Na Sailm 74
74
Salm 74.
Ut quid, Deus?
1A Dhia, cad chuige a bhfanann tú uainn chomh fada sin: cad chuige a bhfuil do dhíbheirg chomh te sin in aghaidh caorach do pháirce?
2Smaoinigh ar do chomhthionól: a cheannaigh tú, agus a dʼfhuascail tú fadó.
3Smaoinigh ar threibh dʼoidhreachta: agus ar chnoc Shíóin ina mbíodh do chónaí.
4Géaraigh ar do choisíocht, go scriosa tú ar fad gach namhaid: dá ndearna olc i do shanctóir.
5Cuireann do naimhde gáir astu i measc do chomhthionól: agus cuireann siad a mbratacha in airde mar chomharthaí.
6An té a shnoíodh adhmad as crainn na coille: dʼfhaigheadh sé clú agus cáil roimhe sin ar a ealaín.
7Ach anois tá an obair ghreanta á briseadh anuas acu: le tuanna agus le casúir.
8Chuireadar dʼáiteanna naofa le tine: agus tá áit chónaithe dʼAinm truaillithe, leagtha chun talaimh acu.
9Is é rud a dúradar ina n‑intinn féin, scriosaimis ar fad iad le chéile: is amhlaidh loisceadar a bhfuil de thithe Dé sa tír.
10Ní fheicimid ár gcomharthaí, níl aon fháidh le fáil níos mó: níl, ná nil duine againn níos mó a bhfuil tuiscint aige.
11A Dhia, ca fhad a bheidh an eascara ag cur míchlú ort: ca fhad a mhaslóidh an namhaid dʼAinm, an go deo?
12Cad chuige nach gcuireann tú do lámh isteach: cad chuige nach dtarraingíonn tú do lámh dheas as dʼucht go gcuire tú an namhaid ar neamhní?
13Óir is é Dia mo Rí le fada riamh: is é féin oibríos gach cúnamh dá bhfaightear ar talamh.
14Rinne tú dhá leath den fharraige le do chumhacht: bhris tú cinn na ndragún san uisce.
15Bhris tú cinn Lebhiatáin i mbloghanna: go dtug tú é mar bhia do bheithígh an fhásaigh.
16Chuir tú toibreacha agus uisce as na carraigeacha crua: agus thriomaigh tú uiscí móra.
17Is leat an lá, agus is leat an oíche: is tú a dʼullmhaigh an solas agus an ghrian.
18Is tú a chuir críocha uile an talaimh: is tú a rinne an samhradh agus an geimhreadh.
19Cuimhnigh air seo, a Thiarna, conas a thug an namhaid achasán: agus a thug an mhuintir amaideach masla dod Ainmse.
20Ná lig anam dʼfhéaráin le slua na namhad: nárbh iad do dhearmad iad go deo comhthionól na mbocht.
21Féach ar an gconradh: óir tá an talamh uile lán de dhorchadas, agus de thithe míthrócaireacha.
22Ná himíodh an duine simplí faoi náire: ach bíodh an bochtán agus an dearóil ag tabhairt molta do dʼAinm.
23Éirigh, a Thiarna, pléigh do chúis féin: cuimhnigh ar an masla a chuireas an duine amaideach ort gach lá.
24Ná déan dearmad de ghlór do naimhde: tá díomas lucht dʼfhuatha ag síormhéadú.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 74: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965