Přejít na obsah

Íseáia 2

2
An tSíocháin Bhuan
1Fís Íseáia mhic Ámóz i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim.
2Titfidh sé amach san am atá le teacht
go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air
os cionn na sléibhte,
agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é.
Tiocfaidh na ciníocha go léir ina sruth go dtí é;
3is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh:
“Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna
go teach Dhia Iacóib,
chun go múine sé dúinn a shlite
agus go siúlaimis a bhealaí.”
Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach,
agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.
4Beidh smacht aige ar na ciníocha
agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal,
agus buailfidh siad a gclaimhte amach ina soic chéachta
agus a sleánna ina gcorráin.
Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh
ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
5A theaghlach Iacóib, tagaigí,
agus siúlaimis i solas an Tiarna!
Fiosrú an Tiarna
6Is ea, dhiúltaigh tú do do phobal,
do mhuintir Iacóib;
tá an tír lán le lucht feasa,
agus le draíodóirí ar nós na bhFilistíneach;
agus bítear ag bualadh boise le heachtrannaigh.
7Tá a ndúiche lán airgid agus óir
agus níl deireadh go deo lena dtaiscí;
tá a ndúiche lán de chapaill
agus níl deireadh lena gcarbaid;
8tá a dtír lán de dhéithe bréige...
Sléachtann siad go talamh i láthair saothar a lámh féin;
os comhair an rud a dhealbhaigh a méara féin.
9Ísleofar an duine, tabharfar céim síos don duine;
ná maith dóibh é.
10Imigh leat i measc na n‑ailteanna,
gábh i bhfolach sa láib,
ar aghaidh scéin an Tiarna
agus maise a mhórgachta,
nuair a éiríonn sé
chun an talamh a chroitheadh.
11Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna;
ísleofar díomas an duine.
Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin.
12Sea, lá Thiarna na Slua a bheidh ann,
i gcoinne an uile uabhair agus dhíomais,
i gcoinne an uile ghradaim, chun a bhascadh,
13i gcoinne chéadras na Liobáine go léir
agus chrann darach Bháiseán go léir,
14i gcoinne na sléibhte buacacha ar fad
agus na gcnocán ard ar fad,
15i gcoinne na dtúr ard uile
agus na mbábhún crioslaithe uile
16i gcoinne loingeas Thairsís go léir
agus a n‑earraí luachmhara go léir...
17Ísleofar an t‑uabhar daonna,
tabharfar béim síos do dhíomas an duine.
Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin,
18agus caithfear síos na déithe bréige go léir.
19Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig,
isteach i bpluaiseanna an talaimh,
ar aghaidh scéin an Tiarna
agus maise a mhórgachta,
nuair a éiríonn sé
chun an talamh a chroitheadh.
20An lá sin, caithfidh an duine chuig na caocháin agus chuig na sciatháin leathair na híola airgid agus na híola óir a dhealbhaigh sé dó féin lena n‑adhradh,
21nuair a rachaidh sé a lorg dídine i ngága na gcarraig
agus i scoilteanna na n‑ailteanna
ar aghaidh scéin an Tiarna
agus maise a mhórgachta,
nuair a éiríonn sé
chun an talamh a chroitheadh.
22Ná bíodh do mhuinín sa duine a thuilleadh,
nach bhfuil ach puth ghaoithe ina pholláirí.
Cén luach a chuirfí Síos dó?