Na Sailm 65
65
Salm 65.
Te decet hymnus.
1Bítear do do mholadh, a Dhia, i Síón: agus comhlíonfar duit an mhóid in Iarúsalem.
2Is tú a éisteas leis an urnaí: is chugat a thiocfas gach fear fola agus feola.
3Tá mo mhíghníomhartha ag fáil mo bhua: ach bí trócaireach dúinn inár bpeacaí.
4Is beannaithe an fear a mbíonn tú á thoghadh agus á ghabháil chugat: cónóidh sé i do chúirt, agus sásófar é le haoibhneas do tí, le haoibhneas do theampaill naofa.
5Taispeánfaidh tú iontas dúinn id fhíréantacht, a Dhia ár slánaithe: a bhíos mar dhóchas ag críocha uile an talaimh, agus ag a bhfanann sa bhfarraige leathan.
6A mbunaíonn a neart na sléibhte: atá á chrioslú le cumhacht.
7A chiúnaíos fraoch na farraige: agus tormán a tonna, agus buile na ndaoine.
8Beidh eagla roimh do chomharthaí ar lucht áitithe críocha ciana an domhain: ós tú a thugann ar imeachta na maidine agus na nóna do mholadh a sheinm.
9Tagann tú chun an talaimh, agus beannaíonn tú é: agus déanann tú fairsing é i dtorthaí.
10Is lán dʼuisce í abhainn Dé: is léi a thugann tú ar an gcruithneacht faibhriú, ós amhlaidh a bhíonn tú ag soláthar don talamh.
11Leagann tú uisce ar a iomairí, agus cuireann tú fearthainn ina ghleanntáin: bogann tú é le braonta na fearthainne, agus beannaíonn tú a thorthaí.
12Cuireann tú barr an an mbliain le do mhaitheas: agus bíonn do néalta ag sileadh méathrais.
13Beidh siad á sileadh ar árais an fhásaigh: agus berdh lúcháir ar na cnocáin thart timpeall.
14Beidh na banracha lán de chaoirigh: agus beidh cruithneacht ar cois sna gleannta chomh tiubh go mbeifear ag gáire agus ag ceol.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 65: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965