Exodus 37
37
Caibidil XXXVII.
Ata so ag leanṁuin fós ar obair an tabernacuil do ullṁuġaḋ.
1Agus do rinne Besaleel a náirc do ċrann Sitim: ḋá ċuḃad go leiṫ do ḃí iona fad, agus cuḃad go leiṫ iona leiṫead, agus cuḃad go leiṫ iona háirde.
2Agus do ḟoluiġ í le hór fíorġlan amuiṫ agus a stiġ, agus do rinne ḋi coróin óir timċioll fá gcuáirt.
3Agus do ṫeilg ḋi ceiṫre ḟáinne óir, dá ceiṫre coirnealuiḃ; eaḋón ḋá ḟáinne ar áon táoḃ ḋí, agus ḋá ḟáinne ar áon ttáoḃ ḋí, agus ḋá ḟáinne ar an ttáoḃ eile.
4Agus do rinne sé maidiḋe do ċrann Sitim, agus do ḟoluiġ sé le hór íad:
5Agus do ċuir na maidiḋe ann sna fáinniḋiḃ ré táoḃ na háirce, diomċur na háirce.
6Agus do rinne an suiḋe trócaire dór ḟíorġlan; ḋá ċuḃad go leiṫ do ḃí iona ḟad, agus cuḃad go leiṫ iona leiṫead.
7Agus do rinne ḋá ċerubin dór, ar na mbúalaḋ amaċ as énṗíosa do rinne sé íad, ar ḋá ċéann an tsuiḋe ṫrócaire;
8Aon ċérub ar an gcionn don táoḃsa, agus ċerub eile ar an gceann don táoiḃ úd: amaċ as an tsuiḋe ṫrócaire do rinne sé na ċerubíniġ ar a ḋá ċeann.
9Agus do leaṫnuiġeadar na ċerubíniġ amaċ a scíaṫáin go hárd, agus do ḟolċadar lé na sciaṫánuiḃ ós cionn an tsuiḋe ṫrócaire, guna naiġṫiḃ gaċ áon ar a ċéile; leaṫ ris an tsuiġe ṫrócaire do ḃádar aiġṫe na ċerubíniġ.
10Agus do rinne sé an bórd do ċrann Sitim: ḋá ċuḃad dób é a ḟad, agus cuḃad a leiṫead, agus cuḃad go leiṫ a áirde:
11Agus do ḟoluiġ sé é lé hór fíorġlan, agus do rinne ḋó coróin dór timċioll fá gcuáirt.
12Mar an gcéadna do rinne sé ḋó imiol do leiṫead baise timċioll fá gcuairt; agus do rinne coróin óir dá imiol sin timċioll fá ccuáirt.
13Agus do ṫeilg sé ḋó ceiṫre ḟáinne óir, agus do ċuir na fáinniḋe ar na ceiṫre coirnéuluiḃ ann a ċeiṫre ċosuiḃ.
14Ṫall ar aġaiḋ a nimil do ḃádur na fáinniḋe, áite na maideaḋa ċum an ḃuird diomċur.
15Agus do rinne sé na maidiḋe do ċrann Sitim, agus do ḟoluiġ sé dór íad, diomċur an ḃuird.
16Agus do rinne sé na soiṫiġe do ḃí ar an mbórd, a ṁíasa, a líaċa, agus a ċupáin, agus a ḃrat ċum a ḟolaċ, dór ḟíorġlan.
17Agus do rinne sé an coinnleóir dór ḟíorġlan: dobair ḃuáilte do rinne sé ann coinnleóir; a ċos, agus a ḃeangáin, a scáluiḋe agus a ċnaip, agus a ḃláṫa, do ḃádur don ccéudna.
18Agus sé ḃeangán ag dul amaċ as a ṫáoḃuiḃ; trí ḃeangan don ċoinnleóir as táoḃ ḋé, agus trí ḃeangán don ċoinnleoir as an ttáoḃ eile.
19Trí scála ar na ndéanaṁ do reir ċumṫa almóinne a nénḃeangán, cnap agus bláṫ; agus trí scála déanta aṁail almóinne a mbeangán eile, cnap agus bláṫ; mar sin ar fad amaċ na sé mbeangan ag dul amaċ as an gcoinnleóir.
20Agus do ḃádur ceiṫre scala annsa ċoinnleóir deanta aṁail almoinne, a ċnaip, agus a ḃláṫa:
21Agus cnap fáoi ḋá ḃeangán don ccéadna, agus cnap faoi ḋá ḃeanġán don ccéadna, agus cnap faói ḋa ḃeangán don cceadna, do réir na sé mbeangán ag dul amaċ as.
22Do ḃádur a ccnaip agus a mbeangáin don ccéadna; do ḃi sé uile a néan obair ḃuáilte dor ḟíorġlan.
23Agus do rinne sé seaċd lampa, agus a smólġlantóire, agus a ṁiása smóil, dór ḟíorġlan.
24 Do ṫallann dór ḟiorġlan do rinne sé é, agus a ṡoiġṫiġe uile.
25Agus do rinne sé altóir na túise do ċrann Sitim: bá cuḃad a fad, agus cuḃad a leiṫead; do ḃí sí ceaṫairḃeannaċ, agus ḋá ċuḃad na hairde, do ḃádar a beanna don ccéadna.
26Agus do ḟoluiġ sé í le hór fíorġlann, aráon a huaċdar, agus a taóiḃ fa gcúairt, agus a beanna: mar an gceadna do rinne sé ḋi coróin óir timċioll fá gcuairt.
27Agus do rinne ḋá ḟáinne óir ḋi fáoi na coróin, láiṁ ré na ḋá ċoirnéul, ar a ḋá ṫáoḃ, do ḃeiṫ na náitiḃ ag na maidiḋiḃ lé na níomċórṫuiġ í.
28Agus do rinne na maidiḋe do ċrann Sitim, agus do ḟoluiġ sé le hór íad.
29Agus do rinne a nola ungṫa naoṁṫa, agus an túis ġlan do spiósra deaġḃoluiḋ, do réir oibre an ṗotecaríġ.
Právě zvoleno:
Exodus 37: BedellG
Zvýraznění
Kopírovat
Porovnat
Sdílet
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.