe, An ḃfuil duine ar bioṫ agad? agus a déara seision, Ní ḃfuil. Annsin a déara seision, Coisg do ṫeanga: óir ní ḟéadmaoidne teaċt ṫar ainm an TIĠEARNA.
11Oír féuċ, daiṫin an TIĠEARNA, agus buáilfiḋ sé an tiġ mór le briseaḋiḃ agus an tiġ beag le scoiltiḃ.
12¶ An rioṫfuid eiċ air an ccaruic? an ttreaḃoċṫa aon le daṁuiḃ? óir dfilleaḃair breiṫeaṁnus ċum domblais, agus toraḋ a nionracuis a muinṁear:
13Siḃsi noċ ṡólasuiġios ann ní gan taḋḃaċt, noċ a deir, Naċ ar ġaḃamar ċugainn aḋarca le ar neart féin?
14Aċt, féuċ, tóigfe misi súas cineaḋ ḃur naġaiḋ, a ṫiġ Israel, a deir an TIĠEARNA Día na slóġ; agus buáiḋeoruid síad siḃ ó ḋul a steaċ Hemat go haḃuinn a nfásuiġ.
Valgt i Øjeblikket:
Amos 6: BedellG
Markering
Kopiér
Sammenlign
Del
Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.