Psalm 2

2
II Psalm.
1Cionas fa’r ġaḃ na geinte buil’,
’S fa’r ċruinniġdís na slóiġ,
’Sar smuainiġdis air ḋioṁáoineas,
Naċ ḃfonfuiḋ ċoíḋċe ḋóiḃ?
2Ríġṫe na talṁan d’eiriġ suas,
’S Riaġlóiriḋe móra tréun;
’Naġuiḋ an Tiġearna ċóṁárliġeadar;
’Sa naġuiḋ áon‐ungṫa féin.
3Briseam o ċéile a ccuiḃreaċa,
(A duḃradar gaċ áon,)
Gaċ ceangal dar mian iaṫaḋ or’nn,
Teilgeamáoid uile ḋinn.
4An te ata ’sna flaiṫis ṡuas,
Do ġniḋse gáire fúiṫ’;
Mar aḋḃar maguiḋ bei’d do ṡiór
Ag Tiġearna na síoṫ.
5Laḃroċuiḋ se le briaṫruiḃ borb
Le corruiḋe ṁóir go garg;
A’s craḋfuiġ se an ḃuiḋean ṫruaġ,
Le lasraċ a’s le feirg.
6Gíḋeaḋ do hungaḋ leam mo riġ
’Na uaċd’rán buaḋṁar cáoiṁ;
Agus ċuir me é na ṡuiḋe suas
Air Ṡion, mo ċnoc naoṁ’.
7An reaċd úd, leam go ḃfoillseoċar;
’Deir an Tiġearna rium,
Is tu mo ṁacsa; la so ’niuġ
Do gineaḋ ṫusa liom.
8Iarr orm, ’smar oiġreaċd ḃearfad duit,
Na geinte uile ’sa sluaġ;
A’s ḃéara me ḋuit mar ṡeilḃ ṡáor,
Críoċa na cruinne buan.
9Gniḋṫear le slait don iaran ċruaiḋ,
Go luaṫ a mbriseaḋ leat;
Na’ mbloḋuiḃ beaga prontar iad,
Mar ṡoiġṫeaċ criaḋ led neart.
10A riġṫe, uimesin, anois,
Bioḋ siḃse glic go léir;
A ḃreaṫaṁuin na talṁan fós,
Glacuiḋse teagasg géur.
11Don Tiġearna Iehoḃa tréun,
Foġnuiḋse ḋó go ceart,
Le creaṫuiḃ a’s le luaṫġáriḋe,
Do Ṫiġearna na ḃfeart.
12A ḋáoine póguiḋe uile an mac!
’Nois tuguiḋe ḋósan póg
D’eagla go lasaḋ ḟeirg san suas,
D’ar mileaḋ annsa ród.
An tan do ḃiḋean corruiḋe air
Ag lasaḋ beag da luiġead.
’S beannuiḋe an dreamsoin uile fós
Ḋóiġeas ann le foiġid.

目前选定:

Psalm 2: PSA1836G

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录

YouVersion 使用 cookie 来个性化你的体验。使用我们的网站,即表示你同意我们根据我们的隐私政策来使用 cookie。