Salm 15

15
Slí na Beatha Suthaine
1 Salm le Dáiví.
A Thiarna, cé dhéanfaidh cónaí i do bhoth?
Cé lonnóidh ar do shliabh naofa?
2An té a shiúlann gan cháim;
an té a dhéanann fíréantacht
agus a labhraíonn go díreach óna chroí;
3an té nach ndéanann tromaíocht lena theanga;
an té nach ndéanann olc dá chomharsa
is nach dtugann masla don duine thall;
4an té ar beag aige an drochdhuine
agus ar mór aige lucht eagla an Tiarna;
an té nach ngabhann siar ar a bhriathar
bíodh gur mhionnaigh chun a dhochair féin;
5nach gcuireann a chuid airgid ar úsaireacht,
ʼs nach nglacann le breab in aghaidh an neamhchiontaigh.
An té a dhéanfaidh amhlaidh
ní bhainfear dá threoir é go brách.

Àwon tá yàn lọ́wọ́lọ́wọ́ báyìí:

Salm 15: ABN2012

Ìsàmì-sí

Daako

Ṣe Àfiwé

Pín

None

Ṣé o fẹ́ fi àwọn ohun pàtàkì pamọ́ sórí gbogbo àwọn ẹ̀rọ rẹ? Wọlé pẹ̀lú àkántì tuntun tàbí wọlé pẹ̀lú àkántì tí tẹ́lẹ̀