Na Sailm 66
66
Salm 66.
Jubilate Deo.
1Bíodh áthas oraibh roimh an Tiarna, a thíortha uile: canaigí moladh in onóir a Ainme, go mba ghlórmhar agaibh a mholadh.
2Abraigí le Dia, Is iontach as cuimse mar a oibríonn tú: tabharfaidh méid do chumhachta ar do naimhde iad féin a ísliú romhat.
3Óir beidh an domhan ar fad do do adradh: beidh tú mar ábhar ag a n‑amhráin, agus beidh siad ag moladh dʼAinm.
4Tagaigí chugainn, go bhfeice sibh oibreacha Dé: agus iontas a ghníomhartha le clann Ádhaimh.
5Thiontaigh sé an mhuir ina talamh thirim: gur shiúladar de chosa tríd an uisce; ba é a chuir lúcháir orainn, an uair úd.
6Bíonn an réim ag a chumhacht i gcónaí; feiceann a shúile na náisiúin: agus an mhéid nach gcreidfidh, ní fhéadfaidh siad dul i gcéim.
7Molaigí ár nDia, a chiníocha: cluintear fuaim a mholta uaibh os ard.
8Is é a choinníos an bheatha ionainn: agus nach ligeann dár gcosa imeacht as fúinn.
9Óir is tú, a Dhia, a dʼfhéach sinn: agus dhearbhaigh tú sinn mar dearbhaítear an t‑airgeadh.
10Thug tú isteach sa dol sinn: agus chuir tú ualach buartha ar ár gcaoldroim.
11Lig tú do dhaoine marcaíocht i mullach ár gcinn: chuamar tríd an tine agus tríd an uisce, agus thug tú amach sinn in áit fhairsing.
12Rachaidh mé isteach i do theach le híobairtí loiscthe, agus comhallfaidh mé duit na móideanna sin: a gheall mé le mo bhéal, agus a chan mé le mo theanga, nuair a bhí mé i mbuaireamh.
13Beidh íobairtí méithe loiscthe, agus túis reithe, á dtoirbhirt agam duit: agus beidh bulláin agus gabhair á dtoirbhirt agam.
14Tagaigí chugam, agus tugaigí cluas, a mhuintir a mbíonn eagla oraibh roimh Dia: go n‑insí mé daoibh a ndearna sé dom anam.
15Ghlaoigh mé air le mo bhéal: agus sheinn mé a mholadh le mo theanga.
16Má bhíonn claonadh chun urchóide i mo chroí: ní éistfidh an Tiarna liom.
17Ach is amhlaidh dʼéist Dia liom: bhí aird aige ar ghlór mʼurnaí.
18Moladh le Dia nár chuir uaidh mʼachainíocha: agus nár iompaigh a thrócaire uaim.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 66: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965