Geinis 24

24
Cuirtear Seirbhíseach Ábraham go Mesapotamia; Tagann Rebecca ar ais leis agus Póstthar ar Isaac í.
1Bhí Ábraham aosta fo'n am seo, agus é i bhfad ins na bliadhantaí; agus bhí beannacht an TIGHEARNA tugtha air in gach uile nidh. 2Agus ars é leis an tseirbhíseach a ba shine sa toigh aige, agus a bhí 'n-a rialtóir ar gach a rabh aige: “Cuir do lámh faoi mo cheathramhain, 3go gcuirim faoi mhionna anTighearna agus Dé neimhe 's talaimh thú, nach ngabhann tú bean de chuid íngeana na gCanáanach mar chéile do mo mhac—iad siud go gcómhnuighim in a measc. 4Acht go rachaidh tú go dtí mo dhúithcha 's mo ghaoltaí féin, agus go dtoghfaidh tú asta sin, bean do mo mhac Isaac.” 5D'fhreagair an seirbhíseach: “Mura dtigidh an bhean liom ar ais annseo, an gcaithfidh mé do mhac a thabhairt ar ais go dtí an áit os a dtáinigis?” 6Agus arsa Ábraham: “Seacháin! 's ná tabhair mo mhac ar ais chugam go bráth. 7An Tighearna Dia neimhe, a thóg amach as toigh m'athar mé, agus amach as mo thír dhúthchais, a labhair liom 's thug a mhionna, arádh: ‘Do do shíol-sa bhearfaidh mé an tír seo,’ cuirfidh sé a aingeal rómhat agus taoghfaidh tú as sin bean-chéile i gcóir mo mhic-sa. 8Acht, mura dtigidh (leanann thú) an bhean leat, ní bhéidh tú faoi bhrigh an mhionna. Acht féach! Ná tabhair mo mhac ar ais chugam arís.” 9Leis sin chuir an seirbhíseach a lámh faoi cheathramhain Ábraham, a thighearna, agus thug a mhionna ar an bhriathar seo.
10Agus leis deich gcaiméal de thréad a mhaighistir, agus d'imthigh leis, agus roinnt de gach earraidhe d'á chuid ar iomchar aige, agus thriall sé leis a' deanamh ar Mhesapótania, go cathair Nachoir. 11Agus tráth leig sé dona caiméilibh luighe síos, taobh amuigh de'n chathair, i n-aice le tobar uisce, san tráthnóna—fa'n am is gnáthach leis na mná teacht amach a' tarraint uisce—, ars eisean: 12“A Thighearna, a Dhia mo mhaighistir Ábraham, tar i mo threo indiu, guidim thú, agus taisbeáin cinealtas do mo mhaighistear, Ábraham. 13Féach annseo i mo sheasamh mé taobh le tobar an uisce, agus tiocafaidh íngneacha muinntir na cathrach seo amach ag tarraingt uisce. 14Mar sin de, an mhaighdean le n-a n-abróchaidh mé, ‘Leag síos do chrúiscín go n-ólaidh mé,’ agus freagruigheadh sise, ‘Ól leat, agus bhearfaidh mé deoch do do chuid caiméal freisin,’ bíodh sise mar an bhean chéile atá saláthriughthe agat do d' sheirbhíseach Isaac; agus san dóigh seo tuigfidh mise go bhfuil tú ag taisbeaint cinealtais do mo mhaighistear.”
15Ní túisce na focla seo ráidhte aige leis féin, ná tháinig amach Rebecca, ínghean Bhathueil, mac Mhelcha, ean Nachoir—D'reathair Ábraham—, agus crúiscín ar a gualainn aicí. 16Bean óg iongantach datahamhail, agus maighean áluinn; agus nár bhain feor láithe ariamh. Agus chuaidh sí sías go dtí an tobar 's líon a crúiscín agus bhí a' pilleadh. 17Agus rith an serbhíseach in a h-airchis, agus ars eisean: “Tabhair 'o m deoch bheag uisce as do chrúiscín le h-ól.” 18Agus thug sise freagra air: “Ól, a thighearna,” Agus gan mhoill leag sí an crúiscín anuas ar a sciathán, 's thug droch dó. 19Agus nuair a bhí ólta aige, ars ise: “Tarraingeóchaidh mé uisce do do chuid caiméal, fosta, go n-ólaidh siad go léir.” 20Agus dhóirt sí a rabh san chrúiscín isteach ins na h-umaraibh, agus rith ar ais chuig an tobar a tharraingt uisce: agus nuair tharraing (sí) thug sí do na caiméilibh uilig. 21Acht bhí seisean a' smaoiteamh, a' breathnú uirthí, agus é n-a thost [] ag cur ceiste air féin ar raibh ráth Dé air in a thuras, no nach raibh.
22Agus nuair bhí a sáith ólta ag na caiméilibh, thóg an fear amach na cluas-fháinní óir, dhá shicles i meadhchán; agus an méad[] céadna de bhraisleidí, deich sicles i meádhchán. 23Agus ar seisean léithe: “Cé leis thú, a ínghean? Innis domh: An bhfuil fairsingeacht lóisdín i dteach d'athar?” 24Agus d'fhreagair sise: “Is mise ínghean Bhathueil, mac Mhelcha, a rug sí do Nachor.” 25Agus d'innis dó, freisein,: “Tá stór maith cocháin agus féir againn, agus neart fairsinge i gcóir óstaidheachta.” 26D'úmhluigh an fear é féin agus rinne adhradh do'n Tighearna 27a rádh: “Go moltar (go mbeannuighthear) Dia Ábrahaim, mo mhaighistear, nár bhain a thrócaire ná a fhírinn de mo mhaighistear, agus a thug an bealach díreach mé isteach go dtí teach d'reathar mo mhaighistir.”
28Leis sin rith an cailín (isteach) agus d'innis i dtoigh a mháthar gach [] rud a chuala sí. 29Agus bhí d'reathair ag Rebecca d'arbh ainm Labán, 's d'imthigh seisean amach gan mhoill chuig an bhfear ag an tobar. 30Agus nuair chonnaic sé na cluas-fháinní agus braisléidí i lámha a dheirbhsiuir agus nuair chuala sé gach dhubhairt sise, a rádh, “Mar seo 'seadh labhair an fear liom,” tháinig sé go dtí an fear a bhí in a sheasamh taobh leis na caiméilibh, in-aice le tobar an uisce, 31Agus ars í leis: “Teir isteach, a dhuine atá beannuighthe ag an Tighearna. Cad tuige duit bheith i do dheasamh amuigh? Tá an teach ullmhuighthe agam, agus áit do na caiméil.” 32Agus thug sé isteach é chuige n-a lóisdín; agus scaoil sé an úghaim e na caiméilibh, agus thug cochán agus féar (dóibh); agus uisce le n-a chosa a níghe, agus cosa na bhfear a tháinig in-éinfheacht leis. 33Agus leagadh arán (síos) os a chómhair, acht ars eisean: “Ní íosaidh mé no go dtabhairfidh mé mo theachtaracht.” D'fhreagair sé é: “Abair leat.”
34Ars eisean: “Seirbhíseach Ábraham mise. 35Agus bheannuigh an Tighearna mo mhaighistear go móir, agus tá sé in a dhuine mhór anois, agus thug sé dó caoirigh agus mairt, airgead agus ór, fir freasdala agus mná freasdala, caméil agus asail. 36Agus do rug bean mo mhaighistir, Sara, mac do mo mhaighistear, in a sean-aois, agus thug sé dó-san gach a rabh aige. 37Agus chuir mo mhaighistear faoi bhrigh mhionna mé, a rádh: ‘Ná tóg bean chéile do mo mhac as na Canaáníthigh, a gcríoch-san in a chomhnuighim. 38Acht téigh go dtí teach m'athar, agus faigh bean de chuid mo mhuinntire féin i gcóir mo mhic.’ 39Acht d'fhreagair mé mo mhaighistear: ‘Cuir i gcás nach dtiocfadh an bhean liom?’ 40‘An Tighearna go shiubhlaim in a fhiadhnuise,’ ars eisean, ‘cuirfidh sé a aingeal leat, agus treoireóchaidh sé ar an bhealach thú, agus taoghfaidh tú bean fa choinne mo mhic as mo ghaoltaí féin, agus de theaglach m'athar. 41Acht beidh tú saor ar mo mhallacht, an uair thiocfas tú chuig má dhiultuigheann siad bean a thabhairt duit.’
42“Agus tháinig mé indiu go dtí an tobar uisce, agus dubhairt: ‘A Thighearna, a Dhia mo mhaighistir Ábraham, má chuir tú an ráth ar mo thuras, in a siubhlaim anois, 43féach, im' sheasamh mé taobh leis an tobar uisce. Agus an mhaighdean a thiocfas amach a tharraingt uisce, a chluifeas mé a' rádh: “Tabhair 'om beagán uisce as do chrúicín le h-ól,” 44agus a eirfeas liom: “Ól leat, agus tarraingeóchaidh mé (uisce) i gcóir do chuid chaiméal.” Bíodh sise an bhean chéadna atá indán ag anTighearna do mhac mo mhaighistir.’
45“Agus an fhaidh 's bhí a' smaoiteadh dom féin ar na náithe seo, chonnaic mé Rebecca ag teacht agus crúiscín léithe ar a gualainn, agus chuaidh sí síos chuig an tobar agus tharraing sí uisce (as). Agus arsa mise léithe: ‘Tabhair 'om beagán le h-ól.’ 46Agus leag sí anuas an crúiscín ó n-a gualainn gan mhoill, agus ars ise: ‘Ól leat, agus bhearfaidh mé deoch do do chuid caiméall.’ D'ól mé, agus thug sí uisce do na caiméilibh. 47Agus d'fhiafruigh mé dí: ‘Cé leis thú, a ínghean?’ Agus d'fhreagair sise: ‘Is mise íngean Bhathueil, mac Nachor, a rug Melcha dó.’ Agus le sin chuir mé cluas-fháinní uirthí a' maisiú a h-éadáin, agus chuir mé braisléidí ar a lámhaibh. 48Agus thuit mé síos a thabhairt adhradh do'n Tighearna, ag moladh (beannúigh) Tighearna Dia mo mhaighistir, Ábraham, a threoirigh ar an bhealach díreach mé le nínghean dh'reathar mo mhaighistir a thabhairt liom fa choinne a mhic. 49Mar sin de, má ghní tú (beart) le fírinne agus le trócaire do mo mhaighistear, cuir sin in-iul dom; acht má's é a mhalairt sin is toil leat, cuir sin, freisin, in-iul dom, ionnnus go rachaidh mé ar taobh na láimhe deise no ar thaobh na láimhe clé.”
50Thug Labán Bathuel freagra: “Tháinig an briathar ón Tighearna. Ní féidir linn chur in-iul duit an rud is taithneamhach leis-sean. 51Féach! Sin Rebecca os do chómhair, tabhair leat í, agus bí ar do thriall, do labhair an Tighearna.” 52Ar a chloisint sin do sheirbhíseach Ábrahaim chaith sé é féin (thuit sé) ar an talamh 's thug adhradh do'n Tighearna. 53Agus thóg sé amach seodaí, d'airgead 's d'ór, agus éadaigh, 's thug do Rebecca iad mar phronntanas, thairg sé pronntanaisí, fosta, d'á dh'reathracha agus d'á máthair. 54Agus rinneadh réidh fladh (féasta) 's d'ith siad 's d'ól siad i gcuideacht a chéile, agus chuir siad fútha ann.
Agus maidin lá ar n-a bháireach d'eirigh an seirbhíseach, agus ars é: “Leigtear dom imtheacht, go dteaighim (ar ais) chuige mo mhaighistear.” 55'S d'fhreagair an d'reathair agus am mháthair: “Leig do'n mhaighdin fanacht againn deich lá, ar a laighead, agus 'n-a dhéidh sin imtheóchaidh sí.” 56“Ná cuirigidh moill orm,” ars eisean, “Óir chuir an Tighearna an ráth ar mo thuras. Cuirigidh ar shiubhal mé ionnus go bpillfidh mé ar mo mhaighistear.” 57Agus ars iad-san: “Glaoidhimís ar an mhaighdin go bhfeicfimid cad is toil léithe-se a dheanamh.” 58Ghlaoidh siad uirthí, 's nuair tháinig sí d'fhiafruigh siad dí: “An rachthá leis an fhear seo?” “Rachaidh,” ars ise.
59Agus leig (chuir) siad ar shiubhal í féin, agus a buime, agus seirbhíseach Ábrahaim agus a bhuidhean chuideachta. 60Ag guidhe sonais ar a ndeirbhshiuir, 's a rádh: “Is tú ár ndeirbhshiuir, go méaduightear thú fa na mílte míle, agus go seilbhighidh do shíol (do shliocht) geataí a gcuid námhaid.” 61Agus nuair cuireadh Rebecca agus a cailíní aimsire in a suidhe in-áirde ar na caiméilibh, lean siad an fear. 'S phill seisean go tapaidh chun a mhaighistir.
62Fa'n am chéadna, bhí Isaac ag siubhal an bealach go dtí an tobar ar a dtugtar “Tobar an bhith 's an tchí”, óir bhí cómhnaidhe air san deischeart. 63Agus bhí sé ag siubhall roimhe san machaire, ag machtnú dó féin, óir bhí an lá beagnach caithte. Agus ar dtógáil a chuid súl dó, tchí sé (na) caiméil i bhfad-uaidh, 's iad a' druidim in a threo. 64Agus chonnaic Rebecca é, 's thuirling sí de'n chaiméal. 65Agus dubhairt leis an seirbhíseach: “Cé h-é an fear úd atá a' teacht n-ár dtreo, ar an mhachaire?” Agus ars eisean léithe: “'Sé mo mhaighistear é siud.” Agus thóg sise a clóca agus chlúduigh sí í féin. 66Agus thug an seirbhíseach cunntas d'Isaac ar a' chuid imtheachtaí uilig. 67Agus thug seisean isteach í i mbóth a mháthar Sara. Agus ghlac mar bhean-cheile í; agus thug méad a ghrádha chomh mór sin dí, gur laigheaduigh sin go mór an brón a bhí air fa bhás a mháthar.

Àwon tá yàn lọ́wọ́lọ́wọ́ báyìí:

Geinis 24: ABNPOD

Ìsàmì-sí

Pín

Daako

None

Ṣé o fẹ́ fi àwọn ohun pàtàkì pamọ́ sórí gbogbo àwọn ẹ̀rọ rẹ? Wọlé pẹ̀lú àkántì tuntun tàbí wọlé pẹ̀lú àkántì tí tẹ́lẹ̀