Uiḃreaċa 4
4
Caibidil IV.
Aóis agus aimsir friṫeola na Nléḃiteaċ. 5 Agus neiṫeann oile ḃeanus dá noifig.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise agus ré Háaron, ġa ráḋ,
2Glacuiḋ uiḃir ṁac Ċohat ó ḃeiṫ a measc ṁac Léḃí, do réir a inuinntear, tre ṫiġe a naiṫreaḋ,
3O ṫríoċad bliaḋan daois agus ós a ċionn go nuige umurró caogod bliaḋan daois, a nuile ḋuine raċus annsa tslúaġ, do ḋéanaṁ saoṫair a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe.
4Sí so serḃis ḃias ag macaiḃ Ċohat a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, timċioll na neiṫeann ro náoṁṫa:
5¶ Agus a nuair raċus an slúaġ ar a naġuiḋ, tiucfa Aáron, agus a ṁic, ugus leagfuid síos an brat foluiġe, agus foileoċuid aírc na fiaġnuisi leis:
6Agus cuirfid úirṫe do ċroicniḃ broc, agus leiṫneoċuid táoḃ a muiġ air éadaċ do ġorm uile, agus cuirfid a ṁaidiḋe a steaċ ann.
7Agus ar ḃord an aráin ṫaisbéanta leaṫneoċuid siad éadaċ do ġorm, agus cuirfid na míasa ar sin, agus na líaċa, agus na scaluiḋe, agus na foluiġ a ḟoileoċus: agus biáiḋ an tarán síorruiḋe air:
8Agus leiṫneoċuid siad éadaċ scarláoide orra, foileoċuid siad sin lé folaċ do ċroicniḃ broc, agus cuirfid a ṁaídiḋe a steaċ ann.
9Agus géaḃuid ċuca éadaċ do ġorm, agus foileoċuid coinnleóir an tsoluis, agus a lampuiḋe, agus a ṫeannċuiriḋe, agus a ṁiása smóil, agus a uile ṡoiṫiġe ola, lé ndéanuid siad frioṫoluṁ ḋó:
10Agus cuirfid siad é féin agus a ṡoiṫiġe uile a stiġ a ḃfolaċ do ċroicniḃ broc, agus cuirfid siad air ḃarra é.
11Agus ar a naltóir órḋa leiṫneoċuid siád éadaċ do ġorm, agus foileoċuid é dfolaċ do ċroicniḃ broc, agus cuirfid na maidiḋe fáoi:
12Agus geaḃuid ċuca uile ionstrumintiġ an ḟrioṫoilte, lé ndéanuid serḃís annsa tsanctóir, agus cuirfid iad a néadaċ do ġorm, agus foileoċuid íad dfolaċ do ċroicniḃ broc, agus cuirfid ar ḃarra íad:
13Agus béaruid leó an luaiṫ ón altóir, agus leiṫneoċuid éadaċ purpair air:
14Agus cuirfid air a ṡoiṫiġe uile, le ndéanuid frioṫolaṁ gaċa táoḃ ḋe, martá na tuiseareḋ, na haḋala, agus na sluaiste, agus na baisíniġ, agus uile ṡoiṫiġe na haltóra; agus leiṫneoċuid siad air folaċ do ċroicniḃ broc, agus cuirfid a ṁaidiḋe fáoi.
15Agus a nuair ċríoċnoċus Aáron agus a ṁic folaċ na sanctóra, agus uile ṡoiṫiġe na sanctora, mar ḃias an campa ag gluasaċd ar aġaíḋ; tar éis sin, tiocfuid mic Ċohat dá iomċar: aċd ni ḃeanfuid re héinní beannuiġṫe, deagla a mbásuiġṫe. Ag so úalaċ ṁac Ċohat a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫé.
16¶ Agus ré hoifig Eleásair ṁic Aáron an sagart ḃeanus a nóla ċum an tsoluis, agus an túis ḋeaġḃoluiḋ, agus a nofráil laéṫeaṁuil ḃíḋ, agus a nola ungṫa, agus feiṫeaṁ ós cionn an tabernacuil uile, agus gaċ uile neiṫe da ḃfuil ann, annsa tsanctóir, agus iona ṡoiġṫiġiḃ.
17¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise agus re Haáron, gá ráḋ,
18Ná gearruiḋ a maċ treaḃ ṁuinnteara na Gcohatíteaċ ó ḃeiṫ a measc na Leḃíteaċ:
19Aċd déanuiḋ mar so riú, ċor go mairfid siad, agus naċ ḃfuiġid bás, a nuair ṫiocfaid a ngar na neiṫeann ro naoṁṫa: raċuiḋ Aáron agus a ṁic a steaċ, agus oírdeoċuid gaċ éinneaċ ḋíoḃ iona ṡerḃís féin agus iona ualaċ:
20Aċd ní raċuid siad a steaċ dféaċuin anúair ḟoileoċtar na neiṫe naoṁṫa, deaglá go ḃfuiġedís bás.
21¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ḋá ráḋ,
22Glac ċugad mar an gcéadna uiḃir ṁac Gerson, líon tiġṫiḃ a naiṫreaḋ, do réir a muinntear;
23O ṫríoċad blíaḋan daois agus ós a cionn go nuige caogad bliaġan dáois áireoṁus tú iad; an ṁéid ṫeid a steaċ ḋeanaḋ na seirḃise, do ḋéanaṁ na hoibre a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe.
24 Sí so serḃís ṁuintire na Ngersoníteaċ, serḃís do ḋéanaṁ, agus ualaċ diomċar:
25Agus iomċoruid siad cúirtíniġ an tabernacuil, águs tabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, a ḟolaċ, agus an folaċ, do ċroicniḃ broc ḃías ṡúas aír, agus brat doruis ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe.
26Agus croċaḋ na cúirte, agus croċaḋ do ḋorus geata na cúirte, nóċ ḃías láiṁ ris an tabernacuil agus ris a naltóir timċioll fa ccuairt, agus a ccorduiḋe, agus a nuile instrumeint a serḃíse, águs gaċ uile ní da ndearnaḋ ḋóiḃ: is mar sin do ḋéanuid a ḃfrioṫolaṁ.
27Ar orduġaḋ Aáron agus a ṁac ḃías an uile ṡerḃis ṁac na Ngersoníteaċ, iona núaluiġiḃ, agus iona seirḃís uile: agus oirdeoċuiḋ siḃ ḋóiḃ a gcúram a núaluiġe uile.
28Sí so serḃís ṁuinntire ṁac Gérson a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe: agus biaiḋ a gcúram fáoi láiṁ Itamar mac Aáron an sagart.
29¶ Ar son ṁac Ṁerári, coṁáirfe tú íad do réir a muinntear, tre ṫiġe a naiṫreaḋ;
30O ṫríoċad bliaḋan daois agus ós a ċionn go nuige caogad bliaḋan daóis airéoṁas tú íad, gaċ uile ḋuine da raċaiḋ ċum serḃíse, do ḋéanaṁ oibre ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe.
31Agus sé so cúram a núalaiġ, do réir an uile ṡerḃíse a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe; cláir an tabernacuil, agus a ḃarruiḋe, agus a ṗiléir, agus a ṡoicéid,
32Agus piléir na cúirte timċioll fa gcuairt, agus a soicéid, agus a tairrngiḋe, agus a gcórduiḋe, maille re na nuile serḃís: agus áireaṁa siḃ go hainmneaṁuil ionstrúmentiġ ċúruim a núaluiḋ.
33 Si so serḃís ṁuintire ṁac Ṁerári, do réir a serḃíse uile, a ttabearnacuil an ċoṁċruinniġṫe, fo láiṁ Itamar ṁic Aáron an sagart.
34¶ Agus do áir Maóise agus Aáron agus deaġḋáoine an ċoṁċruinniġṫe mac na Cohatitiġ do réir a muinntear, agus do réir ṫiġe a naiṫreaḋ,
35O ṫríoċad bliaḋan dáois agus ós a ċionn go nuige caogad bliaḋan dáois, gaċ éinneaċ da dtéid san tserḃís, ċum na hoibre a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe:
36Agus an ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ do réir a muinntear do ḃádar dá ṁíle seaċd ccéud agus caogad.
37Agus is íad so an ṁéid do háirṁeaḋ do ṁuinntearuiḃ na Ccohatíteaċ, an ṁéid dár ḃféidir serḃís do ḋéanaṁ a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, noċ do áir Máoise agus Aáron do réir aiṫne an TIĠEARNA lé láiṁ Ṁáoise.
38Agus an ṁéid do háirṁeaḋ do ṁacaiḃ Gerson, líon a muinntear, agus tre ṫiġe a naiṫreaḋ.
39O ṫríoċad bliaḋan dáois agus ós a ċionn go nuige cáogad bliaḋan dáois, a nuile ḋuine da raċaiḋ annsa tserḃís, ċum oibre ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe,
40An ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, lion a muintire, tre ṫiġṫiḃ a naiṫreaḋ, do ḃádar ḋá ṁíle sé ċead agus tríoċad.
41 Is íad so an ṁéid do háirṁeaḋ do ṁuinntearuiḃ ṁac Gerson, don uile dá ttáinic serḃís do ḋéanaṁ a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, noċ do áir Máoise agus Aáron do réir aiṫne an TIĠEARNA.
42¶ Agus an ṁéid do háirṁeaḋ do ṁuintearuiḃ ṁac Merári, ar feaḋ a muinnteare, tre ṫiġuiḃ a naiṫreaḋ,
43O ṫrioċad bliaḋan dáois agus ós a ċionn go nuige caógad bliaḋan dáois, anuile ḋuine dá dtéid annsa tserḃís, ċum oibre ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe,
44An ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ do réir a muinntire, do ḃadár trí ṁíle agus da ċéud.
45 Is íad so an ṁéid do háirṁeaḋ do ṁuinntír ṁac Ṁerári, nóċ do áir Máoise agus Aáron dó réir ḃréiṫre an TIĠEARNA le láiṁ Ṁáoise.
46An ṁéid sin uile dár háirṁeaḋ do na Leḃítiḃ, noċ do áir Máoise agus Aáron agus maiṫe ċloinne Israel, do réir a muintire, agus do réir ṫiġe a naiṫreaḋ,
47O ṫríoċad bliaḋan dáois agus ós a ċionn go nuige caogad bliaḋan dáois, gaċ éanduine da ttáinic dul do ḋéanaṁ serḃíse miniostralaċda, agus serḃíse a núaluiḋ a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe,
48An ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, do ḃádar oċd míle agus cúig ċéud agus ceiṫre fiċid.
49Do réir aiṫne an TIĠEARNA do náirṁeaḋ íad lé láiṁ Ṁáoise, gaċ éanduine do réir a ṡerḃíse, agus do réir a úaluiġ: mar so do coṁáireaḋ íad leis, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁáoise.
Právě zvoleno:
Uiḃreaċa 4: BedellG
Zvýraznění
Kopírovat
Porovnat
Sdílet
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.