Na Sailm 61
61
Salm 61.
Exaudi, Deus.
1Éist le mo ġlaoċ, a Ḋia: taḃair cluas do mʼurnaí.
2Glaofaiḋ mé ort ó ḋeireaḋ an doṁain: nuair is tromċroíoċ mé.
3Cuir suas mé ar an gcarraig is airde ná mé: ó ba tú mo ḋóċas, agus mo ṫúr láidir in aġaiḋ na naiṁde.
4Cónóiḋ mé i do ṗailliún go deo: agus beiḋ mé i muinín do sciaṫán mar ḟoscaḋ.
5Óir dʼéist tú, a ṫiarna, lem iarratas: agus ṫug tú oiḋreaċt don dream a mbíonn eagla orṫu roiṁ dʼAinm.
6Bronnfaiḋ tú fad saoil ar an rí: go mbí a ḃlianta ag síneaḋ ar feaḋ a dtiocfaiḋ de ġlúna.
7Mairfiḋ sé go deo os coinne Dé: ullṁaiġ do ṫrócaire ġráṁar agus do ḋílseaċt, go gcuṁdaí siad é.
8Is aṁlaiḋ a ṡeinnfeas mé molaḋ dʼAinm: go gcoṁlíonfaiḋ mé mo ṁóideanna gaċ lá.
Àwon tá yàn lọ́wọ́lọ́wọ́ báyìí:
Na Sailm 61: OC1965G
Ìsàmì-sí
Daako
Ṣe Àfiwé
Pín
Ṣé o fẹ́ fi àwọn ohun pàtàkì pamọ́ sórí gbogbo àwọn ẹ̀rọ rẹ? Wọlé pẹ̀lú àkántì tuntun tàbí wọlé pẹ̀lú àkántì tí tẹ́lẹ̀
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965