Iób 39
39
1An eol duit conas a bheireann an gabhar sléibhe a mheannán?
Ar thug tú faoi deara na heilití ag breith?
2An eol duit an iomaí mí a bhíonn siad ag tórmach?
An eol duit cathain a bheireann siad?
3Cúbann siad chucu ag breith a lao
Agus saolaítear a n‑óg dóibh [gan scáth san fhásach].
4Nuair a bhíonn toirt agus neart sna laonna,
Imíonn siad leo, gan filleadh ar ais orthu.
5Cé a scaoil leis an asal fiáin?
Cé a bhain an laincis den ghlamaire mear?
6Thug mé an fásach dó mar dhúchas,
Agus na machairí salainn mar áit lonnaithe.
7Is beag air trácht na cathrach,
Agus ní éisteann le glaonna tiománaí.
8Na sléibhte raon an fhéaraigh a thaistealann sé,
Agus is ansiúd a lorgann sé aon ní glas.
9An bhfuil an damh allta sásta oibriú duit,
Nó an oíche a chaitheamh ag do mhainséar?
10An féidir duit é a cheangal sa scríob le téada
Nó an ndéanfaidh sé an gleann a fhuirseadh i do dhiaidh?
11An féidir duit a bheith ag brath air de bharr a nirt éachtaigh,
Agus ligean dó do thromshaothar a dhéanamh?
12An féidir duit a bheith ag brath air go bhfillfidh sé,
Agus do ghrán a thabhairt chun dʼurlár buailte?
13An bhfuil aon dul ag sciathán na hostraise
Ar chlúmh an chorr éisc agus an tseabhaic?
14Óir ligeann sí a huibheacha uaithi ar an talamh,
Agus fágann ansiúd le gor ag an gcré iad,
15Gan cuimhneamh air go satlódh cos orthu,
Nó go mbrúfadh ainmhí allta iad.
16Is garg a bhíonn sí lena gearrcaigh, amhail is nár léi iad;
Is cuma léi más saothar in aisce a saothar.
17Óir rinne Dia ar bheagán céille í,
Agus níor thug aon chuid di sa tuiscint.
18Ach nuair a bhíonn sí ag breith chuici féin agus go mbaineann sí feidhm as a hairde,
Is féidir di gáire faoin each agus a mharcach.
19An tusa a thugann a chumas don each,
Agus a chuireann an mhaing scuabach mar bhrat ar a mhuineál?
20An tusa a chuireann ag léim é mar an dreoilín teaspaigh?
–Nach mór an scanradh é a sheitreach maorga!
21Bíonn sé ag crúbáil sa ghleann le bród as a neart.
Téann sé i ngleo an chatha le pramsáil íogair.
22Gáireann sé faoin scéin, gan mairg ar bith air;
Ní thugann sé a chúl leis an gclaíomh.
23Bíonn an bolgán saighead ag cleatráil ar a dhroim,
Agus an tsleá lonrach, agus an ga.
24Cuireann sé na mílte de go mear le fraoch is cufach;
Nuair a shéidtear an stoc ní féidir cosc a chur leis.
25Le gach séideadh den stoc, deir sé: “Hupsaí!”
Faigheann sé boladh an chatha i bhfad i gcéin,
Agus cloiseann liúireach na dtaoiseach agus an gheoin.
26An le comhairle dʼeagnasa a éiríonn an seabhac sa spéir,
Agus a leathann sé a sciatháin don turas ó dheas?
27An le hordú uaitse a eitlíonn an t‑iolar in airde
Agus a dhéanann sé a nead sna harda?
28Lonnaíonn sé agus neadaíonn ar an gcarraig,
I ndaingean clochach na haille.
29Bíonn sé ag faire na seilge ón áit sin,
Agus a shúile á spíonadh i bhfad uaidh.
30Déanann a ghearrcach fuil a shúrac;
Mar a mbíonn na corpáin, ansiúd a bhíonn sé.
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.