Acht bhí an neart in a bhógha, agus bhí a ghéaga 's a lámha scaoilte ó chuibhreach, ag an té (Dia) cómhachtach le Iacob: as sin tháinig sé 'n-a aodhaire, cloch Israel. Beidh Dia d'athar 'n-a chongantóir agat, agus beannóchaidh an t-Uile-chomhachtóir thú, le beannacht ó neamh thuas le beannacht na bochna thíos, le beannachtaí na gcíoch 's na bruinne.