Na Sailm 73
73
Salm 73.
Quam bonus Israel!
1Is fíorghrámhar Dia dʼIosrael: bíonn grá aige do lucht an chroí ghlain.
2Ina dhiaidh sin, is beag nár thit mé: is maith nár sciorr mo chosa as fúm.
3Agus cad chuige? De bhrí go raibh aiféala orm faoi na peacaigh: agus as ucht an tséin a chonaic mé ar lucht an oilc.
4Óir ní thagann baol an bháis orthu: ach bíonn siad go folláin láidir.
5Ní thiteann an mí‑ádh orthu, mar thiteann ar dhaoine eile: ní chuirtear an phlá orthu mar chuirtear ar na fir eile.
6Agus sin an fáth go mbeireann an díomas orthu: agus go mbíonn siad lán de mhíthrócaire.
7Bíonn siad bolgshúileach le tréan raimhreachta: agus ní dhéanann siad ach mar is mian leo.
8Bíonn siad mealltach diamhaslach: labhraíonn siad in aghaidh an Té is Airde.
9Síneann siad a mbéal i dtreo na neamh: agus imíonn a dteanga ar fuaid an talaimh.
10Ar an ábhar sin glacann na daoine a bpáirt: agus ní beag an tairbhe a bhaineas siad as.
11Nach cuma, adeir siad, conas a aireodh Dia é: an bhfuil eolas ag an Té is Airde?
12Féach, siúd mar bhíonn lucht an oile: bíonn a leithéidí faoi rath sa domhan, agus seilbh acu ar saibhreas.
13Agus dúirt mé, má tá an scéal amhlaidh, is díomhaoin a ghlan mé mo chroí: agus a nigh mé mo lámha i neamhchiontacht.
14Bhítí do mo phianadh i rith an lae: agus cuirtí smacht orm gach maidin.
15Is ea, is beag nach ndúirt mé an rud a deir siad: ach féach, dá ndéanainn, bheinn ag daoradh aicme do chlainne féin.
16Smaoinigh mé ansin ar sin a thuiscint: ach bhí sé ródheacair dom.
17Go ndeachaigh mé isteach i sanctóir Dé: ba ansin a thuig mé críoch déanach na ndaoine sin;
18Thuig mé conas a chuireann tú in áiteanna sleamhaine iad: agus mar chuireann tú síos iad agus mar a scriosann tú iad.
19Nach tobann a chuirtear ar neamhní iad: a dhíláithrítear iad, agus a théann siad chun críche uafásaí!
20Mar imíonn brionglóid le dúiseacht: is amhlaidh a chuirfidh tú a n‑íomhá ar ceal as an gcathair.
21Ba amhlaidh a crádh mo chroí: agus a chuaigh arraing trí mo lár.
22Ba amhlaidh bhí mé amaideach, aineolach: mar ainmhí éigéillí i do láthair.
23Ina dhiaidh sin, níl am nach mbím i do chomhair: óir rug tú greim ar mo láimh dheas.
24Beidh tú do mo threorú le comhairle: agus do mo ghlacadh chugat sa ghlóir ina dhiaidh sin.
25Cé atá agam ar neamh ach tú: agus ní bhíonn dúil agam in aon neach dá bhfuil ar talamh, nuair a cuirtear iad i gcosúlacht leat.
26Tá mo cholainn agus mo chroí ag teacht chun críche: ach is é Dia cumhacht mo chroí, is é mo chuid é go síoraí.
27Óir féach, beidh an dream a thréigeas tú á scrios: chuir tú ar neamhní a ndearna stríopachas id aghaidh.
28Ach is é is fearr liomsa greim daingean doscaoilte bheith agam ar Dhia, agus mo dhóchas a chur sa Tiarna Dia: agus labhairt i ngeataí iníne Shíóin ar dʼoibreacha go léir.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 73: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965